Freagra tugtha ag íospartach de chuid sagart Gaeltachta ar ráiteas easpaig

Tá Máirtín Ó Gallchóir as Gort an Choirce, a d’inis a scéal ar an gclár Finné ar TG4 an tseachtain seo caite ag iarraidh bualadh le hEaspag Ráth Bhoth agus le Príomh-Cheannfort na nGardaí i nDún na nGall chun labhairt faoi fhiosrúchán nua faoi eachtraí mí-úsáid gnéis in iarthuaisceart an chontae

Freagra tugtha ag íospartach de chuid sagart Gaeltachta ar ráiteas easpaig

Máirtín Ó Gallchóir, duine de na daoine ar bhain an sagart Eugene Greene mí-úsáid ghnéis as

Tá iarrtha ag duine de na daoine a ndearna an sagart péidifileach as Gaeltacht Dhún na nGall Eugene Greene ionsaí gnéis air nuair a bhí sé óg ar Easpag Ráth Bhoth agus ar Phríomh-Cheannfort na nGardaí i nDún na nGall bualadh leis chun labhairt faoi fhiosrúchán nua a chur ar bun.

Dúirt Máirtín Ó Gallchóir as Gort an Choirce, a d’inis a scéal ar an gclár Finné ar TG4 an tseachtain seo caite, gur chóir chomh maith go gcuirfí daoine ar fionraí fad is a bheadh fiosrú á dhéanamh faoi na líomhaintí maidir le chlaonpháirtíocht agus ceilt na fírinne a tháinig chun solais sa chlár.

Tagann iarratas Uí Ghallchóir sna sála ar ráiteas Easpag Ráth Bhoth Alan McGuckian inar dhúirt sé go dtabharfadh an eaglais gach tacaíocht ab fhéidir le haon fhiosrúchán nua a chuirfí ar bun.

Dúirt an tEaspag chomh maith go mbeadh sé sásta bualadh le haon duine a raibh “ualach na mí-úsáide á iompar acu”.

Dúirt Ó Gallchóir gur rud “dearfach” a bhí sa ráiteas sin ach gur údar “bróin” dó nach ndearnadh a leithéid de ráiteas go dtí gur craoladh clár teilifíse faoin scéal.

Phléigh eagrán na seachtaine seo caite de Finnéleis an mí-úsáid gnéis a rinne Eugene Greene agus Denis McGinley, iarmhúinteoir, ar pháistí in iarthuaisceart Dhún na nGall. Thug Máirtín Ó Gallchóir agus an bleachtaire Gaeltachta a d’fhiosraigh an scéal Martin Ridge cuntas sa chlár ar na heachtraí.

Gearradh téarma 12 bliain príosúin ar Eugene Greene, a bhásaigh anuraidh, in 2000 as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar 26 buachaill idir 1965 agus 1982 i bparóistí éagsúla i nGaeltacht Dhún na nGall, ina measc Gaoth Dobhair, Cnoc Fola agus Cill Mac Greannáin.

Ag labhairt dó le Highland Radio maidin inniu dúirt Máirtín Ó Gallchóir gur theastaigh uaidh cruinniú a bheith aige leis an easpag agus leis an bpríomh-cheannfort Terry McGinn le labhairt faoi cad ba chóir a dhéanamh anois le ceart a fháil do na híobartaigh agus conas is fearr na líomhaintí i gclár na seachtaine seo caite a fhiosrú.

“Tá an cruinniú seo ag teastáil gan mhoill. Ní ar mhaithe liom féin atá seo á dhéanamh agam. Tá mé á dhéanamh do na daoine ar fad d’fhulaing mí-úsáid agus do na daoine nach bhfuil ar a gcumas labhairt amach níos mó, is iad sin na daoine a chuir lámh ina mbás féin mar gheall ar an mí-úsáid uafásach a baineadh asainn agus sinn inár ngasúir shoineanta,” arsa Máirtín Ó Gallchóir.

Labhair Máirtín Ó Gallchóir le Tuairisc.ie anuraidh faoin lorg a d’fhág an mhí-úsáid air agus faoina dhearcadh i leith lucht ceannais na heaglaise.

 

Fág freagra ar 'Freagra tugtha ag íospartach de chuid sagart Gaeltachta ar ráiteas easpaig'