Freagra tráthúil ag buachaill óg as Conamara ar lucht liostála arm Shasana…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo insítear dúinn faoin liostáil don chogadh mór i nGaillimh…

Freagra tráthúil ag buachaill óg as Conamara ar lucht liostála arm Shasana…

Ag liostáil sa gcogadh mór

Nuair a bhí an cogadh mór ar siúl san Eoraip bhí buachaill as Conamara i gCathair na Gaillimhe. Do bhí sé ag rith síos an tsráid agus chonaic sé go leor foilseachán ar na ballaí ag iarraidh ar na buachaillí óga san tír seo dul isteach in arm na Sasanach. Bhí sé ag léamh na chéad líne nuair a tháinig oifigeach suas chuige agus d’fhiafraigh sé de an raibh sé ag dul ag troid ar son na Sasanach.

“’Bhfuil mé sách ard?” arsa an buachaill?

“Tá tú,” arsa an t-oifigeach, “agus níl leithscéal ar bith ag buachaill breá láidir mar thusa gan an scilling a ghlacadh.”

Do stad an buachaill nóiméad agus dúirt sé go simplí: “Meas tú an bhfuil mé i m’amadán chomh mór sin?”

Peadar Ó Doirnín, Líonán, Conamara a fuair an scéilín seo ó Sheán Ó Laifigh (76) ar an mbaile céanna.

Fág freagra ar 'Freagra tráthúil ag buachaill óg as Conamara ar lucht liostála arm Shasana…'