Freagra ar bith ó Kyne ar cheist faoi easpa cothromaíochta don Ghaeilge ina roinn

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh bhuiséad na Gaeilge, ach níor fhreagair sé ceist faoi gan ‘cothrom na Féinne’ a bheith á thabhairt don Ghaeltacht ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Freagra ar bith ó Kyne ar cheist faoi easpa cothromaíochta don Ghaeilge ina roinn

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sásta a rá an tseachtain seo cé acu an síleann sé an bhfuil nó nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht ina roinn féin, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ba lú an céatadán de mhéadú ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ná an céatadán i gcás na rannóg eile sa Roinn i mBuiséad 2019 – 8% d’ardú a bhí i gceist i gcomparáid le nach mór 14% a do chúrsaí cultúir agus ardú 15%  do chúrsaí oidhreachta.

B’íonnan an €5 milliún breise a tugadh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin agus 13.8% den €36 milliún breise a fuair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa Bhuiséad.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pat Buckley den Aire Gaeltachta Josepha Madigan sa Dáil an tseachtain seo ar dhóigh léi go raibh “cothrom na Féinne á thabhairt aici don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do na hoileáin agus don Fhoras Teanga leis an ardú 8% atá beartaithe aici dóibh i mBuiséad 2019”.

Chuir Buckley an t-ardú sin i gcomparáid leis an ardú 14% a tugadh don chiste do chúrsaí cultúir agus an t-ardú 15% a tugadh do chúrsaí oidhreachta.

Sa bhfreagra scríofa a thug sé, níor fhreagair an tAire Stáit Seán Kyne an cheist faoi chúrsaí cothromaíochta sa roinn agus ní dúirt sé cé acu an raibh sé sásta nó nach raibh gur tugadh cothrom na Féinne don Ghaeilge sa Bhuiséad. 

Dúirt sé, áfach, go raibh “neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas” ó thaobh an chaiteachais sa réimse sin i mBuiséad 2019 agus go raibh sé “ag tnúth le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh” sna blianta atá amach romhainn.

Luaigh an tAire Stáit an t-airgead breise a cuireadh ar leataobh i mBuiséad 2019 d’Údarás an Gaeltachta, don phróiseas pleanála teanga, do scéimeanna áirithe de chuid a Roinne, d’infreastruchtúr calafoirt agus seirbhísí iompair d’oileáin Árann agus do Thoraigh.

€67.5 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019, méadú €5 milliún ar an €62.6 milliún a cuireadh ar fáil anuraidh.

Nuair a fógraíodh Buiséad 2019, cháin Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra a laghad a bhí ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ní leor an t-ardú a fógraíodh inniu sa Bhuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus níor tugadh ‘cothrom na Féinne’ do phobal na teanga, dar le Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Freagra ar bith ó Kyne ar cheist faoi easpa cothromaíochta don Ghaeilge ina roinn'

  • Cothrom na Féinne don Ghaeltacht a theastaíonn

    Ins an tuarascáil “An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027” a choimisiúnaigh an eagraíocht neamhspleách Teacht Aniar tá abairt amháin a sheasann amach.
    “Idir 2005 agus 2009 b’ionann an caiteachas caipitiúil ar an nGaeltacht agus na hOileáin agus €299 milliún. Is féidir an caiteachas seo thar ceithre bliana a chur i gcomparáid leis an €178 milliún atá geallta do na deich mbliana ó 2018 go 2027,”

    Tá an scéal níós measa ó thaobh Údaráis na Gaeltachta de. Bhí titim 70% ar an maoiniú do Údarás na Gaeltachta ó € 22.5 milliún i 2007 go € 6.68 milliún i 2017. Le linn na tréimhse céanna tháinig méadú 66% ar bhuiséad an IDA.

  • Sibéal

    Cén grúpa atá réídh chun an éagóir seo a throid?

    Semistates is ea “ceanneagraíochtaí” na Gaeilge agus iad smachtaithe ag an Státchóras faoin am seo.

    An té a íocann an píobaire a ghlaonn an port…