Freagra ar bith ar cheist Ghaeilge a cuireadh ar an Aire Airgeadais sa Seanad

Ba í an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee an t-aon Seanadóir a chuir ceist i nGaeilge ar an Aire Paschal Donohoe sa Seanad Dé Luain, ach ní bhfuair sí aon fhreagra ar a ceist faoi sheirbhísí baincéireachta i nGaeilge

Freagra ar bith ar cheist Ghaeilge a cuireadh ar an Aire Airgeadais sa Seanad

Tá polaiteoir fós ag fanacht ar fhreagra ar cheist a chuir sí ar an Aire Airgeadais sa Seanad maidir le seirbhísí baincéireachta a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Agus an tAire Paschal Donohoe os comhair an tSeanaid chun cúrsaí baincéireachta a phlé Dé Luain, d’fhiafraigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee de an raibh sé i gceist ag an Rialtas aon rud a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb atá ag lucht labhartha na Gaeilge baincéireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

“Faoi láthair, ní féidir le daoine baincéireacht a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo,”  a dúirt Clifford-Lee. “Tá sé scanrúil i ndáiríre, nuair a smaoiníonn muid ar an ról lárnach atá ag an Stát sna bainc atá timpeall na tíre. Níl na suíomhanna idirlín ná na haipeanna ar fáil trí Ghaeilge.”

Ba í an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil an t-aon pholaiteoir a chuir ceist i nGaeilge ar an Aire Donohoe ach ní dhearna sé aon tagairt do cheist Clifford-Lee agus freagraí á dtabhairt aige ar cheisteanna ó pholaiteoirí eile.

Dúirt an Seanadóir le Tuairisc.ie go raibh “díomá ollmhór” uirthi nach raibh an tAire in ann aon fhreagra a thabhairt di. Reáchtáladh an seisiún i seomra na Dála, áit a mbíonn seirbhís ateangaireachta ar fáil de ghnáth.

“Ní dhearna sé aon tagairt don mhéid a bhí le rá agam maidir le seirbhísí baincéireachta i nGaeilge,” arsa Clifford-Lee. Thug sí le fios freisin nach raibh aon teagmháil déanta léi ó shin ag comhairleoirí de chuid an Aire chun an cheist a d’ardaigh sí a phlé.

Lorraine Clifford-Lee

Mar fhreagra ar cheist a chuir Tuairisc.ie ar an Roinn Airgeadais, dúradh “Is é  comhairle na Roinne Turasóireachta, Cutúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán nach bhfuil  aon cheanglas reachtúil ar chomhlachtaí atá ag feidhmiú san earnáil tráchtála seirbhísí a sholáthar i nGaeilge dá gcustaiméirí.”

Rinne an Seanadóir féin teagmháil leis an Aire chun freagra a lorg ar a ceist, ach dúirt sí le Tuairisc.ie tráthnóna inné nach raibh aon scéal faighte ar ais aici go fóill.

Mheas Clifford-Lee go raibh sé tábhachtach go dtabharfadh an tAire Donohoe aitheantas don fhadhb a bhíonn ag lucht na Gaeilge seirbhísí baincéireachta a fháil ina rogha teanga. Dúirt sí go raibh sé “náireach” nach féidir seirbhís i nGaeilge a fháil ar líne.

Mheas Clifford-Lee nach raibh “suim dá laghad” léirithe ag na bainc an fhadhb a réiteach agus go gcaithfí anois brú a chur orthu seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

“Dúirt an tAire go bhfuil scairshealbhú ‘láidir’ ag an Stáit i bpéire de na trí bhanc. Má tá sé sin fíor, ba cheart go mbeadh siad ábalta brú a chur ar AIB agus Banc na hÉireann aip agus suíomh idirlín a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt Clifford-Lee nár cheap sí go raibh sé thar fóir seirbhís i nGaeilge a lorg.

“Níl muid ag iarraidh go mbeadh daoine le Gaeilge ag obair sna craobhacha uile ach díreach go mbeadh aip nó suíomh idirlín ar fáil i nGaeilge chun cárta a fháil nó ráitis nó pé rud atá ar fáil ar líne a fháil trí Ghaeilge.”

Mura mbeadh na bainc sásta an tseirbhís a chur ar fáil, dúirt an Seanadóir gur cheart smaoineamh ar bhanc pobail a bhunú chun freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.

Agus é ag labhairt sa Seanad Dé Luain, d’aontaigh Barry Ward, Seanadóir de chuid Fhine Gael, go raibh sé tábhachtach go gcuirfí seirbhís i nGaeilge ar fáil dóibh siúd a bhí á hiarraidh.

Fág freagra ar 'Freagra ar bith ar cheist Ghaeilge a cuireadh ar an Aire Airgeadais sa Seanad'

  • Ciarán

    An aird go léir ar sheirbhísí shiombalach ar bhonn náisiúnta agus an thóin ag titim as a chéile sa ceantair ina mhaireann na cainteoirí dúchais deireanach, agus neamhaird déanta ag an Rialtas maidir leis na fiche leathanach de moltaí a rinneadh sa staidéar cuimsitheach (seachas péire díobh).

    Íde-eolaíoch seachas eolaíocht. I bhfeidhm bánú na Gaeilgeoirí as na Gaeltachta agus ag moladh níos mó stádas oifigiúilacht don teanga ag an am céanna.