Freagra ag Campbell ar litir ghearáin faoi ‘Curry my yoghurt’

Deir Peter Robinson gur ‘gá’ cultúr saibhir na Gaeilge a chosaint ach tá sé ag seasamh le Campbell

Screen Shot 2014-12-03 at 18.46.50
Pictiúr: Niall Ó Donnaghaile/Twitter

Tá freagra tugtha ag an gComhalta Gregory Campbell MLA ar an achainí a chuir daltaí Choláiste Feirste faoi bhráid chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite.

Bhronn ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó Choláiste Feirste, Gaelcholáiste i mBéal Feirste, litir ar chomhaltaí Stormont ina léiríodh a ndíoma i leith “na n-ionsaithe is déanaí ar an Ghaeilge” ó Ghregory Campbell ón DUP.

Ghabh an Comhalta buíochas le príomhoide na scoile, Mícheál Mac Giolla Ghunna (“Mr Ghunna” a  tugadh air sa litir) as na litreacha a sheol na daltaí chuige sular mhínigh sé a chás.

Scríobh an MLA gur mór an masla é an Ghaeilge a labhairt i gComhthionól Stormont mar gur beag duine a thuigeann a bhfuil a rá nuair a dhéantar amhlaidh, bíodh siad ag éisteacht sa chomhthionól féin nó sa ag ag an mbaile. “It is most disrespecful to continue doing this when everyone else cannot understand what is being said. I have raised this on previous occasions,” a scríobhann Campbell.

Peter Robinson. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Peter Robinson. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Mhaígh an Comhalta Campbell freisin nach labhraíonn comhaltaí na hAlban agus na Breataine Bige a bhfuil a dteangacha dúchais ar a dtoil acu na teangacha sin i bPairlimint na Breataine Móire ag Westminster. Luaigh sé freisin nach labhraíonn formhór de Theachtaí Dála na hÉireann an Ghaeilge agus iad i mbun cainte sa Dáil.

“Is it because those Scots and Welsh MP’s (sic) don’t see their second language as a cultural weapon while Sinn Fein (sic) do?” a d’fhiafraigh sé den phríomhoide.

Dúirt Campbell gur ag tacú leis a bhí 98%-99% den chomhfhreagras atá faighte aige faoin ‘scigaithris’ a rinne sé ar an nGaeilge le déanaí. Timpeall míle teachtaireacht a fuair sé faoin gconspóid, a dúirt sé.

Idir an dá linn dúirt Peter Robinson, Céad-Aire  Thuaisceart Éireann, sa Chomhthionól  an tseachtain seo caite gur ‘gá’ cultúr agus saibhreas na Gaeilge ‘a chosaint’.

Bhí ceannaire an DUP ag freagairt ceisteanna parlaiminte faoin gconspóid a lean an ‘scigaithris’ a rinne a chomhghleacaí Gregory Campbell ar an nGaeilge le déanaí.

Ag tagairt dó do thuairiscí faoi bhagairtí a bheith déanta ar Campbell i bhfianaise a ionsaithe ar an nGaeilge, dúirt Robinson gur dhóigh leis “that the culprit is someone who perhaps could not care less about the Irish language except for using it for political purposes.”

Dúirt sé go raibh stair na Gaeilge fréamhaithe sa tradisiún Preispitéireach in Éirinn agus go raibh ‘onóir’ ag baint leis an gceart atá ag daoine an Ghaeilge a chur chun cinn agus a labhairt.

“It is a perfectly honourable entitlement for anyone to advance the Irish language and speak it. Of course, we respect those who do.”

“We really need to separate and recognise the difference between support for the Irish language and those who want to use the Irish language for political purposes.”

Dhíultaigh Robinson, áfach, cáineadh a dhéanamh ar ‘scigaithris’ Campbell nó iarraidh air a ráiteas a tharraingt siar.

Dúirt sé go raibh Campbell ag magadh faoi dhaoine a úsáideann an teanga mar uirlis pholaitiúil agus ní faoi dhaoine atá ‘dáiríre’ faoi labhairt na Gaeilge.

“I have known Gregory Campbell for decades, and I know his dry sense of humour as well,” a dúirt Robinson.

Thug ceannaire an DUP le fios go raibh a thacaíocht ag lucht labhartha na Gaeilge, ach bhí aguisín leis an tacaíocht sin.

“I am fully supportive of those who enjoy speaking the Irish language, its richness and the culture surrounding it. They must be protected. However, when it starts to get drawn into the political realm, we start to undermine and dilute the importance of the language,” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Freagra ag Campbell ar litir ghearáin faoi ‘Curry my yoghurt’'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Bréaga glan ag Gregory san litir sin. Breis is míle teachtaireachtaí faighte aige ag tacú leis an méid a duirt sé? Agus is ionann sin 98% den t-iomlán? Ní féidir go bhfuair sé an achainí le breis is míle duine ag cáineadh an méid a duirt sé mar sin.