Fothracha Bhaile Átha an Rí agus an dá Éire

Ag taisteal thart di sular bhuail na srianta muid thug ár gcolúnaí faoi deara go bhfuil dhá Éire ann

Fothracha Bhaile Átha an Rí agus an dá Éire

Ar na ceannlínte nuachta tamall ó shin, fógraíodh go raibh ‘Cúlú Eacnamaíochta’ go hoifigiúil in Éirinn anois. Ach níos  deireanaí sa bhfeasachán nuachta, fuaireamar amach go raibh an teacht isteach ó cháin níb airde ná mar a bí súil leis.

Le gairid, chualamar go raibh an teacht isteach ó cháin imithe suas arís, thar an méid a raibh súil leis – idir cháin ioncaim agus cháin chorparáide.

Mura n-éisteofá ach leis na ceannlínte loma go minic, shílfeá go raibh an tír ag titim as a chéile agus nach raibh aon súil le teacht aniar.

Tá na figiúirí dífhostaíochta go dona, siúráilte, ach tá riar mór daoine ag obair. Tá cuid mhaith acu sa tseirbhís phoiblí, ach tá slua mór daoine ag obair chomh maith in Éirinn, i gcomhlachtaí príobháideacha atá ag déanamh go hiontach maith, fiú agus formhór an lucht oibre ag obair ón mbaile.

Glacaim leis gurb iad na tionscail ‘tech’ agus ‘pharma’ na comhlachtaí is fearr atá ag déanamh go maith agus b’fhéidir i  gcás an ‘pharma,’ ag déanamh brabúis fiú as an bpaindéim.

Bhíodh ceist sna scrúduithe scoile go minic agus mise ag dul ag an mbunscoil, cérbh iad  na tionscail a bhí i mbailte éagsúla? Bhí cáil ar Dhún Dealgan, mar shampla, i ngeall ar thionscal na mbróg agus na mbuataisí. Bhí cáil ar bhailte eile i ngeall ar mhonarcha bagúin, nó a leithéid. Má bhí tú i sáinn agus gan tionscal ar bith ar eolas agat i mbaile éigin, ba mhaith an mhaise duit é dul sa seans le ‘baile margaidh’.

Ag taisteal thart dom, sular bhuail na srianta muid, thug mé faoi deara go bhfuil dhá Éire anois ann. Maidir leis an gceist ar na scrúduithe cuid de na bailte tuaithe anois in Éirinn ní ann don mhargadh féin níos mó iontu. Agus is fada ó ghlan na déantóirí buataisí agus bróga leo go tíortha a bhfuil pá níos ísle le n-íoc leis  an bhfoireann oibre iontu.

Mar sin, seasann  bailte áirithe amach. Agus tú ag dul tríd an Muileann gCearr mar shampla, tugann tú faoi deara ar an bpointe go bhfuil níos mó le feiceáil ann seachas dealbh Joe Dolan.

Níl a fhios cé mhéid caifé álainn, bialann orgánach, agus siopa faisin ar ardchaighdeán atá le tabhairt faoi deara ann. Nuair a sheas mé i gceann de na siopaí faisin i rith an tsamhraidh (ar son an taighde, tá’s agat), bhí an t-úinéir ag fáil réidh le cuairt a thabhairt ar Chicago.

‘Ach nach mbeidh ort féin-leithlisiú a dhéanamh nuair a bheas tú thall?’ arsa mise.

‘Níl aon deacracht agam leis sin,’ a d’fhreagair sí. ‘Tá ‘m’fhear chéile thall ag obair agus tá ár dteach féin againn cois locha ann.’

Agus bhí sí sásta an féinleithlisiú a dhéanamh arís ar theacht abhaile di. Ba léir go raibh neart airgid ag daoine thart ar an mbaile. Ní raibh a cuid custaiméirí siúd taobh le hioncam seachtainiúil ó mhonarcha bagúin.

Ach bhí bailte eile i lár agus in iarthar na hÉireann a bhí i ndroch-chaoi ceart. Scríobh mé anseo i rith an tsamhraidh faoin riocht ina bhfuil Coillte Mach, i gContae Mhaigh Eo.

Sheas mé ar mo bhealach aniar i mBaile Átha an Rí. Ag iarraidh na sluaite sna garáistí ar an mótarbhealach a sheachaint a bhí mé. Ar son na sábháilteachta, shocraigh mé picnic a ghlacadh ar imeall an bhaile.

An chéad rud a thug mé faoi deara i mBaile Átha an Rí ná an méid fothracha atá thart ar an mbaile. Ach faraor ní iarsmaí stairiúla iad ar fad. Pháirceáil mé gar do Phrióireacht na nDoiminiceach.

Cromail a rinne cuid mhaith den dochar ansin sna 1650idí ach bhí an-chuid damáiste déanta céad bliain roimhe sin i gcogaíocht Mhic an Iarla. Tá caisleán ar an mbaile ó 1240. Agus tá cuid de na ballaí cosanta is fearr sa tír thart timpeall an bhaile fós. Léiríonn siad cé chomh daingean is a bhí an baile seo uair amháin agus cén tábhacht straitéiseach a bhain leis.

Agus mo cheapaire ite agam shiúil mé suas an baile. Ní raibh oscailte ach siopa crua-earraí.

Ní raibh le feiceáil ar chaon taobh den tsráid, ach siopaí dúnta, rian de sheansiopaí, nó bearnaí móra san áit a raibh gnó brabúsúil uair amháin.

Ba chuimhneach liom ansin gur chuir daoine i mBaile Átha an Rí in aghaidh an tionscail mhór faisnéise a theastaigh ón gcomhlacht Apple a bhunú ann. Chuaigh an cás ar aghaidh ar feadh roinnt blianta – baicle bheag daoine ag cur ina choinne agus lucht fiontraíochta, polaitíochta agus tionsclaíochta ar an mbaile ag iarraidh é a chur chun cinn.

Ar deireadh, faoin am ar shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh cead ag Apple dul ar aghaidh leis an togra, bhí spéis caillte acu ann agus an fhorbairt cealaithe.

D’fhan mé i scuaine sa siopa crua-earraí go bhfiosróinn faoin gcathaoir ‘stiúrthóra’ a bhí ar taispeáint taobh amuigh den phríomhdhoras. Ní raibh fágtha ach ceann amháin. Cheannaigh mé ar €15 euro í.

Anois, agus nuair a bhím ag suí i mo chathaoir ag mo chuid picnicí go léir, mar a bheas muid ar fad go ceann tamaill, cuimhním ar an mbaile sin.

Cuimhneoidh mé ar na gnóthaí a thiocfadh ag sodar i ndiaidh Apple, na bialanna , na caiféanna, na siopaí deasa éadaí.

Ní tharlóidh sin anois. Ach b’fhéidir go dtiocfaidh dream eile ag cónaí ar an mbaile. Na mílte daoine óga atá ag obair sna tionscail ‘ tech’ agus a bhfuil cead acu anois, oibriú ón mbaile,  b’fhéidir go dtabharfaidh siad a n-aghaidh siar thar an tSionainn agus thar Abhainn an Chláirín.

Tá mé cinnte go bhfuil tithe ar phraghas réasúnta le fáil gar do na fothracha a d’fhág Cromail ina dhiaidh ceithre chéad bliain ó shin.

Ach meabhraím dom féin nach mbeadh ann do na tionscail mhóra ‘tech’ agus Pharma sin i mBaile Átha Cliath agus i mbailte eile  gan obair na ndaoine san IDA agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha a thug anseo iad sular smaoinigh éinne ar chur ina gcoinne.

Is fada go dtiocfaidh turasóirí eachtrannacha chugainn arís chun breathnú ar ár bhfoirgnimh stairiúla, ag cur a gcuid dollar isteach in eacnamaíocht na hÉireann.

Is infheistíocht de chineál eile ar fad atá ar bun acu anois. Agus muid buíoch- cuid againn- as an méid sin.

Fág freagra ar 'Fothracha Bhaile Átha an Rí agus an dá Éire'