Ceist na bhfotheideal ‘ar bharr an chláir oibre’ ag TG4

Tá feachtas ar siúl in Albain mar go bhfuiltear míshásta faoi 'ró-úsáid' an Bhéarla ar BBC Alba agus tá ceist na bhfotheideal ar TG4 “ar bharr an chláir oibre” anseo, a deir Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4

subtitles

Tá sé deimhnithe ag Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4 Pádhraic Ó Ciardha do Tuairisc.ie go bhfuil réiteach á lorg ag an tseirbhís teilifíse ar cheisteanna a bhaineann le húsáid fotheideal ar chláracha an stáisiúin.

Idir an dá linn, dúirt Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus bean a bhí lárnach san fheachtas ar son Teilifís na Gaeilge le Tuairisc.ie  go gcaithfí a chur in iúl go láidir do bhainistíócht TG4 nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta leis an méid Béarla a bhíonn ar TG4.

Tá feachtas faoi lánseol in Albain faoi láthair chun úsáid na Gáidhlig ar BBC Alba a láidriú.

Chuir an t-eagras Gáidhlig-TV litir chuig cathaoirleach BBC Alba, Magaidh Choineagan, a cháin ró-úsáid an Bhéarla agus fotheidil Bhéarla ar an tseirbhís sin.

“Tá rogha níos fearr ann. Caithfimid an deis seirbhís fhoirfe teilifíseáin a thabhairt do na Gaeil,” a scríobhadh sa litir ar chuir cúigear déag a n-ainm léi an tseachtain seo caite.

Dúirt Pádhraic Ó Ciardha le Tuairisc.ie gur mar gheall ar dheacrachtaí leis na hardáin dhifriúla teilifíse atá in Éirinn – Sky, UPC, Saorview agus eile – nach raibh fotheidil ar fáil i nGaeilge go fóill ar TG4, ach go rabhthas ag obair ar réiteach a fháil ar an scéal.

“Ní oibríonn siad uilig ar an gcóras céanna. Dá mbeadh sé ag obair ar chóras UPC, ní oibreodh sé ar Saorview mar shampla.

“Tá sé ar bharr an chláir oibre ach go dtí go mbeidh réiteach ar an bhfadhb againn, ní bheidh muid in ann an tseirbhís a chur ar fáil do chuile dhuine,” a mhínigh an tUasal Ó Ciardha do Tuairisc.ie.

Níl a leithéid d’fheachtas is atá ar bun ag Gáidhlig-TV ar bun in Éirinn agus dúirt Íte Ní Chionnaith go gcaithfí a bheith airdeallach faoin gcur chuige a bheadh ag aon fheachtas dá leithéid a bhunófaí anseo.

“Bhí sé chomh deacair sin orainn TG4 a bhaint amach. Throid muid ar feadh 30 bliain chun stáisiún Gaeilge a bhaint amach. Tá an stáisiún an-ghar do mo chroí, ach is dóigh liom gur gá dúinn dul i bhfeidhm ar an lucht bainistíochta ar bhealach láidir chun a chur in iúl dóibh nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta leis an méid Béarla a bhíonn ar TG4.

“Conas a láimhseálfaí é? Níl a fhios agam, ach an rud is dóigh liom ná gur ón taobh istigh a chaithfí é a dhéanamh seachas feachtas mór poiblí a tharraingeodh aird na ndaoine atá naimhdeach do TG4 ar aon chaoi; is dóigh go gcaithfear a bheith an-chúramach faoi sin,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Labhair an Dr Eithne O’Connell ó Scoil na dTeangacha Feidhmeach agus Léann Idirchultúir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí ar an meon ‘ceart dom, ceart duit’ atá ag lucht na Gaeilge faoi cheist na bhfotheideal ar TG4.

Dúirt sí nach raibh fotheidil Ghaeilge ar TG4 nuair a bunaíodh é, nach bhfuil fotheidil Ghaeilge anois air, agus go raibh an chosúlacht ar an scéal nach gcuirfear fotheidil Ghaeilge ar fáil.

“Cén fáth a bhfuil tús áite tugtha d’fhotheidil Bhéarla in áit fotheidil Ghaeilge ar TG4? Go háirithe ó tharla gur ar mhaithe le cur chun cinn agus forbairt na teanga agus an chultúir atá sé. Maítear ina cháipéisíocht féin go bhfreastalóidh sé orthu siúd arb í an Ghaeilge a gcéad teanga….ach is iad seo an dream is lú bhfuil an freastal  á dhéanamh orthu ó bunaíodh an stáisiún,” a dúirt an Dr O’Connell.

Fág freagra ar 'Ceist na bhfotheideal ‘ar bharr an chláir oibre’ ag TG4'

  • Feardorcha

    Is dóigh liom gur chuir ceist na bhfotheieal iontas ar mhuintir na Gaeilge (spriocghrúpa an stáisiúin?) ón gcéad lá.
    Cén fáth go mbeadh ainniseoir bocht éigin suite sa Spidéal ag cur droch-Bhéarla ar speabhraídí Mháirtín Tom Sheáinín nó Pháidí Ó Lionáird. Cén tairbhe ar domhan é sin d’éinne?
    Cloistear an seanscéal céanna faoi fhoghlaimeoirí blah blah blah ach cén fáth mar sin nach bhfuil achoimre beag deas Béarla tar éis gach alt ar thuairisc.ie? Nach é an prionsabal ceannann céanna é.

  • Rg

    Cuideodh fotheidil Ghaeilge ar TG4 le lucht foghlamtha an teanga, sílim, agus le daoine eile freisin.

  • Poraic O'hEipicín

    Ba cóir fótheidil as Gaeilge a bheith ar cláraca ar Tg4 ar nós Rós na Rún, agus cláraca éile nach iad.
    Agus Ná bac lé fotheidil as Béarla.
    Mise lé meas,
    Poraic O’hEipicín.

  • fear_cantalach

    Ach an bhfuil tada eile lé plé agaí ach cursaí Gaeilge seasta síoraí? Shílfeá go mbeadh nuacht ceart agaí seachas Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge i gconaí? Tá sibh chomh dona le Nuacht TG4. Ní iontas ar bith go bhfuil an ghráin ar phobal na Gaeilge https://www.thejournal.ie/phoneshow-bai-ruling-2075152-Apr2015/

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní dheineann freagra TG4 aon chiall. Má oibríonn fotheidil i mBéarla de chuid TG4 ar na córais eile, cad na thaobh ná oibreodh fotheidil i nGaeilge? Ábhairín cosúil le gearán Ray D’Arcy faoin Nuacht i lár a chláir thráthnóna, agus gan faic le rá aige faoina News Headlines x 2, móide roinnt briseadh d’fhógraí.