Tá fotheidil Ghaeilge curtha ag Netflix le ceann dá gcláir den chéad uair.
D’fhógair an tseirbhís sruthaithe is mó ar domhan tráthnóna go bhfuil fotheidil Ghaeilge ar fáil don tsraith nua House of Guinness, dráma faoi mhuintir Guinness agus a gcomhlacht dí a bhain cáil amach ar fud an domhain.
Steven Knight, a chruthaigh Peaky Blinders, a rinne House of Guinness, agus dúirt sé gur údar áthais dó go mbeidh an rogha ag daoine féachaint ar a shraith nua le fotheidil Ghaeilge.
“Tá an-áthas orm go bhfuil House of Guinness ar fáil don lucht féachana le fotheidil Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ina cuid chomh tábhachtach sin de chultúr agus d’fhéiniúlacht na tíre, agus bealach é an tsraith a chur ar fáil mar seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht sin agus chun freastal ar an lucht féachana sin ar fearr leo a bheith ag féachaint [ar chláir] i nGaeilge.”

Dúirt Netflix go bhfuil na fotheidil Ghaeilge curtha le House of Guinness acu mar chuid dá soláthar dá síntiúsóirí in Éirinn agus dá dtacaíocht d’earnáil scannánaíochta na hÉireann. Dúirt siad gur in Éirinn a taifeadadh cuid de na cláir is mó iomrá ar an tseirbhís, Wednesday, Vikings: Valhalla agus Grown Ups.
Tá roinnt Gaeilge le cloisteáil i House of Guinness agus tá ceol le KNEECAP ar an bhfuaimrian chomh maith.
jp
Tá scannáin Spongebob ar an ardán le fada agus idir dhubáil agus fhotheidil i nGaeilge ar fáil.
CLODAGH
LOVE IT 😝👌 Beidh inclusivity an mhaith🙈🙈🙈 Maith thu Netflix 💁💁
Podge
Truly brilliant. A masterclass in writing as Gaeilge. Sin é dochreidte. 🥇