Fotheidil Bhéarla TG4 – an dearcadh ó Mhoscó na Rúise

Más í an Ghaeilge an tosaíocht acu, is fiú do TG4 leigheas a fháil ar scéal na bhfotheideal agus córas roghnach a thabhairt isteach in áit na bhfotheideal dóghreanta, a deir duine dá lucht féachana, léachtóir ollscoile sa Rúis

Subtitles

Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhoscó mé agus ba mhaith liom mo thuairim a nochtadh mar gheall ar na fotheidil dhóghreanta ar TG4. Scríobh Alex Hijmans alt ar Tuairisc.ie faoi na fotheidil seo inar chuir sé fáilte rompu agus é ráite aige gur chuidigh a leithéid d’fhotheidil Ísilitírise leis Béarla a fhoghlaim agus é ag fás aníos. Ceapaim go bhfuil Alex Hijmans ag déanamh faillí ar roinnt rudaí. Ach an oiread le halt Alex Hijmans a bhí bunaithe ar a thaithí siúd, tá na tuairimí atá thíos, bunaithe ar mo thaithí féin.

I dtús báire, má tá stádas láidir ag teanga mar atá ag an mBéarla tá spreagadh agat, ní an teanga sin a fhoghlaim, b’fhéidir, ach ar a laghad aird a thabhairt uirthi. Ach má tá stádas lag ag teanga, mar atá ag an nGaeilge, níl aon spreagadh dá leithéid ann.

Is mar gheall ar stádas an Bhéarla go gcuidíonn fotheidil in Ísiltíris le muinitr na hÍsiltíre eolas áirithe a chur ar an mBéarla (nó ar an nGearmáinis, nó ar an Spáinis srl.)

An fáth nach gcuidíonn fotheidil i nGaeilge le muintir na hÉireann eolas níos fearr a chur ar an nGaeilge? Níl an stádas céanna ag an nGaeilge agus níl an spreagadh céanna i gceist dá bharr.

Más foghlaimeoir ag leibhéal íseal thú, cuidíonn na fotheidil leat toisc do scileanna cluastuisceana a bheith chomh lag sin fós. Ní éiríonn leat ach roinnt focal a thuiscint ach tugann na fotheidil comhthéacs duit agus tá a fhios ag an saol cé chomh tábhachtach agus atá comhthéacs ag duine leis an méid atá á rá a thuiscint.

Is féidir leis an mbunfhoghlaimeoir freisin focail nua a phiocadh suas nuair a a éiríonn leis ceangal a dhéanamh idir na fotheidil agus na focail a chloiseann sé. Mar sin, ní bac iad na fotheidil ag an leibhéal seo toisc go bhfuil an méid atá ar eolas ag an bhfoghlaimeoir chomh teoranta sin agus gur ag brath ar na fotheidil den chuid is mó atá sé ar aon chaoi. Mar sin féin, éireoidh leis rud nó dhó a fhoghlaim.

Ach bíonn cluastuiscint mhaith ag an bhfoghlaimeoir ardleibhéil agus níl na fotheidil ag teastáil uaidh leis an gcuid is mó den ábhar a thuiscint. An fhadhb atá ann, má bhíonn na fotheidil le léamh tarraingeoidh siad aird an fhoghlameora agus ní éireoidh leis a scileanna cluastuisceana a chleachtadh. Níos measa ná sin airíonn sé nach bhfuil ar a chumas an chaint a thuiscint agus tagann lagmhisneach air. Mar sin, tá na fotheidil ina gconstaic ag an bhfoghlaimeoir atá ar leibhéal ard cumais.

Nuair a bhí mise ag foghlaim na Gaeilge agus mé fós ag leibhéal íseal, ba mhór an chabhair cláracha TG4 dom.

Ach anois bíonn orm píosa páipéir a ghreamú de bhun an scáileáin nó rud éigin a chur os a chomhair leis an méid atá á rá a thuiscint.

Níl stádas lag ag an Ísiltíris san Ísiltír, ach tá ag an nGaeilge in Éirinn. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais, rud a tharlaíonn coitianta agus TG4 á phlé. Caithfidh an stáisiún sin freastal ar na cainteoirí dúchais. Níl aon dabht faoi sin. Seile san éadan orthu a bheadh ina leithéid de dhearmad.

Tá cainteoirí dúchais ann a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus ní dhéanfaidh na fotheidil Bhéarla dhóghreanta mórán dochair dóibh. Ach ná bíodh aon amhras ort go mbíonn siadsan ag léamh na bhfotheideal freisin, beag beann ar a leibhéal líofachta Gaeilge.

Is í an Rúisis mo theanga dhúchais agus bím ag breathnú ar scannáin i mBéarla agus fotheidil i Rúisis leo agus bím ag léamh na bhfotheideal ar aon chaoi. Bíonn orm smacht a choinneáil orm féin gan é a dhéanamh.

Is rud cognaíoch é, is ionann an méid a fheiceann muid agus ár bpríomhchainéal eolais. Agus má tá an t-eolas ag teacht chugainn mar théacs fágann an t-eolas sin an méid a chloistear in áit na leathphingine.

Agus tá cainteoirí dúchais eile ann, daoine óga den chuid is mó, nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin acu. Má bhíonn na fotheidil Bhéarla ann ní bhíonn na cainteoirí óga Gaeilge seo ag éisteacht leis an nGaeilge, ná ní bhíonn siad ag cleachtadh a gcuid scileanna cluastuisceana nó ag cur lena saibhreas teanga. Beag an baol.

Agus muid ag plé cheist na bhfotheideal in Éirinn faillí is ea é a bheith ag déanamh comparáide idir cásanna ina bhfuil an dá theanga, teanga an chláir teilifíse agus teanga na bhfotheideal, ina dteangacha láidre.

I gcomhthéacs na hÉireann déanann fotheidil dhóghreanta ar chláir Ghaeilge níos mó dochair ná sochair. Cuidíonn siad le daoine ar bheagán Gaeilge agus déanann siad freastal maith ar dhaoine gan Gaeilge ar bith. Ach ní bhaineann foghlaimeoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu an leas céanna as cláir TG4 is a bhainfidís astu dá mbeadh siad in ann na fotheidil a mhúchadh agus déanann na fotheidil dhóghreanta dochar ceart do Ghaeilge na gcainteoirí dúchais nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir acu, b’fhéidir, is a bhí ag a muintir.

Anuas air sin cuireann na fotheidil isteach ar na cláracha féin mar gheall ar cé chomh mór is atá siad, mar gur minic leo a bheith i lár an scáileáin agus mar gheall ar an gcúlra dubh ar a bhfuil siad scríofa. Ní féidir fáil réidh leo agus tá an pictiúr millte acu. Déanann na fotheidil dochar don ghné ealaíonta de chláracha TG4, ceann de mhórbhuanna an stáisiúin.

Is i gclár faoi bhusanna a bhí an dá phictiúr seo. Ach is ar éigean gur féidir feithicil ar bith a fheiceáil taobh thiar de na fotheidil!

Subtitle 2

Subtitle 1

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine atá ag obair le TG4 agus do na daoine a dhéanann na scannáin agus cláracha iontacha dó. Ach ba mhaith liom iarraidh ar lucht bainistíochta an chainéil athmhachnamh a dhéanamh ar na tosaíochtaí atá acu, ar na rudaí a gcreideann siad a bhfuil fiúntas leo. Más tosaíocht acu an Ghaeilge– is fiú leigheas a fháil ar an scéal agus córas roghnach fotheideal a thabhairt isteach in áit na bhfotheideal dóghreanta.

– Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Stáit Lomonosov Mhoscó é Victor Bayda

Fág freagra ar 'Fotheidil Bhéarla TG4 – an dearcadh ó Mhoscó na Rúise'

  • Eoghan ONeill

    Níl a fhios agam an bhfuil an rogha sin ar na fo-theideal in-déanta don lucht féachana ach más feidir b’fhiú go maith í a chur ar fáil ( is dócha gur smart-tele a bheadh de dhith fána choinne) . Poinntí maithe déanta agan údar thuas.

  • Aengus Finnegan

    An-alt.

  • padraig

    Tagaim leat go huile is go hiomlán agus ba cheart an t-alt iontach, críochnúil, domhaintuisceanach seo – atá scríte gan cháim ag eachtrannach eile a d’fhoghlaim an teanga – a sheoladh chuig bainistíocht TG4 gan mhoill. Míle buíochas leat.

  • Larry Phelan

    an ceart ar fad aige.

  • Pádraig

    Alt iontach. Ceann dos na altanna is fearr a léigh mé riamh ar an suíomh seo . Go beannaigh Dia tú agus do chuid Gaoluinne iontach. Táim ceithre bhliana déag d’aois só d’fhéadfá rá go bhfuilim mar ceann dos ‘na cainteoirí óga Gaeilge”, agus cé go bhfuil Gaoluinn líofa agam ach fós féin bím ag léamh na fotheideal , Cén fá ? mar go bhfuilid ann agus tá sé deacair neamhard a thabhairt orthu.