
Seans go ndéanaimid uilig é nuair a fheileann sé dúinn, ár mbrí féin a bhaint as focal. Nó focal a úsáid chun brí a cheilt . Ag Humptaí Dumptaí is fearr a bhí sé. É ina shuí ar an mballa ard, cúng ag fógairt ar Alice gurb í an chiall a roghnaigh seisean a bhí ag cibé focal a thiocfadh as a bhéal (‘when I use a word it means just what I choose it to mean — neither more nor less’).
Cúis imris nó údar buartha é ar bhonn pearsanta nuair a dhéanann gnáthdhuine ionramháil ar fhocail ach is annamh a bhíonn impleachtaí thairis sin aige. Cé againn nár dhúirt rudaí ar bhealach áirithe agus a fhios againn go maith go mbainfí brí seachas an fhírinne as?
Scéal eile é sa saol poiblí. Is iomaí polaiteoir abhus a bhíonn ag fógairt ó bhalla ard, cúng a leagan siúd d’ábhar doshéanta, dar leis/léi. Fuair Humptaí amach go raibh sé contúirteach titim de bhalla ard. Níl mórán de chosúlacht air go bhfuil beirt bhan chumhachtacha Thuaisceart Éireann buartha faoina seasamh ar thalamh ard. Tá sé de nós ag Theresa Villiers, Státrúnaí na Breataine ráitis a fhógairt go lom amhail is gur leor sin chun a chruthú go raibh an ceart aici. Cleachtann an Chéad Aire, Arlene Foster an cur chuige céanna.
Tá sainmhíniú ar théarmaí áirithe ina chnámh spairne abhus le fada, go háirithe cé atá ‘i dteideal’ a bheith aitheanta mar íobartach. Le déanaí treisíodh ar an argóint sin i bhfianaise na faisnéise faoi chlaonpháirteachas fhórsaí an stáit le paraimíleataigh. Tá an sainmhíniú i bhfad ró-uileghabhálach, dar le haontachtaithe agus is frith-insint dhíobhálach é, dar leis an Státrúnaí Villiers.
Nuair a thuairisc Ombudsman na bPóilíní, an Dochtúir Michael Maguire an tseachtain seo caite go raibh baill den RUC claonpháirteach leis an UVF san ionsaí i Loch an Oileáin i 1994, d’éiligh gaolta na marbh leithscéal ón Státrúnaí Villiers. Ghoill sí go mór ar na híobartaigh ceithre mhí ó shin nuair a rinne sí beag is fiú de na líomhaintí faoi chlaonpháirteachas .
Dúirt sí, tráth a raibh an tOmbudsman fós i mbun fiosraithe, gurb iad an UVF amháin a mharaigh seisear agus a ghortaigh cúigear agus nárbh iad na póilíní, an tArm ná na seirbhísí slándála. Óráid mhór ag cosaint an stáit ab ea í. Mhaígh sí gur iarracht chun freagracht as sceimhle a aistriú ó pharaimíleataigh chuig an stát a bhí taobh thiar de líomhaintí chlaonpháirteachais. Dhiúltaigh sí leithscéal a ghabháil le muintir Loch an Oileáin, gan le rá aici faoi thuairisc an Ombudsman ach go gcaithfí an dlí a chur i bhfeidhm in aghaidh ciontóirí.
Tá a cur chuige mar a chéile i leith an reifrinn faoi Bhreatimeacht as an Aontas Eorpach. Is é leas Thuaisceart Éireann imeacht as an Aontas, a deir sí. Conas? Mar go mbeadh ceannas daonlathach ag an Ríocht Aontaithe ar a dlíthe féin agus nach mbeadh an Chúirt Eorpach in ann a cinntí a chur ar neamhní, ar sí. Maidir leis an teorainn, ní bheadh athrú ar bith ansin. A fianaise? Bhí a fhios aici go ngníomhaíonn tíortha ar mhaithe leo féin. Bí ag caint ar Humptaí.
Bhí a fhios sular toghadh Arlene Foster ina Céad Aire gur bhean í a bhí daingean, dearfach faoina tuairimí. Tá sise an-tógtha le hinsintí ar an stair. Ar ndóigh tá údar aici, cloiseann sí chuile lá faoin éacht dearfach a rinne Sinn Féin ar mhaithe le síocháin amhail is nach raibh baint ná páirt ag éinne acu leis an ár. Ní ghlacfaidh sí leis an leagan contráilte de stair na dTrioblóidí, a deir sí arís agus arís eile. Níl aon locht air sin ach cén leagan atá aicise?
Geallann sí go seasta síoraí go gcosnóidh sí na híobartaigh neamhchiontacha. Ach mar chuid den chosaint seo, cheil sí maoiniú le haghaidh ionchoisní agus bhí sí bródúil as a ndúirt sí ar an teilifís. Níl ceart agus cóir dlite d’íobartach ar bith mar sin ach an té a ndeir Arlene Foster gur duine neamhchiontach é. Rogha Arlene de bhrí an fhocail.
Chonacthas sampla eile uaithi cúpla la ó shin. Gan a dhul i bhfad leis mar scéal tharraing sí oiread fonóide is a thuill sí fearg nuair a d’fhógair sí ar Twitter, agus í ag brú an teidil oifigiúil Northern Ireland ar dhaoine, nach raibh a leithéid d’áit ann agus an Tuaisceart.
Fág freagra ar 'Foster & Villiers agus Humptaí Dumptaí'