‘Ní ghlacfar le haon bhréagmhaidneachan eile’ – an Ghaeilge i lár an aonaigh in Stormont

Tá sé ina imní go bhféadfadh próiseas ainmniúcháin airí nua in Stormont an feidhmeannas a chur i mbaol

‘Ní ghlacfar le haon bhréagmhaidneachan eile’ – an Ghaeilge i lár an aonaigh in Stormont

Dúirt LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann Michelle O’Neill nach bhféadfadh aon “bhréagmhaidneachan” eile a bheith ann maidir leis an reachtaíocht teanga.

Dúirt ceannasaí Shinn Féin sa Tuaisceart go gcaithfí an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach sa tréimhse tionóil seo.

Nuair a fiafraíodh di in Stormont an raibh seans ann go ndiúltódh Sinn Féin leaschéad-aire a ainmniú mura bhfaighfí gealltanas faoin reachtaíocht, dúirt O’Neill go raibh a páirtí “tiomanta” do roinnt na cumhachta.

Agus ceannaire nua an DUP Edwin Poots ar tí a bhinse tosaigh a fhógairt, meastar go bhféadfadh Sinn Féin leas a bhaint as an bpróiseas ainmniúcháin chun gealltanais a fháil faoin reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua mí Eanáir seo caite.

Dúirt Edwin Poots nach bhfuair sé aon fholáireamh faoi aon éileamh agus nach mbeadh sé ag súil lena leithéid.

Dúirt Michelle O’Neill go raibh an reachtaíocht don Ghaeilge ina dlúthchuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

“Ní féidir leanúint ar aghaidh ag neamhchomhlíonadh na ngealltanas seo. Ní féidir dul siar ar na gealltanais a tugadh agus ní féidir aon bhréagmhaidneachain eile a bheith ann.”

Dúirt sí nach raibh “mórán ama fágtha” chun an reachtaíocht a thabhairt isteach.

Táthar fós ag fanacht ar Edwin Poots, ceannaire nua an DUP, a chuid airí a fhógairt, tráth a bhfuil sé ina imní go bhféadfadh feidhmeannas Stormont titim arís.

Ceist achrannach í cé a roghnóidh Poots mar Chéad-Aire agus d’fhéadfadh cás na Gaeilge a bheith ina ábhar mór aighnis chomh maith.

Bhí scéalta ann go n-ainmneodh Poots a bhinse tosaigh inné ach níor tharla sin.

Dhéanfadh sé a chuid ainmniúchán nuair a bheadh sé “réidh”, arsa Poots.

Tá Conradh na Gaeilge agus An Dream Dearg ag súil go bhfaighidh Sinn Féin tuilleadh gealltanas ón DUP maidir leis an reachtaíocht teanga sula dtacófar le hainmniúcháin na n-airí nua.

Paul Givan, ball tionóil do Ghleann an Lagáin, is mó atá á lua leis an gcéad-aireacht, fear a gcuirtear ina leith go raibh baint mhór aige le titim Stormont in 2017.

Bhí cinneadh Givan deireadh a chur leis an scéim Ghaeltachta Líofa i mbéal na Nollag i measc na gcúiseanna a luaigh Martin McGuinness lena chinneadh éirí as a phost mar LeasChéad-Aire an uair sin.

Dúirt McGuinness gurbh ionann agus “buille maraithe na muice” cinneadh Givan deireadh a chur leis an maoiniú a thug deis do 100 duine tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá Sinn Féin agus daoine eile buartha faoin gcur chuige a bheadh ag Givan i leith cheist na reachtaíochta teanga sa chás go gceapfaí sa chéad-aireacht é.

Dhiúltaigh an tAire Pobal Deirdre Hargey, atá freagrach as an nGaeilge, a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Sinn Féin sásta tacú le pé ainmniúchán a dhéanfaidh Poots gan gealltanais shoiléire a bheith faighte acu faoi cheist na Gaeilge.

Dúirt Arlene Foster, réamhtheachtaí Poots, go dtitfeadh an feidhmeannas má théann an DUP siar ar na gealltanais a rinneadh i dtaobh na Gaeilge anuraidh sa chomhaontú New Decade, New Approach (NDNA).

“Sin an bunús a bhí le filleadh an rialtais dhíláraithe, agus mar sin caithfear é a chur i bhfeidhm. Is dóigh liom go mbeidh tionchar aige ar chúrsaí [má théann Poots siar ar na gealltanais].”

Deir Arlene Foster go bhfuil sí féin chun éirí as a luaithe agus a ainmneoidh Poots a bhinse tosaigh agus tá sé i gceist aici éirí as an DUP leis.

Tá fainic curtha ag An Dream Dearg, lucht feachtais ar son na Gaeilge, gan ligean don DUP a ghabháil siar ar na gealltanais a tugadh i margadh Stormont agus tá na haontachtaithe is neamhghéilliúla ag éileamh go labhródh na hiarrthóirí faoin gceist.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta i measc na ngealltanas sa chomhaontú, New Decade, New Approach.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá geallta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

I measc na mbeartas eile sa phlean tá dréachtú straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais.

 

Fág freagra ar '‘Ní ghlacfar le haon bhréagmhaidneachan eile’ – an Ghaeilge i lár an aonaigh in Stormont'

  • An Teanga Bheo

    Teanga cheart na nGaeil sna críocha gafa