Fórsaí na Rúise ag géarú ar a gcuid iarrachtaí cathracha tábhachtacha san Úcráin a ghabháil

Réabadh pléascáin sa bpríomhchathair Kyiv, agus lean trúpaí na Rúise lena léigear ar Kharkiv

Fórsaí na Rúise ag géarú ar a gcuid iarrachtaí cathracha tábhachtacha san Úcráin a ghabháil

Inniu, an seachtú lá dá n-ionradh ar an Úcráin, ghéaraigh fórsaí na Rúise ar a gcuid iarrachtaí cathracha tábhachtacha san Úcráin a ghabháil agus rinne siad ionsaithe ar an tír ó thrí thaobh – ón tuaisceart, ón oirthear agus ón deisceart.

De réir a chéile, thug trúpaí na Rúise faoi chathracha sa deisceart agus san oirthear a thimpeallú agus tuairiscítear go ndearnadh ionsaithe ar ospidéil, ar scoileanna agus ar infreastruchtúr riachtanach. 

Réabadh pléascáin sa bpríomhchathair Kyiv, agus lean trúpaí na Rúise lena léigear ar Kharkiv.

Tá sé á mhaíomh ag an Rúis go bhfuil calafort Kherson sa deisceart gafa acusan ach deir údaráis na hÚcráine go bhfuil an cath ansin fós ar siúl. 

Más amhlaidh go bhfuil Kherson gafa, bheadh sí ar an gcéad chathair thábhachtach san Úcráin a bheadh faoi smacht na Rúise ó chuir an tUachtarán Vladimir Putin tús leis an ionradh. 

Bhí aghaidh na Rúiseach ar roinnt cathracha eile chomh maith, an phríomhchathair féin san áireamh, áit a raibh pléascáin le cloisteáil i rith na hoíche. 

Tá conbhua d’fheithiclí armúrtha de chuid na Rúise atá os cionn 64 ciliméadar ar fhaid ag teannadh níos gaire do Kyiv, é i bhfoisceacht 24 ciliméadar den phríomhchathair faoi láthair. 

Tuairiscítear go bhfuil trúpaí na Rúise thart timpeall ar chalafort Mariupol i Muir Mheoid ó dheas le hais na Mara Duibhe.

Dúirt Méara Konotop, i réigiún Sumy san oirthear, le muintir na háite sin go raibh na Rúisigh tar éis foláireamh nó ultimatum a thabhairt dóibh.

 “Tá foláireamh tugtha acu dúinn. Má thosaímid ag seasamh an fhóid ina n-aghaidh agus gan géilleadh, scriosfaidh siad an baile le gunnaí móra,” a dúirt an Méara, Artem Semenikhin.

“Má tá sibh ar a shon sin, troidfimid. Cé a vótálfaidh ar son na troda?” an cheist a chuir an Méara ar phlód d’áitritheoirí an bhaile agus bhéic siadsan ar ais go rabhadar sásta an fód a sheasamh. 

Dúirt Uachtarán Volodymyr Zelenskyy na hÚcráine gur theastaigh ón Rúis stair agus pobal na hÚcráine a ghlanadh den mhapa. “Uafás” a dúirt sé a bhí san ionsaí ar áiteanna atá plódaithe le daoine agus atá ag tarlú faoi láthair.

“Ní mhaithfidh aon duine é. Ní dhéanfaidh aon duine dearmad,” a dúirt an tUachtarán Zelenskyy agus é ag caint inné tar éis sléacht fuilteach a tharla i lár chathair Kharkiv. 

Measann Na Náisiúin Aontaithe go bhfuil os cionn 800,000 duine tar éis teitheadh as an Úcráin faoin tráth seo. Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go bhféadfadh suas le 20,000 teifeach as an Úcráin a bheith ag lorg tearmainn anseo.

Bhí an dara babhta cainteanna idir an Úcráin agus an Rúis le tarlú inniu cé gur beag dul chun cinn a rinneadh ag cruinniú an Luain ar theorainn na Bealarúise. 

Fág freagra ar 'Fórsaí na Rúise ag géarú ar a gcuid iarrachtaí cathracha tábhachtacha san Úcráin a ghabháil'