Forógra dátheangach bronnta ar gach bunscoil sa tír

Dheimhnigh an Roinn Oidhreachta do Tuairisc.ie gur i nGaeilge agus i mBéarla a bhí an chóip den Fhorógra a bronnadh ar gach bunscoil sa tír

1916-Proclamation

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bhí an chóip den Fhorógra agus an t-ábhar a ghabh leis a bronnadh ar bhunscoileanna an stáit inné.

Mar chuid den chlár comórtha céad bliain, Éire 2016, bhronn Óglaigh an hÉireann an bhratach náisiúnta agus cóip d’Fhorógra na Poblachta ar gach bunscoil. Bronnadh leabrán eolais ina bhfuil eolas ar dhea-nósmhaireacht na brataí agus póstaer d’Amhrán na bhFiann.

Dheimhnigh an Roinn Oidhreachta do Tuairisc.ie gur i nGaeilge agus Béarla a bhí gach cuid den bhronntanas.

Labhair ball d’Óglaigh an hÉireann sna scoileanna faoi dhea-nósmhaireacht na brataí agus léigh sliocht ón bhForógra amach os ard.

“I gcás scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, tá i gceist go mbeidh líofacht Ghaeilge ag na hÓglaigh chuí, agus léifear amach an sliocht trí Ghaeilge. Déanfar ceisteanna ó na gasúir a fhreagairt trí Ghaeilge freisin,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc.ie.

Is é seo an chéad chuid den chlár Éire 2016 a dhéanfaidh comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 as seo go deireadh na bliana seo chugainn.

Níos túisce i mbliana, bhí ceisteanna ann faoin leagan oifigiúil Gaeilge d’Fhorógra na Poblachta. Bhí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun cainteanna le dreamanna éagsúla faoi Ghaeilge a chur ar an gcáipéis stairiúil.

Níor glacadh go hoifigiúil le haon leagan Gaeilge den Fhorógra cé go raibh leagan de greanta i gcloch i Reilig Chnoc an Arbhair, áit ar aistríodh coirp Sheachtar na Cásca tar éis a mbáis i gCill Mhaighneann.

I mí Bhealtaine, d’iarr Conradh na Gaeilge ar an bpobal cabhrú leis an eagras aistriúchán ‘deifnídeach, oifigiúil Gaeilge’ den Fhorógra a sholáthar don Chomóradh.

Chuir an Conradh painéal saineolaithe le chéile a chuaigh trí mholtaí an phobail agus a roghnaigh “an t-aistriúchán is cirte, is áille agus is oiriúnaí”. Bhronn an Conradh an leagan críochnaithe ar an Rialtas agus mhol go n-úsaidfí é sa saol poiblí agus i réimse an oideachais.

Tuigtear do Tuairisc.ie nár ghlac an Rialtas leis an leagan a sholáthraigh an Conradh agus gurbh é an leagan atá i Reilig Chnoc an Arbhair a bronnadh ar na bunscoileanna.

Fág freagra ar 'Forógra dátheangach bronnta ar gach bunscoil sa tír'

  • pip

    ‘ar gach bunscoil sa tír’ luaite cúpla uair os cionn an ailt seo. Glacaim leis gur bunscoilleanna ‘an stáit’ atá i gceist (mar atá ag an iriseoir i gcorp an ailt) agus gur fágadh 6 chontae amach as an áireamh.

    B’fhiú go mór an scéim a leathnú do na scoileanna sin sna 6 Chontae atá ag iarraidh a bheith páirteach ós rud é nach raibh an chríochdheighilt i bhfeidhm aimsir an Fhorógra.

    Agus bhí an ceart ag an Rialtas an t-aistriúchán stairiúil a úsáid. Ní bheadh ciall ar bith le leagan deifnídeach uasdátaithe a chur ar the American Declaration of Independence, abair, agus is amhlaidh atá leis an Fhorógra s’againne.

    • Breathnóir

      Aontaím go hiomlán leis an mholadh na rudaí seo a chur ar fáil do scoil ar bith sna 6 chontae ar mhaith leo an pacáiste a fháil. Sílim fosta gur chóir do tuairisc.ie bheith níos cúramaí i dtaca le hidirdhealú a dhéanamh idir an ‘stát’ agus an ‘tír’.