Formhór na gcúigí cáilithe ach sárchluiche romhainn i Luimneach

Fiú agus Babhta 4 de na cluichí cáilithe fós le himirt an deireadh seachtaine seo, tá Connacht, cúige Mumhan agus cúige Uladh cinnte go mbeidh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais

Formhór na gcúigí cáilithe ach sárchluiche romhainn i Luimneach

Is cuma cén casadh a chuirtear ar an scéal, ní féidir a shéanadh go raibh an t-ádh dearg ar na Muimhnigh agus iad ag imirt sa bhFrainc i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh seachtain ó shin. Cé nach raibh ach cúpla nóiméad le himirt bhí foireann na hÉireann ceithre phointe le sruth nuair a chinn Peter O’Mahony cic pionóis a chur sa gcúinne seachas na trí phointe éasca a bhí ar fáil dó a thógáil. Theip ar na Muimhnigh an liathróid a shlánú sa síneadh amach. Tháinig Castres slán as an bpriacail sin ach fuair na Muimhnigh an dara cic éirice agus deis eile ar shíneadh amach. Bhí sé i bhfad níos snasta an uair seo fuair siad an t-úd a d’fhág go raibh bua trí phointe ag an Arm Dearg. D’admhaigh na Muimhnigh go raibh gadaíocht déanta acu, ach bhí siad breá sásta na pointí luachmhara a thabhairt abhaile leo.

A mhalairt ar fad a tharla do na Connachtaigh agus iadsan sa mbaile ar an mBóthar Beag. Lig siadsan bearna ocht bpointe dhéag le sruth nuair a scaoil siad Leicester ar ais sa gcluiche agus d’aimsigh na cuairteoirí bua le pointe amháin i ngluaiseacht deiridh an chluiche.

Caithfidh na Connachtaigh na deacrachtaí atá ag teacht chun solais le cúpla cluiche anuas a shárú, ach is cinnte go mbeidh siad sna babhtaí ceathrú ceannais de bhrí nach bhfuil Toulouse in ann imirt agus Covid sa gcampa.

Ní dóigh gur fiú mórán a rá faoi chur chuige chúige Laighean ná chúige Uladh, dream a bhí snasta agus éifeachtach ó thús go deireadh an chluiche.

Fiú agus Babhta 4 de na cluichí cáilithe fós le himirt an deireadh seachtaine seo, tá Connacht, cúige Mumhan agus cúige Uladh cinnte go mbeidh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais. Go deimhin féin ní gan seans ar cháiliú atá na Laighnigh ach oiread.

Laighean is túisce de na Cúigí a bheas ag dul chun páirce inniu agus iad ag tabhairt faoi Bath thall i Sasana. Is fiú a mheabhrú nár bhuaigh Bath cluiche amháin féin sa gcomórtas seo, seans dá bhrí sin nach gcuirfidh siad mórán imreoirí chéad rogha chun páirce i gcluiche nach bhfuil aon bhuntáiste ann dóibh, fiú dá mbeadh an lá leo. Sea, bua éasca eile d’fhir Leo Cullen dar liomsa.

Is ionann an cás ag na hUltaigh ach amháin go bhfuil buntáiste an bhaile acusan freisin agus iad i gcoinne Clermont, foireann nár bhuaigh ach an t-aon chluiche amháin as trí cinn. Ní hé nach bhfuil seans ag foireann na Fraince cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais ach níl tuairisc rómhaith orthu agus iad ag imirt as baile.

Amárach a bheas na Connachtaigh ag tabhairt faoi Stade Français

i bPáras. Má imríonn foireann Andy Friend mar a rinne siad sa gcéad seasca nóiméad den chúpla cluiche deiridh a d’imir siad, ní dóigh go mbeadh mórán foirne in ann seasamh leo, Stade Français féin ach oiread. Beidh go leor ag brath freisin ar dhearcadh lucht bainistíochta fhoireann na Fraince don chluiche seo. Níor bhuaigh foireann Pháras oiread agus cluiche amháin go dtí seo sa gcomórtas agus níl seans acu áit a fháil sna cluichí ceathrú ceannais.

Beidh coimhlint iontach i Luimneach idir Cúige Mumhan, foireann atá cáilithe ach a bheas ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcuriarracht bhaile atá acu sa gcomórtas seo, agus Wasps, atá fós ag iarraidh áit sna babhtaí ceathrú ceannais a dheimhniú. Is cinnte gur spreagadh iontach do Wasps an bua iontach a bhí acu ar churaidh an chomórtais, Toulouse an Satharn seo caite. Tá dúshlán mór roimh fhoireann an bhaile amárach, agus seans maith go mbeidh sárchluiche againn dá bharr.

Fág freagra ar 'Formhór na gcúigí cáilithe ach sárchluiche romhainn i Luimneach'