Formhór an phobail i bhfabhar córas pleanála ar leith don Ghaeltacht

Dúirt Conradh na Gaeilge go dtugann torthaí pobalbhreithe léargas ar an tuiscint atá i measc an phobail go gcaithfear tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht

Formhór an phobail i bhfabhar córas pleanála ar leith don Ghaeltacht

D’aontódh beagnach 60% den phobal le córas nua pleanála a bhunú go speisialta don Ghaeltacht, de réir pobalbhreithe nua.

Thug beagnach seisear as gach deichniúr (58%) ó dheas le fios gur aontaigh siad gur cheart don Rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa Ghaeltacht chun tacú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail.

Dúirt 17% nach n-aontódh siad lena leithéid d’athrú agus 25% a dúirt nárbh fhios dóibh.

Nuair a chuirtear na daoine nár thug freagra nó a bhí gan tuairim as an áireamh, 77%, beagnach ceathrar as gach cúigear, a bhí ar son córas pleanála ar leith a bhunú do cheantair Ghaeltachta.

An comhlacht margaíochta Kantar a rinne an phobalbhreith do Chonradh na Gaeilge.

Ba cheart don Rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa Ghaeltacht chun tacú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, bainisteoir abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, go dtugann na torthaí léargas ar an tuiscint atá i measc an phobail go gcaithfear tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht.

“Léiríonn an taighde seo go bhfuil an pobal, mar is gnáth, chun tosaigh ar ár bpolaiteoirí maidir le ceisteanna teanga agus pobail. Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil tacaíocht de dhíth ar an Ghaeltacht, ar phobal na Gaeltachta, má tá an teanga ag dul a’ leanstan ar aghaidh ann. Sin an fáth a bhfuil polasaí cuimsitheach don phleanáil teanga sa Ghaeltacht de dhíth a chinnteoidh todhchaí an phobail áitiúil ina gceantar féin trína dteanga féin,” a dúirt Mac Fhlannchadha.

Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht i mbéal an phobail le bliain anuas agus aird tarraingthe ar chásanna i Ráth Chairn, i gCorca Dhuibhne agus sa Rinn ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras pleanála.

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí náisiúnta i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht mí na Samhna seo caite. I measc na bpríomh-mholtaí a bhí ann, moladh gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht.

Tá an eagraíocht teanga ag moladh chomh maith go mbeadh gá le hinniúlacht ar leith sa Ghaeilge ag duine a bheadh ag tógáil nó ag ceannach tí i gceantair Ghaeltachta.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil an baol ann go “marófar” an Ghaeltacht má cheadaítear do líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí ann agus dúirt go bhfuil “gníomh ar leith” ag teastáil chun é sin a sheachaint.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige tar éis aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le Dréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 agus iad ag iarraidh é a dhéanamh níos éasca do dhaoine as an gceantar cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Formhór an phobail i bhfabhar córas pleanála ar leith don Ghaeltacht'