Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin

Nuair atá beag is fiú á dhéanamh d’fholáirimh faoi bhaol foréigin ó thuaidh, is mithid an tréimhse seo 25 bliain ó shin a thabhairt chun cuimhne

Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin

Bhí caint ar shíocháin an bhliain sin, iarrachtaí ar siúl chun síolta phróiseas na síochána a chothú ach an tráth seo cúig bliana fichead ó shin bhíothas scanraithe gur chogadh cathartha a bhí i ndán.

Chuir buamáil na Seanchille i mBéal Feirste ar an 23 Deireadh Fómhair 1993 tús le seachtain inar maraíodh triúr is fiche ar fud an tuaiscirt.

Bhí ionsaí buamála an IRA ar shiopa éisc Frizzell ar cheann de na heachtraí ab uafásaí le linn na dTrioblóidí. Satharn breá fómhair, bhí an tsráid pacáilte mar ba ghnách, páistí, fir agus mná ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht agus ag bualadh le cairde. Bhí an siopa éisc plódaithe nuair a thug beirt chomhaltaí den IRA buama isteach ann. Phléasc an gaireas gan choinne, gan rabhadh. Ní raibh seans éalaithe ag na daoine sa siopa ná ag éinne a bhí ag dul thar bráid. Maraíodh naonúr de mhuintir na háite agus duine de na buamadóirí, gortaíodh 57 agus thit an foirgneamh ina charn smionagair sa mullach ar dhaoine.

Bhí ceathrar ban agus beirt chailíní scoile i measc an naonúir a maraíodh, dhá lánúin, tuismitheoirí, páiste seacht mbliana chomh maith le fear an tsiopa agus a iníon. Ghabh an IRA leithscéal ag rá gur phléasc an gaireas roimh am, gur ar an UDA a bhí an t-ionsaí dírithe agus nach ar an ngnáthphobal. Ráiteas in aisce ab ea é; ba léir don domhan go raibh an t-ionsaí meargánta mar go gcuirtear an gnáthphobal i mbaol nuair a thugtar buama ina measc.

Buille trom do na Sealadaigh ab ea é agus do Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar an mbunaíocht go raibh siad dáiríre agus inmhuiníne faoin tsíocháin. Mar ba ghnách ba ghnáthdhaoine a d’íoc éiric na héagóra. Ar éigean a bhí na coirp bailithe as an smionagar nuair a d’eisigh an UDA fógra catha: ‘Íocfaidh John Hume, Gerry Adams agus na toghthóirí náisiúnacha praghas an-ard as ainghníomh an lae inniu’. Bhí ainm Hume san áireamh mar go raibh sé ag caint le Adams faoi conas síocháin a bhaint amach.

An oíche sin i mBéal Feirste rinne an UDA a chéad ionsaí díoltais agus an tseachtain ina dhiaidh sin mharaigh dílseoirí trí dhuine dhéag ar fad, ina measc an seachtar a cailleadh sa sléacht ag an Rising Sun i nGlas-Stiall, contae Dhoire. Fuair duine eile bás níos deireanaí. Fearacht siopa éisc Frizzell bhí an tábhairne pacáilte, suas le 200 bailithe ann le haghaidh coirm cheoil tíre roimh oíche Shamhna nuair a shiúil fir ghunna an UDA isteach. Bhéic duine acu ‘trick or treat’ sular scaoil siad 45 piléar. Gortaíodh 19, bhí beirt bhan 19 bliain d’aois agus bean 59 i measc an tseachtair a maraíodh; bhí na fir idir 20 bliain d’aois agus 81. D’eisigh an UDA ráiteas ag dearbhú gurbh ionsaí díoltais as buamáil na Seanchille ab ea é.

Ní áibhéil é a rá go raibh sceon forleathan. I nDoire cuireadh ceiliúradh oíche Shamhna ar ceal, an t-aon uair riamh ar tharla sin. I mBéal Feirste bhí póilíní ar dualgas taobh amuigh de shéipéil le haghaidh Aifreann an Domhnaigh, cor nár facthas riamh cheana dúradh. Bhí sochraid i ndiaidh sochraide ar siúl agus brón is briseadh croí á léiriú go seasta.

D’iompair Gerry Adams cónra bhuamadóir na Seanchille, Thomas Begley. Ghoill se sin go mór ar íobartaigh ach thuig an aicme pholaitiúil, nó cuid di ar a laghad, gur ghá é sin a dhéanamh. Maíodh go raibh sé riachtanach chun na paraimíleataigh a bhreith leis ar bhealach na síochána.

Cé gur dheacair síocháin a shamhlú sna laethanta sin bhí comharthaí dóchais ann inn ainneoin tormán an díoltais agus an tseicteachais. Nuair a bhris ar a ghol ar John Hume ag sochraid sa Ghlas-Stiall d’achainigh gaolta na marbh air treisiú ar a iarrachtaí chun stop a chur leis an ár. Ina theannta sin, shín cuid d’íobartaigh na Seanchille lámh chuig muintir Ghlas-Stéille agus d’fhreastail roinnt ar a sochraidí. Níor bheag sin.

Tá a fhios anois, ó thaispeántas a cuireadh ar siúl sa tSeanchill le gairid go bhfuair an pobal ansin teachtaireachtaí comhbhróin agus tacaíochta ó Chaitlicigh. Bhí dea-chaidreamh ar siúl go ciúin. Agus ar ais nó ar éigean tháinig Tuaisceart Éireann slán ó bhéal cogaidh.

Ní féidir a bheith dall ar an gceacht go dtig leis an uafás scaipeadh agus fás go tapa. I bhfianaise a bhfuil feicthe againn le fiche bliain ó easaontóirí poblachtacha agus paraimíleataigh dhílseacha – dhá dhream atá fós inár measc de réir na tuairisce Dé Máirt ón gCoimisiún Tuairiscithe Neamhspleách ar Pharaimíleatachas – ní féidir a bheith réchúiseach faoi chontúirt an fhoréigin i ndiaidh an Bhreatimeachta. Caithfear sin a sheachaint – cúis mhaith eile le hómós a léiriú do na mairbh agus lena chinntiú nach ligfear i ndearmad uafáis ar nós na sléachtanna a tharla cothrom na seachtaine seo 25 bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Foréigean iarBhreatimeachta? Ná déanaimis dearmad ar shléachtanna na seachtaine seo 25 bliain ó shin'