Foréigean i gcoinne an aosa óig á fhiosrú sa Bhrasaíl

Faigheann os cionn tríocha míle ógánach bás go foréigneach sa Bhrasaíl gach bliain. Fir óga ghorma a bhformhór. Fiosróidh binse fiosraithe nua na cúiseanna

Balla cuimhneacháin d'íobartaigh fhoréigin sa Bhrasaíl. 'Tá an Bhrasaíl ag gol! Nóiméid ciúnais. Omós dóibh siúd a chaill a gclann
Balla cuimhneacháin d’íobartaigh fhoréigin sa Bhrasaíl. ‘Tá an Bhrasaíl ag gol! Nóiméid ciúnais. Omós dóibh siúd a chaill a gclann

Cuireadh binse fiosraithe nua ar bun sa Bhrasaíl ag tús na míosa seo d’fhonn a fháil amach cad is cúis le líon ard na n-ógánach a fhaigheann bás go foréigneach sa tír.

Daoine idir 15 agus 29 mbliana d’aois iad dhá thrian den chaoga míle duine nó beagán lena chois a mbaineann bás foréigneach dóibh sa Bhrasaíl gach bliain. Fir óga ghorma a bhformhór acu seo. Léiríonn figiúirí de chuid rialtas na Brasaíle go bhfuil seans a seacht n-oiread níos airde ag duine gorm atá idir 15 bliana déag agus 29 mbliana d’aois bás a fháil i gcúinsí foréigneacha ná mar atá ag duine geal san aoisghrúpa céanna.

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí cearta daonna roimh an mbinse fiosraithe, ach níl lá seachráin ar urlabhraithe de chuid phobal gorm na Brasaíle faoi na freagraí a bheas i dtuarascáil an bhinse, a bhfuil súil léi as seo go ceann leathbhliana.

‘‘Tá cinedhíothú ar bun,’ a deir Geovan Bantu, oibrí sóisialta as cathair Salvador atá i gceannas ar Juventude Viva (‘Óige Bheo’), togra de chuid an rialtais a cuireadh ar bun chun dul i ngleic le fadhb an fhoréigin i gcoinne agus i measc an aosa óig ghoirm i stát Bahia, in oirthuaisceart na tíre. Dar leisean, caithfear aghaidh a thabhairt ar an gciníochas sa tsochaí agus i measc na bpóilíní go háirithe.

In ainneoin gur daoine gorma iad cuid mhór de na póilíní sa Bhrasaíl, a deir Geovan Bantu, feidhmíonn siad sin i gcóras atá, dar leis, ciníoch go smior.

Le mí go leith anuas, tá roinnt eachtraí inar maraíodh ceathrar déag san iomlán le linn obráidí póilíneachta tar éis alltacht a chur ar mhuintir Salvador, cathair atá ar cheann de na cinn is foréigní sa tír. Fir óga gorma ba ea formhór na n-íobartach.

Maraíodh dáréag fear san aon iarraidh amháin sa cheann is tromchúisí de na heachtraí seo. De réir na bpóilíní, chuir na fir a maraíodh ina gcoinne agus iad á ngabháil. Sa Bhrasaíl, tá cead ag póilíní fórsa marfach a úsáid má chuireann duine atá faoi amhras i gcoinne iarracht é a ghabháil.

Ach dúirt daoine a bhfuil cónaí orthu sa chomharsanacht agus a chonaic an eachtra leis na meáin nach raibh na fir a maraíodh armtha agus go deimhin gur cuireadh chun báis iad.

Tá an eachtra seo á scrúdú ag an ionchúisitheoir poiblí agus tá aird idirnáisiúnta á tarraingt ag Amnesty International ar an gcás

Fág freagra ar 'Foréigean i gcoinne an aosa óig á fhiosrú sa Bhrasaíl'