Forde ar an mbóthar ceart ach fadhbanna le réiteach ag Tiobraid Árann

Ar an gcéad fhéachaint is ag na Tiobraid Árannaigh atá na himreoirí is fearr, ach tá sé in am acu an mianach iontach atá iontu a léiriú níos minice sna cluichí móra

Forde ar an mbóthar ceart ach fadhbanna le réiteach ag Tiobraid Árann

Sna clubanna atá suim againn i gCorcaigh na laethanta seo agus an chraobh tosaithe. I gcuid mhaith contaetha, faraor, tá páirceanna na craoibhe ciúin.

Bhí comórtas sraithe thar a bheith iomaíoch againn agus Cill Chainnigh ar barr arís. Is iomaí éacht atá déanta ag Brian Cody mar bhainisteoir ach chuirfinn an bua sin ard go maith ar liosta ghaiscí an Rí Cody. Agus dhá cluiche imeartha sa tsraith, is beag duine seachas, b’fhéidir na leantóirí is dílse sa chontae, a cheap gurbh é Cillian Buckley a bheadh ag ardú an choirn. Bhí gach cuma ar an scéal leathshlí isteach gurb iad na Tiobraid Árannaigh a bheadh mar sheaimpíní ach, arís, ghéilleadar do na Cait agus ní hamháin gur ghéilleadar ach theip glan orthu sa dara leath coicís ó shin. Bhí na gcuid seanlaigí le feiceáil go soiléir arís sa dara leath sin agus iad faoi bhrú. Ní rabhadar ábalta do dhíocas na gCat agus theip orthu cloí le haon sórt scripte, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos cruinne a rá nach rabhadar ábalta iompú ar pé plean B a bhí réitithe acu nuair a thosaigh TJ Reid ag déanamh raice agus Walter Walsh mar chúntóir aige.

Is é bun agus barr an scéil nach mbeidh fonn ar aon chontae bualadh le Cill Chainnigh sna cluichí craoibhe a bheidh ag tosú go luath.

Ach céard faoi Thiobraid Árann?

Cheapas féin go raibh sé thar a bheith tábhachtach dóibh an tsraith seo a bhuachan i ndiaidh dóibh géilleadh i sraith na bliana seo caite agus mar gheall ar an gcailliúint gan choinne i gcoinne Chorcaí cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Sea,  d’imríodar i gcoimhlint na bliana níos déanaí sa bhliain i gcoinne na Gaillimhe ach dealbh a bhíodar ina dhiaidh sin, leis. Ar an gcéad fhéachaint is acu atá na himreoirí is fearr, ach tá sé in am acu an mianach iontach atá iontu a léiriú níos minice sna cluichí móra.

Mar sin féin, bhí fear amháin acu a sheas amach sna cluichí sraithe go léir agus dar ndóigh sin é Jason Forde. 7-72 a fuair sé sna seacht gcluiche a d’imir sé. Dochreidte. Ach cuimhnigh gur fear é seo a thosaigh ag imirt leis an bhfoireann shinsir agus é díreach críochnaithe sa mheánscoil sé bliana ó shin agus nach raibh ábalta áit bhuan a fháil ar an bhfoireann riamh. Is deacair a chreidiúint nár thosaigh sé ach ceithre chluiche craoibhe ó shin. Is iomaí taispeántas iontach a thug sé sa tsraith thar na blianta ach fós níor éirigh leis áit bhuan a fháil ar fhoireann na craoibhe. Cheapas féin go dtitfeadh an lug ar an lag air tar éis an méid a tharla dó anuraidh sa tsárchoimhlint i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Tugadh isteach é mar ionadaí roimh leath ama, tógadh amach arís é roimh dheireadh na himeartha. Sin ceann de na rudaí is measa a d’fhéadfadh tarlú d’aon imreoir agus cheapas an lá sin nach bhfeicfí mórán eile de Forde.

Ach sár-imreoir atá ann agus i ndiaidh dó droch-chríoch a chur le 2017, luigh sé isteach ar an obair a bhí le déanamh aige agus tá sé i mbarr a mhaitheasa i mbliana. Ní foláir nó creideann sé go láidir ina chumas mar imreoir.  Is é a bheadh mar thosaí na bliana dá mbeadh an gradam sin á roghnú anois (TJ Reid a bheadh sa dara háit).

Táthar ag súil go mbeidh Séamus Callinan ar ais don chraobhchomórtas, cé nár imir sé lena chlub Drom agus Inse an tseachtain seo caite. Callinan ar ndóigh a chaitheann geansaí uimhir 14 de ghnáth. Beidh sé suimiúil féachaint cá n-imreoidh an bheirt acu. Sin ceann de na ‘fadhbanna deasa’ atá ag an mbainisteoir Michael Ryan,

ach tá i bhfad níos mó fadhbanna nach bhfuil chomh deas céanna le réiteach aige idir seo agus lár mhí Lúnasa. 

Fág freagra ar 'Forde ar an mbóthar ceart ach fadhbanna le réiteach ag Tiobraid Árann'