Tá maoiniú ceadaithe ag an Rialtas chun na féidearthachtaí atá ann maidir le Lárionad Cultúrtha Gaeilge a fhorbairt i gcathair na Gaillimhe.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ar maidin go bhfuil deontas beagnach €40,000 ceadaithe aige chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith forbairt an ionaid.
Cuireadh an deontas ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Teanga na cathrach. Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun an dátheangachas a fhorbairt agus a threisiú sa chathair.
Agus an deontas fógartha aige inniu, dúirt an tAire Stáit O’Donovan go mbeadh “tionchar thar a bheith dearfach ag a leithéid de Lárionad Cultúrtha Gaeilge ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach.”
Bhí coimisiúnú an staidéir féidearthachta sin ar cheann de nach mór dhá scór beart a leagadh amach i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe, a ceadaíodh in 2020. Tá Gaillimh ainmnithe mar cheann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012
Cuirfear an deontas don staidéar ar fáil faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge (Caipitil).
Seán ÓM
Buíochas le Dia – tá na hUltaigh sna sé chontae agus a gcultúrlanna móra snasta ag náiriú muintir na 26 le blianta fada anuas.
Ba chóir go mbeadh an ceann seo ar a laghad 10 n-uaire níos mó ná an ceann i mBF – agus ansin tógaimis ceann eile i mBÁC atá 10 n-uaire níos mó arís eile ná an ceann i nGaillimh!