Forbairt ché Inis Oírr le tosú an bhliain seo chugainn ach cás gnó fós á ullmhú d’Inis Meáin

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur ‘dul chun cinn suntasach’ atá sa bhfógra faoi ché Inis Oírr

Forbairt ché Inis Oírr le tosú an bhliain seo chugainn ach cás gnó fós á ullmhú d’Inis Meáin

Cuirfear tús an bhliain seo chugainn leis an obair thógála ar fhorbairt ché Inis Oírr ach ní fios go fóill cathain a bheidh an cás gnó d’fhorbairt ché Inis Meáin réidh.

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ábalta a dheimhniú cén uair a mbeadh an cás gnó sin réidh.

Bhí sé ag freagairt ceisteanna Dála a chuir an Teachta Éamon Ó Cuív faoi fhorbairt na gcéanna.

Dúirt an tAire Stáit gur ‘dul chun cinn suntasach’ atá sa bhfógra faoi ché Inis Oírr. Bhí forbairt na céibhe sin san áireamh sa liosta tograí i dTionscadail Éireann 2040.

Tá forbairt ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin ar an liosta tionscadal sin freisin agus thug an tAire Stáit Kyne le fios go raibh ‘roghanna éagsúla’ maidir le forbairt na céibhe sin á scrúdú faoi láthair.

An tAire Stát na Gaeltachta Seán Kyne. Pictiúr: Sasko Lazarov / Photocall Ireland

Dúirt sé go mbeidh ‘cás gnó’ i dtaobh na céibhe á chur faoi bhráid na Roinne ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir théarmaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí. Sa chás gnó sin a chuirfear an Roinn ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile a bheidh le glacadh i dtaobh an tionscadail.

D’iarr an Teachta Dála Ó Cuív soiléiriú ar an Aire Stáit faoi chaint a bhí ann go raibh cinneadh déanta nach rachfaí ar aghaidh le céim a dó agus a trí de thógáil ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin go dtí go mbeadh cé Inis Oírr tógtha. Dúirt an tAire Stáit nach raibh an dá fhorbairt ag brath ar a chéile agus go mbeadh a Roinn ag brú ar aghaidh leis an dá thionscadal ar na hoileáin Ghaeltachta.

Fág freagra ar 'Forbairt ché Inis Oírr le tosú an bhliain seo chugainn ach cás gnó fós á ullmhú d’Inis Meáin'