#FORAS20: 20 bliain ag fás ón bhun aníos in Iarthar Bhéal Feirste

Agus Foras na Gaeilge ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód leantar inniu leis an tsraith alt, atá urraithe ag an eagraíocht trasteorann, faoi ghnéithe éagsúla de chás na teanga le 20 bliain anuas. An geábh seo, deiseanna agus dúshlán i mBéal Feirste…

#FORAS20: 20 bliain ag fás ón bhun aníos in Iarthar Bhéal Feirste

An síol á chur

Ar ámharaí an tsaoil, déantar athmhachnamh 20 bliain ar an Fhoras trasteorann teanga agus ceiliúradh leathchéad bliana ó bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe i 1969 ag an am céanna. Is cinnte nach mbeadh ann dFhoras na Gaeilge murach an tionscadal réabhlóideach agus an díograis cheannródaíoch a deascair as an chéad Ghaeltacht uirbeach in Éirinn.

D’éirigh leo an Ghaeilge mar theanga faoi cheilt’ a athbheochan faoi na cúinsí is duairce deacra le linn réim an stáit oráistigh agus laethanta dorcha na dtrioblóidí.  Le cois, mhúnlaigh an fhealsúnacht spreagúil seo gníomhaíochas ón bhun aníos a bhláthaigh le linn fheachtas na stailceanna ocrais sna luath-ochtóidí. Le himeacht aimsire, bhunaigh na gníomhaithe teanga den lucht oibre seo gréasán Gaelscoileanna fud fad Bhéal Feirste gan tacaíocht stáit.

Meánscoil Feirste mar thástáil litmis’ phróiseas na síochána

Leacht atá i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a fhógraíonn ár rath don saol, in ainneoin fheachtas leanúnach stát na Breataine le coirpigha dhéanamh de Ghaeilgeoirí agus de mhuintir Iarthar Bhéal Feirste i gcoitinne.

Mar fhreagra in éadan an mhíchlú, thionscain Gaeilgeoirí an cheantair dioscúrsa láidir cearta teanga ó thuaidh den chéad uair. Ní hamháin gur thug an Chultúrlann úr spás do mheáin agus do chultúr na nGael ach rinneadh cinneadh uaillmhianach meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú ann chomh maith.

Dfhreastail mé féin ar an scoil i 1992 agus feachtas fíochmhar ar siúl a rinne siombail an chomhionannas de cheist an oideachais don phobal náisiúnach ó thuaidh agus í ina tástáil litmis do luathphróiseas na síochána – feachtas ar éirigh leis an t-aitheantas cuí a bhaint amach i 1996. Ba chinnte, mar sin, nach scríobhfaí clásail Ghaeilge Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998  gan na ceachtanna sin ó Mheánscoil Feirste. Ar a bharr sin, ba mar gheall ar iarrachtaí an phobail gur daingníodh airteagal 89 den acht oideachais 1998 a chuir dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais tacú leis an Ghaeloideachas.  Bunaíodh Comhairle na Gaelscolaíochta in 2000 agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta in 2001 chun tacaíocht a thabhairt d’fhás straitéiseach na hearnála. Bunaíodh Foras na Gaeilge mar fhoras tras-teorann sa tréimhse chéanna agus maoiniú stáit anois ar fáil do roinnt mhaith grúpaí pobalbhunaithe Gaeilge den chéad uair ariamh.

Bhláthaigh grúpaí úra ar nós Ionad Uíbh Eachach ar Bhóthar na bhFál, An Droichead in oirthear na cathrach agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus leag siad sin síos dúshraith d’ionaid phobail úra do na Gaeil i gcodanna éagsúla den chathair. Bunaíodh grúpaí úra ar nós Glór na Móna in Uachtar Chluanaí a bhfuil baint agam féin leis agus Croí Éanna i nGleann Ghormlaithe sa tréimhse chéanna.

Cúlú an Chuíchóirithe

Mar sin féin, ní raibh an dúch tirim ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, nuair a chuir státseirbhíseach, Tony Canavan, síos ar ghealltanais an chomhaontaithe mar worthy sentiments. Ina theannta sin, ceanglaíodh an Ghaeilge leis an Ultais chomh maith chun srian leanúnach a chur ar a hacmhainní. Ba léir go raibh an teanga spleách anois ar mhaoiniú ó stát neamhbháúil agus ba mhinic a bhíodh feidhmeannaigh ón fhoras teanga mar réiteoirí lár báire idir pobal agus stát. Ba í an ghéarchéim eacnamaíoch in 2008 a thug an teannas seo chun solais. Rinne rialtas an Deiscirt cinneadh próiseas ‘cuíchóirithe’ a chur i bhfeidhm a bhain go suntasach ó acmhainní Fhoras na Gaeilge. Níl amhras ann ach gur fágadh nimh, scoilteanna agus smál buan i mórphobal na Gaeilge mar iarsma den phróiseas seo. Ar an láimh eile, áfach, tógadh feasacht i measc an phobail go raibh cultúr feachtasaíochta agus stocaireachta le forbairt ón bhun aníos le dúshlán na déine a thabhairt.

Cultúr feachtasaíochta

Dfhoghlaim pobal na Gaeilge nach dtiteann athruithe dearfacha ón spéir agus gur gá feachtasaíocht a dhéanamh ar a son. Dfhorbair an chéad Lá Dearg ón tuiscint sin in 2014 agus Tuistí an Tuaiscirt’ le haghaidh seirbhísí bus agus Gaelcholáiste Dhoire mar chuid dhílis de –  gníomhaithe a bhain a gcuid ceart amach fá dheireadh in 2014. Foghlaimíodh ceacht luachmhar faoin daonlathas as ar lean agus ar fhás tuiscint agus caidreamh níos cuimsithí, níos leithne agus níos cumhachtaí san fheachtas a tháinig dhá bhliain ina dhiaidh sin leis An Dream Dearg.

Glór na Móna agus Claochlú Pobail

Agus an streachailt seo ar siúl, bhain grúpaí Gaeilge tairbhe nach beag as an Chiste Infheistíochta Gaeilge a deascair as comhaontú Hillsborough 2010. Chiallaigh an t-airgead go raibh deis anois ag grúpaí ar nós Ghlór na Móna ár bhfoirgneamh féin a thógáil i Meán Fómhair 2016. Aithníodh obair óige mar bhearna mhór san athbheochan teanga agus bhunaigh muid 5 chumann óige Gaeilge a chuimsíonn 23 ball foirne agus a fhreastalaíonn ar 450 duine óga den lucht oibre. I gcomhpháirtíocht leis na pobail féin, rinne muid an Ghaeilge a normalú agus í á húsáid mar ghléas chun oideachas agus athnuachan pobail a chur chun cinn.

Dfhás an Dream Dearg as na hionsaithe leanúnacha a rinneadh ar phobal na Gaeilge in 2015-16. Bionann cinneadh samhnasach DUP chun sparánachtaí Gaeltachta Líofa a chealú agus buille maraithe na muice. Sheas glúin úr díograiseoirí an fód leis an teanga, gan trácht ar chearta daonna i gcoitinne, a éileamh. Bhrúigh an ghluaiseacht shóisialta is rathúla ó thuaidh le glúin anuas saincheist na Gaeilge go croílár an dioscúrsa.

Dfhoghlaim muid sna blianta cinniúnacha siúd go mbíonn an t-aistear chomh tábhachtach leis an sprioc, go gcaithfear caidrimh mhacánta a thógáil le daoine agus spiorad na comhpháirtíochta a chothú agus a spreagadh i dtólamh.

Feictear buanna na hathbheochana seo i dtírdhreach na cathrach ón Raidió Fáilte úr go hÁras na bhFál agus go leor eile. Ina ainneoin seo go léir, ní féidir ár maidí a ligean le sruth agus beidh dúshláin mhóra roimh na húdaráis, Foras na Gaeilge san áireamh, fís agus uaillmhian an phobail a aithint agus a chomhlíonadh sa tréimhse amach romhainn. Ó tharla gur bronnadh stádas Líonra Gaeilge ar Iarthar Bhéal Feirste, tá fís na comhpháirtíochta á fíorú trí ghníomh pobalbhunaithe a chinnteoidh go mbeidh pobal labhartha inmharthana teanga ann sa tréimhse atá romhainn amach.

Ar ndóigh, is léir gur gá do ghluaiseacht agus díograiseoirí bheith cruthaitheach, straitéiseach agus pragmatach chun cuspóirí a bhaint amach. Cinnteoidh seo cur chuige solúbtha a dhearbhaíonn gníomhaíochas radacach ón bhun aníos agus a bheireann cosaint do ghluaiseacht na teanga ón chos ar bolg, ón leatrom agus ón institiúidiú sna blianta amach romhainn.

#Foras20: Cló, cumarsáid agus claochlú…

#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin – foilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain

Fág freagra ar '#FORAS20: 20 bliain ag fás ón bhun aníos in Iarthar Bhéal Feirste'