‘Football is quite unsuitable for females’ – d’imigh sin agus tháinig seo…

Ar feadh i bhfad ba í an tuairim a bhí ann nár fheil cluiche an tsacair do mhná, ach ós rud é go raibh oiread sin acu sáite in oibreacha an chogaidh ceapadh nár dhochar an scéal sin a athrú ar mhaithe le meanmna a neartú

‘Football is quite unsuitable for females’ – d’imigh sin agus tháinig seo…

Faire an chait ar an luch atá ag cuid d’Aontachtaithe an Tuaiscirt faoi láthair lena chinntiú gur mar a chéile díreach a bheas an scéal acu féin agus ag chuile choirnéal eile den Ríocht Aontaithe. Is beag an t-ábhar iontais sin, a deir tú.

Féach mar sin féin 100 bliain ó shin gur tháinig sé i gceist i saol an spóirt nárbh ionann agus nach raibh locht ar bith ar an scéal ó thuaidh. An uair údaí ba dhá iomaire ar leith a bhí á dtreabhadh ó Thuaidh agus ar an taobh eile de Mhuir Éireann chomh fada agus a bhain sé le sacar na mban.

Ná ceap ach an oiread go mba mhionspórt gan tábhacht a bhí ansiúd ag an am agus go mba le teacht leithéidí Megan Rapinoe agus Stephanie Roche s’againn féin a tháinig tóir air.

Cuirfidh sé an t-iontas céanna ortsa agus a chuir sé ormsa, ach timpeall an ama atá i gceist agam bhí tóir ollmhór ar an gcluiche sa mBreatain agus bhí bean cháiliúil i mBéal Feirste a thuill 10 scilleacha as chuile chluiche a d’imir sí. Ní hamháin sin ach bhíodh feiceáil ar chlár a héadain go rialta ar fhógraí nuachtáin as a bhfuair sí airgead ag moladh earraí éagsúla, rud nach raibh aon fhear a dhéanamh ag an am.

An Cogadh Mór ba chúis leis an mborradh a tháinig faoi chluiche na mban timpeall an ama sin.

Idir 1915 agus 1919 bhí Sraithchomórtais na bhFear i Sasana ar athló agus cé nár tharla sin in Albain, fós bhí go leor de na peileadóirí mór le rá fiú liostáilte san arm, sin nó i mbun oibre a bhain leis. Bhí roinnt sraitheanna áitiúla ar bun ceart go leor.

Thug an easpa sin agus an nuacht a bhain lena gcluiche féin ardán do na mná nach mbeadh faighte acu de ghnáth agus ba i monarcha airm Dick, Kerr & Co. in Preston a bunaíodh an fhoireann ban ba cháiliúla i Sasana i 1917.

Go dtí sin i stair an tsacair ba í an tuairim nár fheil an cluiche do mhná, ach anois ós rud é go raibh oiread sin acu sáite in oibreacha an chogaidh ceapadh nár dhochar an scéal sin a athrú ar mhaithe le meanma a neartú i measc na n-oibrithe agus ar fud na tíre fré chéile.

Faoi Lá Nollag na bliana sin bhí 10,000 duine i láthair in Deepdale ag cluiche inar imir mná Dick, Kerr Ladies F.C. in aghaidh foirne as Teilgcheárta Arundel Coulthard as Stockport – a dhá oiread agus a thagadh ag breathnú ar Preston North End ansiúd nuair a tháinig deireadh sealadach le sraith na bhfear.

In imeacht cúpla bliain bhí turas tugtha ag mná Dick, Kerr ar an bhFrainc, áit ar imir siad in aghaidh fhoireann náisiúnta na tíre sin. Mhéadaigh a gcáil chomh mór agus go raibh 53,000 i láthair i Goodison Park nuair a d’imir siad féin agus St. Helen’s Ladies a chéile Lá’l Stiofáin 1920. Cuireadh 14,000 eile ó dhoras, más fíor.

Bhí 99 bliain eile caite sular facthas slua níos mó ná sin ag iomaíocht de chuid na mban in aon áit ar fud na cruinne. Níor sáraíodh é go raibh 60,739 i láthair sa Wanda Metropolitano i Maidrid arú anuraidh ag breathnú ar mhná Atlético agus Barcelona.

Cheapfá gur ag rince le háthas a bheadh FA Shasana de bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis na foirne ban. Fós ní raibh an bhliain féin caite ón am a raibh an slua ollmhór i láthair in Goodison go raibh cosc glan curtha acu ar chead a thabhairt dóibh sacar a imirt beag ná mór ar aon cheann de na páirceanna a bhí faoina gcúram.

Ar an 5 Nollag 1921 glacadh le rún ag cruinniú ag Coiste Comhairleach an FA a dúirt:
Complaints having been made as to football being played by women, Council felt impelled to express the strong opinion that the game of football is quite unsuitable for females and should not be encouraged. For these reasons the Council requests the Clubs belonging to the Association refuse the use of their grounds for such matches.

Bac a bhí ann nár cuireadh ar ceal go ceann 50 bliain agus an uair sin féin ba in aghaidh thoil na n-údarás a rinneadh é.

Ag an am luaigh an FA freisin nach raibh siad sásta go raibh dóthain den airgead a bailíodh ag na geataí ag cluichí na mban á roinnt ar charthanachtaí agus go raibh iomarca de á chaitheamh ar chostais.

Ba é fírinne an scéil gurb amhlaidh a bhí faitíos orthu go dtiocfadh an lá nuair ba mhó tóir a bheadh ar shacar na mban ná ar chluiche na bhfear – rud a bhí ag tarlú cheana féin ach comparáid a dhéanamh idir líon an lucht féachana a thagadh chuig cluichí fhoireann Dick, Kerr i gcomparáid le cinn i Sraithchomórtais an FA féin.

Go gairid tar éis d’údaráis Shasana an ruaig a chur ar na mná, rinne Albain aithris orthu agus ní mórán níos carthanaí a bhí na Breatnaigh leo.

Ach, agus ní den chéad uair ná den uair dheireanach é, dúirt na hUltaigh ‘No’.

An tseachtain seo chugainn inseoidh mé scéal Molly Seaton as Béal Feirste, an bhean a bhí ag saothrú an airgid ansiúd nuair a bhí na fir ar an trá fholamh, a ndeirtear fúithi go mba í ‘George Best na mBan’ í, ach a raibh iarracht bheag de Roy Keane inti freisin, sa mhéid agus gur fhág foireann na Fraince an pháirc mar agóid in aghaidh toraic a thug sí do dhuine dá gcuid imreoirí siúd i 1936.

Fág freagra ar '‘Football is quite unsuitable for females’ – d’imigh sin agus tháinig seo…'

  • Póilín

    Ag tnúth go mór le cuid 2 an tseachtain seo chugainn a Mhártain

  • Eoin

    An suimiúil ar fad. Dochreidte go raibh sluaite dá leithead i lathair ag cluichí na mbán.