Fonn, féile agus filíocht – ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine’ le seoladh anocht

Déantar cur síos sa leabhar agus dlúthdhiosca nua 'An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine' atá le seoladh anocht ar shé amhrán déag a cumadh sa Trá Bháin i gConamara nó a bhfuil an-bhaint acu leis an mbaile sin

Fonn, féile agus filíocht – ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine’  le seoladh anocht

Tá trí rud ann nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – ach is léir gur thug muintir na Trá Báine na trí bhua sin ón mbroinn leo agus nach gan údar a tugadh baile beag géimiúil ar an mbaile. A chruthúnas sin go bhfuil leabhar á fhoilsiú inniu, Dé Sathairn, thiar ar an nádúr i Scoil Rónáin sa Trá Bháin ina ndéantar cur síos ar shé amhrán déag a cumadh sa Trá Bháin nó a bhfuil an-bhaint acu leis an mbaile sin.

Ní taobh le leabhar a bheidh á sheoladh mar tá dlúthdhiosca ag dul leis an leabhar gleoite seo agus na sé amhrán déag á ngabháil ag scoth na bhfonnadóirí, ina measc Cóil Neaine Pháidín Mac Donncha, amhránaí as Ráth Cairn ach arb as an Trá Bháin ó dhúchas dó agus Máirín Uí Chéide agus Bríd Seoighe.

Tá cuid de na hamhráin atá sa bhailiúchán seo i mbéal an phobail le fada an lá, leithéid ‘Ócam an Phríosúin’ agus ‘Pluid Dhorcha Leára’’. Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, leithéidí ‘Amhrán Tarpey’ agus ‘Bróga Khennedy’ ach tá an greann agus an ghruaim ina n-orlaí tríothu.

Déantar cur síos chomh maith ar cheann de na hamhráin is mó a luaitear leis an gceantar ‘Amhrán an Bháthadh’ (nó ‘Amhrán na Trá Báine’ mar atá aithne ag go leor air).

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sinéad Ní Ráinne, a chuir an leabhar agus dlúthdhiosca in eagar gur “ábhar iontais” do go leor daoine gur dhá amhrán ar leith atá san amhrán ar a dtugtar ‘Amhrán na Trá Báine’.

“Ceann de na spriocanna a bhí agam an dá amhrán a scaradh óna chéile agus a thaifeadadh le go mbeadh siad ar fáil sa mbailiúchán seo,” a dúirt Ní Ráinne.

Mar bharr ar an stór sin, tá cur síos cuimsitheach sa leabhar ar chuile cheann de na hamhráin agus ar na filí agus a muintir. Tugtar fianaise na staire ó na cáipéisí oifigiúla agus ó sheanchas mhuintir an bhaile agus a sinsir, iadsan a d’fhan sa mbaile agus iadsan arbh éigean dóibh é a fhágáil. Tá aiste bhreá ann chomh faoi stair, cultúr agus saol agus saothar mhuintir an bhaile seo san am a caitheadh agus é á inseacht i nGaeilge bhreá nádúrtha na Trá Báine.

Cén duine ab fhearr a d’inseodh an scéal spéisiúil seo ach bean as an mbaile agus arb as a muintir agus a sinsir roimpi chomh maith. Scoláire í an t-údar a bhfuil an comhlacht teanga is aistriúcháin Eoropus aici ar an gCeathrú Rua agus taighde an scoláire déanta aici ar a dúchas sa Trá Bháin do chéim MLitt ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Féirín Nollag é seo nach ndiúltódh aon duine dó agus é foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Mike P. Ó Conaola, an craoltóir agus an t-aisteoir a sheolfaidh an leabhar agus an CD Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir, anocht, an 14 Nollaig, 2019 ag 7.00 i.n

Fág freagra ar 'Fonn, féile agus filíocht – ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine’ le seoladh anocht'

  • Pádraig Ó Loirgneáin

    Níl mé ag tabhairt breithiúnas ar an oiche a bhí agaibh ag an seoladh seo mar ní raibh mise ann, ach rinne RTE2 clár iontach faoin tragóid a thárla sa Trá Bháin agus gan a t-amhráiní John Beag ag canadh, bhféidir go bhfuil seans mhór caillte agaibh. Sin é mo thuairim agus bhféidir go bhfuil mé mí-cheart.