Fonn ar mhuintir Chonamara fógra ‘horses and carts only from here on in’ a chur ar an N59 – Ó Cuív

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar gur oidhreacht agus cultúr an cheantair a bheadh thíos leis an gcinneadh gan an fhorbairt ar an N59 a cheadú

Eamon Ó Cuív

Tá cathú ar mhuintir Chonamara fógra ‘horses and carts only from here on in’ a chrochadh ar bhóthar an N59, a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív sa Dáil tráthnóna.

Bhí Ó Cuív ag tagairt do chinneadh an Bhoird Pleanála an tseachtain seo caite diúltú don phlean forbartha don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán.

Dúirt Ó Cuív go raibh cás an bhóthair ag dul ó thuiscint air agus an oiread sin frustrachais ar dhaoine go raibh cathú orthu fógra “Horses and carts only from here on in” a chrochadh ar thaobh an “dirt track”, faoi mar a thug sé ar an mbóthar  idir an Teach Dóite agus an Clochán.

Dúirt sé gur oidhreacht agus cultúr an cheantair a bheadh thíos leis an gcinneadh gan an fhorbairt ar an mbóthar a cheadú.

Dúirt Heather Humphreys, an tAire Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta, gur thuig sí ‘d’imní agus d’fhrustrachas’ mhuintir Chonamara faoi dhrochbhail an bhóthair ach go gcaithfeadh ‘cothromaíocht’ a bheith ann idir rialacha timpeallachta agus cúrsaí forbartha.

Ghlac an tAire le moladh Uí Chuív go mbuailfeadh oifigigh a Roinne le Teachtaí Dála agus Seanadóirí Ghaillimh Thiar Dé hAoine chun cás an bhóthair a phlé.

Beidh cruinniú eile sa Roinn an lá céanna ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí Ghaillimh Thiar faoi phróiseas tairisceana aersheirbhís Oileáin Árann.

Cé gur aithin an Bord Pleanála an gá le forbairt a dhéanamh ar an mbóthar agus go raibh siad ar son cead pleanála a thabhairt don fhorbairt sin ‘go ginearálta’, dhiúltaigh siad don iarratas ar bhonn timpeallachta. Bhíothas buartha go háirithe faoin tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an mbratphortach agus ar an bhfraoch sa cheantar.

Fág freagra ar 'Fonn ar mhuintir Chonamara fógra ‘horses and carts only from here on in’ a chur ar an N59 – Ó Cuív'