Fonn a níos fiach i gcoinne na bhFrancach?

D'éirigh le hÉirinn an méid a bhí curtha rompu acu a dhéanamh ar an Satharn a chur i gcrích, ach tá ceithre chluiche dhúshlánacha amach rompu fós, ag tosú leis na Francaigh an Satharn beag seo

Devin Toner 7/2/2015

Ní raibh ach aon chúram amháin ar Joe Schmidt an deireadh seachtaine seo caite, dul chun na Róimhe agus an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil. Sin díreach a rinne sé, agus ní hamháin gur bhuaigh foireann na hÉireann, ach d’éirigh leo dhá úd a aimsiú ar dheireadh seachtaine a raibh úid sách gann sa gComórtas Sé Náisiún. Chinntigh an toradh gurb iad na Gaeil atá ar bharr tábla an chomórtais faoi láthair.

Mar sin féin, ní raibh i gcluiche na deireadh seachtaine seo caite ach an chéad chluiche i gcomórtas a bhfuil ceithre chluiche dheacra fós le himirt ann.

Tá na hIodálaigh ag taisteal go Londain le tabhairt faoi na Sasanaigh an deireadh seachtaine seo agus iad ag súil nach mbeidh bearna rómhór i bhfabhar na Sasanach ar chlár an scóir ach a gcríochnóidh an cluiche.

Tá na Breathnaigh as baile freisin an deireadh seachtaine seo, iad in Albain agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh an chailliúint i gcoinne Shasana sa gcéad chluiche a ligean i ndearmad.

Ach is léir ón taispeántas a thug Alba i bPáras nach mbeidh cúrsaí ró-éasca ag an mBreatain Bheag i nDún Éideann. Beidh tionchar ollmhór ag toradh an chluiche seo ar a bhfuil i ndán don dá fhoireann seo sa gcomórtas agus cuirfear an fhoireann a chailleann an cluiche seo as an gcomórtas go cinnte.

Sa mbaile i mBaile Átha Cliath a bheas na Gaeil an Satharn seo, iad i gcoinne na bhFrancach, foireann nach bhfuil cáil rómhaith orthu agus iad as baile agus foireann nár éirigh leo úd amháin féin a aimsiú sa gcéad chluiche den chomórtas in ainneoin iad a bheith ag imirt sa mbaile.

Tá neart roghanna ag Schmidt ó thaobh imreoirí de don chluiche seo. Beidh fáil arís aige ar Sexton, Healy agus Heaslip, triúir imreoirí a bheadh in ann áit a fháil ar aon fhoireann idirnáisiúnta, sin má bhíonn an tsláinte acu.

Is ceist eile cé a bheas ar an mbinse mar fhir ionaid do Sexton agus do Heaslip. Rinne Tommy O’Donnell thar barr ar fad nuair a thóg sé áit Sheáin O’Brien cúpla nóiméad roimh thús an chluiche sa Róimh, ach ní rogha éasca atá le déanamh ag Schmidt, idir an bheirt Ian – Keatley agus Madigan.

Cinnte, d’imir Keatley go maith ó thús an chluiche an tseachtain seo caite, é ag tapú chuile dheis ar scór, ach bhí Madigan thar a bheith fíochmhar agus díocasach nuair a tháinig seisean chun páirce. Seachas sin, seans nach mbeidh móran athruithe eile ar chúrsaí i measc na nGael, (cé go bhfuil seans beag fós ag an bhfrapa Cian Healy áit a aimsiú i measc na bhfear ionad.)

Beidh ceist faoi chur chuige na Fraince, mar a bhíonn go hiondúil go dtí go dtosóidh an cluiche, ach is cinnte go mbeidh luas agus imirt i bhfad níos eagraithe acu ná mar a chonaic muid ag na hIodálaigh.

Is cinnte, mar sin, go mbeidh plean ionsaithe agus cosanta iomlán nua ag Schmidt don chluiche seo. Chonaic muid an cleas seo uaidh le linn chluichí an fhómhair, nuair a d’athraigh sé an imirt ó bhonn thar thréimhse trí seachtaine, ón gcéad chluiche in aghaidh na hAfraice Theas go dtí an ceann in aghaidh na hAstráile.  Tá mé cinnte freisin go mbeidh na Francaigh ag súil leis seo ó na Gaeil, rud a fhágann gur cheart go mbeadh sárchluiche againn san Aviva an Satharn seo.

Níl scíth ag na Cúigí an deireadh seachtaine seo, mar go mbeidh an Pro 12 ar siúl arís. Tá an t-ádh ar Chúigí Mumhan, Uladh agus Laighean go bhfuil buntáiste an bhaile acu i gcoinne Treviso, Caerdydd agus Casnewydd (Newport) faoi seach.

Níor cheart go mbeadh móran stró ar fhoirne an bhaile na pointí a aimsiú sna cluichí seo, ach is scéal eile ar fad é cás Chonnacht, foireann a bheas as baile i gcoinne Scarlets. Mar sin féin, is deis iontach é seo do Chúige Chonnacht cúpla pointe a chruinniú. Ní bheidh siad sin gann ach ar aon imreoir amháin, Robbie Henshaw, a bheas ar dualgas idirnáisiúnta. Ní ionann an cás ag na Scarlets é.

Fág freagra ar 'Fonn a níos fiach i gcoinne na bhFrancach?'