Folús Stormont ag cur leis an mbaol a bhaineann leis an mBreatimeacht

Tá a lán abhus den bharúil go bhfuil Sinn Féin agus an DUP ag tochras ar a gceirtlín féin seachas díriú ar impleachtaí an Bhreatimeachta

Folús Stormont ag cur leis an mbaol a bhaineann leis an mBreatimeacht

Tá an Bhruiséil gafa leis. Tá imní ar rialtas na hÉireann mar gheall air. Thug tuairisc ó Theach na dTiarnaí i Londain foláireamh faoi cúpla lá ó shin. Níl ansin ach sampla an-teoranta de na daoine agus na hinstitiúidí atá imníoch faoin a bhfuil i ndán don oileán seo, theas agus thuaidh, de bharr an Bhreatimeachta. Ach tá Stormont ina thost.

Go deimhin, níl i Stormont ach foirgneamh bánaithe, corrdhuine ag bailiú a chuid páipéar le dhul in áit éigin eile agus a thuilleadh ag faire ar fhógraí na bhfolúntas. Tá an fheachtasaíocht d’olltoghchán Westminster ar an 8 Meitheamh ag bailiú nirt anois ó tá an Pharlaimint scortha ach is lú ná riamh an plé agus an dian-anailís atá á ndéanamh ar impleachtaí an Bhreatimeachta abhus.

Tá Michel Barnier ag triall ar Éirinn chun labhairt i dTeach Laighean agus tá ceannairí agus iarcheannairí eile ag sodar i ndiaidh a chéile chun an cheist a chíoradh.

Chualamar luaidreáin ón mBruiséil go dtiocfadh an tsáinn i Stormont salach ar leas na hÉireann. I dTuaisceart Éireann tá náisiúnaithe agus poblachtánaithe ag síorfhógairt gur toghchán faoin mBreatimeacht é vótáil na míosa seo chugainn, ach is cosúil gur leis ‘na fíréin’ atá siad ag seanmóireacht.

Tá naoi mí caite ó sheol Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Arlene Foster agus Martin McGuinness litir chuig Theresa May, Príomh-Aire na Breataine ag cur in iúl di gur fhág an Breatimeacht go mbeadh gá le beartais speisialta chun Tuaisceart Éireann, an caidreamh agus trádáil uile-Éireann agus an tsíocháin féin a chosaint. Níor eisigh Stormont páipéar bán, breac ná riabhach faoin ábhar idir sin agus scor na n-institiúidí. Luíonn sé le réasún go mbeadh lucht na Bruiséile míshásta leis an tost sin. Tá saoránaigh míshásta faoin scéal freisin. Is beag seans anois go ndéanfaidh Feidhmeannas an gnó mar gur cosúil gur faide uainn ná riamh réiteach idir Sinn Féin agus an DUP.

Ní hamháin go bhfuil na páirtithe dírithe ar thoghchánaíocht agus go bhfuil na cainteanna idirpháirtí curtha ar an méar fhada arís, ach tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil fuascailt ar an tsáinn i ngar ná i gcóngar dúinn. Is minic Státrúnaí na Breataine James Brokenshire ag tabhairt rabhadh do na páirtithe gur Feidhmeannas athbhunaithe a bhí á iarraidh ag an bpobal nuair a vótáil siad. Ach an ea?

Bhí an ceart aige faoi mhianta chuid de na vótóirí. Ach féach ar an bpáirtí is mó a rinne dul chun cinn – Sinn Féin. Mhéadaigh siadsan a vóta tar éis dóibh tarraingt amach as Stormont, mar a bhí á éileamh ag a lucht leanúna a mheas go raibh an DUP ag fáil an ceann is fearr orthu san fheidhmeannas. Mhéadaigh Sinn Féin a vóta ar an mbonn nach bhfillfidís ar an status quo agus nach mbeidís ina maidríní lathaí ag an DUP. Ní fhillfidís ar Stormont, a dúradar, go dtí go gcaithfí leo ar bhonn comhionannais. Níl callán ná éileamh go ngabhfaidís ar ais go Stormont le clos óna lucht leanúna.

Tá neamhshuim Shinn Féin i Stormont ag teacht lena n-éileamh ar an rialtas ó dheas aire a thabhairt do ghnóthaí Thuaisceart Éireann i leith an Bhreatimeachta. Ar ndóigh, tá an SDLP agus Alliance ag obair i gcomhar leis na húdaráis i mBaile Átha Cliath, ach is mionpháirtithe iad. Tá a lán abhus den bharúil go bhfuil Sinn Féin ag tochras ar a gceirtlín féin chomh maith le bheith ag déanamh imní faoi leas an phobail. An mó acu feachtasaíocht faoi reifreann i leith na teorann ná pleananna chun daoine a chosaint ó na hiarmhairtí is measa a bhainfidh leis an mBreatimeacht?

Agus an DUP? Géilleadh gan cheist do chur chuige Theresa May, pé ar bith cén rud é sin. Má tá imní ar chuid acu, agus caithfidh sé go bhfuil, níl siad á rá. Nuair a cheistítear iad faoi bheith ró-umhal ina gcaidreamh leis na Tóraithe, is é an freagra a  bhíonn acu ná a dhul ar an ionsaí. Deir siad gur léirigh an Príomh-Aire May nár theastaigh teorainn chrua uaithi agus gur fearrde Tuaisceart Éireann a bheith sa Ríocht Aontaithe agus scartha ón Aontas Eorpach. Sin é an soiscéal. Arís, fearacht Shinn Féin, níl plean oibre curtha faoi bhráid an phobail acu.

Ní hiontas go bhfuil feidhmeannaigh na Bruiséile míshásta leis an easpa gnímh ó Stormont. Cé a ghabhfaidh i ngleic leis an easnamh?

Fág freagra ar 'Folús Stormont ag cur leis an mbaol a bhaineann leis an mBreatimeacht'