‘Folús mór’ i saol na teanga agus an Dr. Peadar Ó Flatharta imithe ar shlí na fírinne

‘Cailliúint mhór d’Éirinn agus do chúis na gceart teanga ar fud an domhain’ é Peadar Ó Flatharta, a thug tréimhse ina stiúrthóir ar an scoil Fiontar agus ina stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Tá an fear léinn as Gaeltacht Chonamara, an Dochtúir Peadar Ó Flatharta, ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Peadar Ó Flatharta, arbh as an gCuileán ar an gCeathrú Rua é, tar éis tinnis.

Thug Ó Flatharta tréimhse ina stiúrthóir ar an scoil Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ina stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Bhí baint mhór aige le Coimisiún na Gaeltachta, a mhol go dtabharfaí isteach reachtaíocht teanga (Acht na dTeangacha Oifigiúla), go gcuirfí oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do dhaltaí scoile sa Ghaeltacht arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais (an Polasaí Oideachais Gaeltachta), go gcuirfí ar bun Aonad Gaeilge Tríú Leibhéal do léann na sochtheangeolaíochta agus don phleanáil teanga (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge), agus go dtabharfaí plean náisiúnta don Ghaeilge isteach (An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge).

Rinne Ó Flatharta go leor den réamhobair ar ullmhú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a tugadh isteach in 2010 agus cé nár glacadh lena mholtaí ar fad, tá a lorg go láidir ar an bplean a foilsíodh.

Chuir sé suim mhór i gcaitheamh a shaoil i gcúrsaí oideachais, agus in oideachas na Gaeltachta go háirithe. Go deimhin ba bhunmhúinteoir Gaeltachta é sula ndeachaigh sé ag obair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D’fhoilsigh an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta saothar tábhachtach taighde dá chuid Struchtúr Oideachais na Gaeltachta in 2007.

Bhí an-spéis ag Ó Flatharta chomh maith i gcúrsaí litríochta, agus i saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain go háirithe. Bhí ualach taighde déanta aige don saothar beathaisnéise a bhí beartaithe aige faoin scríbhneoir iomráiteach as Conamara.

Dúirt an Dochtúir Colin Williams ó Ollscoil Cambridge, saineolaí idirnáisiúnta ar chearta teanga, a d’oibrigh le Ó Flatharta ar thograí éagsúla teanga, gur “cailliúint mhór é d’Éirinn agus do gach duine ar domhan a bhíonn ag plé le cearta teanga”.

“Fear an-mhacánta, prionsabálta ab ea é, agus fear beagfhoclach ach lán dínite. D’oibrigh mé leis ar feadh blianta fada ar roinnt tograí inar cuireadh Éire, an Bhreatain Bheag, an Fhionlainn agus Ceanada i gcomparáid lena chéile.

“Bhí an-tionchar aige i réimse na gceart teanga. B’fhearr leis i gcónaí a bheith ag obair go discréideach, ach níor lú a thionchar dá bharr sin, go deimhin seans gur mhó an tionchar a bhí aige dá bharr,” a dúirt sé.

Dúirt Williams go raibh an-mheas ar Ó Flatharta ar fud an domhain agus murab ionann agus go leor daoine léannta gur fear é “nach raibh aon suim aige ina bheith ag éisteacht lena ghlór féin”.

“Is mór an chailliúint é d’Éirinn, dúinne ar fad — a chairde. Agus is mór an chailliúint é do chúis na gceart teanga ar fud na cruinne,” a dúirt sé.

Dúirt an Dochtúir Williams go raibh a bhosca ríomhphoist lán ó mhaidin le teachtaireachtaí ómóis do Ó Flatharta as gach uile chearn den domhan.

Ba dhlúthchara le Ó Flatharta é Pádraig Ó Ceithearnaigh, a chuir aithne air den chéad uair nuair a ceapadh iad beirt i róil shinsearacha i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge sna 1980idí.

“Níor thóg sé i bhfad orm a thuiscint gurbh é duine de na daoine ba chliste a casadh orm riamh. Bhí an-eolas aige ar an nGaeilge agus ar stair na hÉireann, agus bhí an-fhís aige don teanga sa tír. Bhí sé fíorfhlaithiúil lena chuid ama agus lena chuid smaointe.

“Bhí an-mheas air go náisiúnta agus i measc lucht an rialtais. Is iomaí Aire a ghlaodh air ag lorg comhairle agus ní hamháin faoi chúrsaí Gaeilge,” a dúirt an t-iar-uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Dúirt Ó Ceithearnaigh gur “an-stiúrthóir” a bhí in Ó Flatharta agus gur fear é ar mhó a spéis i dteacht ar réitigh ná cloisteáil faoi fhadhbanna.

“Ba dhlúthchairde muid agus is mór an chailliúint domsa é, agus don tír. Ní thuigfear go ceann tamaill cé chomh mór is atá an chailliúint sin.

“Murach é ní bheadh Acht Teanga ann, threoraigh sé an Chomhdháil i dtreo na reachtaíochta agus baineadh an-chuid amach,” a dúirt sé.

Mheas Ó Ceithearnaigh go raibh “an-lagmhisneach” ar Ó Flatharta le blianta beaga anuas mar gheall ar chúlú an Stáit óna dhualgas i leith chur chun cinn na teanga.

“Níor thaitin an cúlú sin sa réimse polasaí leis, agus bhí an-lagmhisneach air faoi. Ba thrua é nár baineadh níos mó leasa as na rudaí a rinne sé agus as na smaointe a bhí aige.”

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga, go bhfágann bás Pheadair Uí Fhlatharta “folús mór” i saol na Gaeilge.

“Ba cheannródaí é i saol acadúil na Gaeilge agus i gcur chun cinn cearta teanga.  Is iomaí áit go bhfuil lorg a láimhe.  Thacaigh an Dr. Peadar Ó Flatharta go láidir le hOifig an Choimisinéara Teanga i gcónaí. Bhí baint lárnach aige leis an bhfeachtas chun Acht Teanga a bhunú. Ina theannta sin bhí sé an-ghníomhach i mbunú Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in 2013.

“Bhí Peadar ina chabhair mhór domsa agus mé ag eagrú comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh níos luaithe i mbliana. Bhí aithne mhór aige ní hamháin orthu siúd atá ag plé le cúrsaí cearta teanga anseo in Éirinn ach go hidirnáisiúnta freisin. Is cailliúint mhór é do shaol na Gaeilge,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin gur “fear éirimiúil léannta” a bhí in Ó Flatharta.

“Ar bhonn pearsanta, ba chara dílis é a bhí flaithiúil i gcónaí lena chuid comhairle agus ba stuama agus ba chríonna an chomhairle sin i gcónaí. Tá lorg a láimhe ar an iliomad gnéithe dearfacha de pholasaí teanga an Stáit i gcúrsaí reachtaíochta, i gcúrsaí oideachais agus i gcúrsaí Gaeltachta.

“Ar an ócáid bhrónach seo níor cheart ligean i ndearmad ach an oiread go raibh díomá ar Pheadar le blianta beaga anuas mar gheall ar an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh ag institiúidí an stáit maidir le feidhm a thabhairt do pholasaí Gaeilge agus Gaeltachta an stáit. Cailliúint an-mhór atá ann agus braithfimid uainn go mór é.”

Dúirt Seosamh Mac Donncha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a d’oibrigh go dlúth le Ó Flatharta ar thograí éagsúla gur “dhuine uasal agus comhghleacaí den scoth” a bhí ann a bhí “fial flaithiúil lena chomhairle lena chomhghleacaithe agus a chuid cairde uilig”.

Maireann a bhean, Áine, agus gaolta eile.

Fág freagra ar '‘Folús mór’ i saol na teanga agus an Dr. Peadar Ó Flatharta imithe ar shlí na fírinne'

  • Máire

    mó Bhrón an laoch eile imithe uainn i fhad ró óg ar fad…….. ár gcailliunt mo léan
    beannacht leis sár shaothar a bhí ann