Folúntas: Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin den Ghrúpa Forbartha Áitiúil Comhtháite

Comhar na nOileán

Tá Comhar na nOileán CTR ag lorg duine atá spreagach agus cumasach le post a ghlacadh mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin den Ghrúpa Forbartha Áitiúil Comhtháite do na hoileáin amach ón gcósta. Tá an post lonnaithe ar oileán Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fiosrúcháin trí ríomhphost amháin. Ba chóir d’iarrthóirí tuiscint iomlán a bheith acu ar phobal na n-oileán/na tuaithe, Gaeilge líofa, táithí 3 bliana, ar a laghad, bainistíochta, cáilíocht ábhartha 3ú leibhéal, chomh maith le taithí ag obair ar an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER) agus le tionscnaimh Cuimsithe Sóisialta. Chun paca eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le fios@oileain.ie roimh 5i.n. ar an 5 Samhain 2018.