FOLÚNTAS: Oifigeach Forbartha

Gnó Mhaigh Eo

Tá folúntas ag Gnó Mhaigh Eo do dhuine cruthaitheach, réamhghníomhach agus cumasach chun bheith ina (h)Oifigeach Forbartha leis an gcuideachta chomhpháirtíochta seo, a bhfuil sé mar aidhm aici oibriú le lucht gnó an chontae chun leas a bhaint as an nGaeilge mar acmhainn eacnamaíochta luachmhar.

Buncháilíochtaí:

  • Sárchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa;
  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus taithí chuí san earnáil ghnó/Ghaeilge;
  • Tuiscint ar chúrsaí teanga agus gnó agus scileanna margaíochta den scoth;
  • Sárscileanna riaracháin agus ríomhaireachta;
  • Scileanna cumarsáide, idirphearsanta, gréasánaithe agus cur i láthair den scoth;
  • Scileanna aistriúcháin ar ardchaighdeán;
  • Ní mór go mbeadh an duine a roghnófar fuinniúil, solúbtha agus ábalta oibriú go han-mhaith as a stuaim féin agus le foireann;
  • Cumasach in éascú grúpaí;

Tréithe inmhianaithe eile:

  • Scileanna agus taithí i mbainistiú imeachtaí;
  • Scileanna agus taithí i mbainistiú tionscadal;
  • Taithí ar na meáin shóisialta a bhainistiú d’fhonn margaíocht a dhéanamh;
  • Eolas, tuiscint agus suim i gcúrsaí Gaeilge;

Dualgais:

  • Tionscadail a riaradh;
  • Comhairle a chur ar ghnólachtaí & ar eagraíochtaí maidir le húsáid na Gaeilge i gcúrsaí gnó agus margaíochta agus na buntáistí a bhaineann léi;
  • Gnólachtaí a spreagadh chun cur chuige dátheangach/Gaeilge a roghnú agus chun leas a bhaint as ár gcuid seirbhísí.
  • Aistriúchán a dhéanamh dár gcliaint.
  • Gréasánú agus caidreamh a chothú leis an lucht gnó, le heagraíochtaí fiontraíochta, le heagraíochtaí Gaeilge agus le grúpaí pobail agus oibriú i bpáirt leo;
  • Caidreamh fadtéarmach a chothú le cliaint agus monatóireacht a dhéanamh ar ghnólachtaí an chontae;
  • Cabhrú le Bainistíocht chun forbairt a dhéanamh ar thograí nua agus ar thionscadail reatha;
  • Imeachtaí & Ócáidí a eagrú agus a reachtáil;
  • Margaíocht ar tháirgí agus ar sheirbhísí na heagraíochta ar iliomad bealaí;
  • Cuir i láthair a dhéanamh;
  • Gnó Mhaigh Eo a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin na heagraíochta;
  • Cúrsaí GDPR a chinntiú;
  • Tuairisciú don Phríomhfheidhmeannach.

*Ní cur síos críochnúil é seo ar an bpost agus faoi réir athbhreithniú de réir riachtanais an róil.

Tuarastal:

Íocfar tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí ar an scála €27,567 – €42,041.

Beidh an tuarastal go hiomlán uileghabhálach.

Beidh cur i láthair agus scrúdú scríofa mar chuid den agallamh – féach an cur síos thíos:

Cur i láthair: Tá sé i gceist ag Gnó Mhaigh Eo Aonach Trádála a eagrú a bheidh oscailte don phobal. Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo lucht gnó Mhaigh Eo a mhealladh chun páirt a ghlacadh san Aonach Trádála agus a gcuid táirgí/seirbhísí a chur ar taispeáint don phobal. Iarrfar ar na hiarratasóirí cur i láthair 5 nóiméad a dhéanamh ar na straitéisí a d’úsáidfidís chun an lucht gnó a mhealladh chun páirt a ghlacadh san Aonach agus chun na Gaeilge a chur chun cinn mar acmhainn luachmhar eacnamaíochta le linn an tionscadail agus aonaigh.

Triail Teanga: Déanfar an triail cháilitheach teanga a eagrú ag, nó thar ceann, Ghnó Mhaigh Eo. Beidh sa triail teanga scrúdú scríofa ar ábhar ginearálta agus ar ábhar a bheidh bainteach le dualgais an phoist. Ní bheidh eolas ar théarmaí teicniúla neamhghnácha ag teastáil.

mór láncheadúnas glan Éireannach tiomána a bheith ag an a cheapfar, agus carr ar fáil dóibh le húsáid le h’aghaidh a gcuid oibre.

mór don a cheapfar bheith ar fáil chun obair um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine go hócáideach, agus a bheith solúbtha le linn tréimhsí gnóthacha.

Seol litir chumhdaigh agus CV chuig niamh@gnomhaigheo.ie roimh 5i.n., 25 Meán Fómhair 2019.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Gnó Mhaigh Eo.