Folúntas: Clár Reachtaire RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Máirt, an 7ú Aibreán 2026. 

 

Tá folúntas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do Chlár Reachtaire i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair.

Ina theannta sin, tá súil acu painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo.

Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.

Eolas faoin ról:

• Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
• Obair iriseoireachta agus tuairisciú
• Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
• Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
• Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta

Eolas fút féin:

• Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
• Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
• Tuiscint faoi leith ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
• Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
• Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
• Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
• Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta

Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil agus oiliúint ar fáil de réir mar a theastaíonn.

Beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar chonradh dhá bhliain le scála tuarastail €53,853 – €84,337 sa bhliain.

Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leat a bheith i do Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Máirt, an 7ú Aibreán 2026.

 

Is féidir breis eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ag an nasc seo: https://about.rte.ie/working-with-rte/vacancies/