Acmhainn do Bhainisteoirí / Oifigigh Acmhainní Daonna i Stáisiúin Raidió Pobail & Tráchtála
- AN BHFUIL GAEILGE LÍOFA AGATSA?
- BUA NA CAINTE?
- SPÉIS I gCRAOLTÓIREACHT RAIDIÓ?
MÁ TÁ TÚ
- bríomhar, fuinniúil, cruthaitheach
- le sár-scileanna cumarsáide
- fiosrach faoin saol mór
- pointeáilte i mbun oibre &
- Gaeilge ar do thoil agat
SPRIOCANNA:
- STÁISIÚN RAIDIÓ
Feidhmeoidh AN tEOLAIRE mar lárphointe earcaíochta do na stáisiúin raidió chun go mbeidh teacht acu ar láithreoirí le Gaeilge líofa nuair a bheidh folúntais le líonadh acu. - MAIDIR LEATSA
Beidh deis agatsa, má tá Gaeilge líofa agat agus spéis i gcraoltóireacht raidió, tú féin a chur in iúl do na bainisteoirí stáisiún ar fad atá ag craoladh sa tír.
Tuilleadh Eolais Anseo: https://www.aerthonnta.ie/eolaire/