Foláireamh oráiste gaoithe le teacht i bhfeidhm i nGaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo

Neartóidh an ghaoth aniar aneas leis an tráthnóna agus beidh sí an-tréan agus siotaí fíochmhara léi

Foláireamh oráiste gaoithe le teacht i bhfeidhm i nGaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo

D’fhéadfadh gur mó an díobháil a dhéanfaidh Stoirm Jocelyn ó tharla í a bheith ag teacht go gairid i ndiaidh Stoirm Isha, a deir Met Éireann.

Tá 45,000 tigh agus gnó fós gan aon chumhacht acu tráthnóna.

Tá foláireamh oráiste gaoithe i bhfeidhm sa Ghaillimh agus i Maigh Eo idir 5pm agus meán oíche anocht agus tá foláireamh oráiste i bhfeidhm i nDún na nGall idir 6pm agus 2am.

San iarthuaisceart is mó atá daoine fágtha gan chumhacht i gcónaí.

Tá an chumhacht aibhléise arís ag níos mó ná 190,000 den 235,000 custaiméir a raibh briseadh cumhachta acu de dheasca Stoirm Isha, ach d’fhéadfadh nach mbeadh an aibhléis ar ais ina ceart ag daoine i gceantair iargúlta áirithe go dtí an Déardaoin.

Dúirt Gréasáin an Bhoird Soláthair Leictreachais go bhféadfadh go gcuirfeadh Stoirm Jocelyn as don obair dheisiúcháin in áiteanna.

Tá foláireamh buí gaoithe i bhfeidhm go dtí 2am amárach do Chiarraí, an Ghaillimh, Maigh Eo agus an Clár agus tá a leithéid d’fholáireamh i bhfeidhm i nDún na nGall, Liatroim agus Sligeach go dtí 5am.

Lá fliuch gaofar atá sa lá inniu agus Jocelyn, an stoirm is déanaí chugainn ag ropadh léi siar ó thuaidh d’Éirinn,

Tá rabhadh tugtha go mbeidh “ropthaí tréana díobhálacha” leis an ngaoth le linn na stoirme.

Iarrtar ar dhaoine a bheith fíorchúramach ar bóthar nó ar chosán mar go mbeidh cúrsaí taistil an-chrua ó tharla go bhféadfadh crainnte a bheith leagtha agus línte aibhléise a bheith curtha anuas ag an stoirm. D’fhéadfadh stoirm an lae inniu tuilleadh damáiste a dhéanamh do chrainnte, ballaí agus díonta atá fágtha corrach agus leochaileach ag stoirm Isha agus ba chóir a bheith san airdeall ina n-aice.

Neartóidh an ghaoth aniar aneas leis an tráthnóna agus beidh sí an-tréan agus siotaí fíochmhara léi. Leis an gcósta thiar agus san iarthuaisceart is tréine a bheidh sí. Ní bheidh sé fuar agus an teocht idir 10 agus 14 céim Celsius.

Oíche ghaofar a bheidh againn anocht agus an ghaoth shiotach thréan ag séideadh aniar aneas nó aniar ach lagfaidh sí i rith na hoíche.

Maidin amárach beidh tréimhsí

geala againn is corrchith ach le titim na hoíche triomóidh sé de réir a chéile. Beidh an teocht is ísle idir 5 agus 8 gcéim Celsius.

Lá tirim agus corrthamall gréine atá á ghealladh sa gcuid is mó den tír ar an gCéadaoin, ach bíodh muintir an iarthair agus an tuaiscirt faoi réir do chorrmhúr. Lagfaidh an ghaoth agus beidh an teocht idir 7 agus 11 céim Celsius.

Fág freagra ar 'Foláireamh oráiste gaoithe le teacht i bhfeidhm i nGaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo'