Foláireamh aimsire tugtha do chontaetha Gaeltachta agus ‘Stoirm Eibhlín’ ar an mbealach

Beidh gaoth láidir aniar aduaidh i ndeisceart agus in iarthar na tíre ón 2 a chlog tráthnóna go dtí meán oíche anocht nó mar sin

Foláireamh aimsire tugtha do chontaetha Gaeltachta agus ‘Stoirm Eibhlín’ ar an mbealach

Tá foláireamh aimsire tugtha ag Met Éireann do chontaetha i ndeisceart na tíre agus in iarthar na tíre, na contaetha Gaeltachta Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge san áireamh.

Tá ‘foláireamh buí’ eistithe do na contaetha sin agus Stoirm Eibhlín ag déanamh ar Éirinn. Táthar ag súil le gaoth chomh láidir le 110km/h in áiteanna.

Beidh gaoth láidir aniar aduaidh i ndeisceart agus in iarthar na tíre ón 2 a chlog tráthnóna go dtí meán oíche anocht nó mar sin. Tá rabhadh speisialta tugtha ag Met Éireann do dhaoine atá in gcónaí nó ag taisteal in áiteanna cois farraige.

Is í Stoirm Eibhlín an chéad stoirm ‘foláireamh buí’ a shroichfidh Éire le linn an tséasúir stoirmeacha seo. D’fhógair Met Éireann liosta 21 ainm do stoirmeacha an gheimhridh 2017/2018. Oibríonn Met Éireann agus Met Office na Breataine as lámha a chéile le súil a choinneáil ar stoirmeacha, agus leis an bpobal sa dá oileán a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann leo.

Cinneadh cúpla bliain ó shin ainmneacha a thabhairt ar na stoirmeacha nuair a fuarthas i dtaighde go mbíonn níos mó airde ag an pbobal ar stoirmeacha nuair a bhíonn ainm faoi leith orthu.

Fág freagra ar 'Foláireamh aimsire tugtha do chontaetha Gaeltachta agus ‘Stoirm Eibhlín’ ar an mbealach'