Foirne peile na Gaeltachta agus Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag ceiliúradh arís

Cé gur cuireadh cluichí ar ceal ar fud na tíre mar gheall ar an drochaimsir, bhí foirne Gaeltachta ag imirt i gcluichí tábhachtacha thar an deireadh seachtaine agus rath ar na Muimhnigh go háirithe

Foireann mionúr Bhéal Átha an Ghaorthaidh
Foireann mionúr Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Corn eile ag filleadh ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Is iad Béal Átha an Ghaorthaidh seaimpíní Chraobh Mionúr C Chorcaí tar éis dóibh an bua a fháil ar Chill Dairbhre sa chluiche ceannais ar an Domhnach. Bhí ardluas faoin imirt sa chluiche seo inar scóráladh 11 cúl. Ba iad buachaillí Mhúscraí a bhí ag ceiliúradh sa deireadh, 6-9 i gcoinne 5-7.

Dhealraigh sé go raibh an cluiche buaite ag buachaillí na Gaeltachta taobh istigh den chéad 11 nóiméad agus iad 3-4 in aghaidh 0-0 chun cinn. B’iad Barra Ó Buachalla, Conchúir Ó Loingsigh agus Donagh Seartan a scóráil na cúil. Fuair Rónán Ó Loingsigh cúl eile ach tháinig Cill Dairbhre ar ais go láidir ina dhiaidh sin agus ní raibh siad ach dhá chúl chun chun deiridh ag leath ama, 4-5 in aghaidh 2-5. Faoin am a d’aimsigh siad 2-1 eile taobh istigh den chéad cheithre nóiméad den dara leath, bhí siad chun cinn den chéad uair sa chluiche, 4-6 in aghaidh 4-5.

Níor mhair an tréimhse cheannasaíochta sin i bhfad, áfach, agus d’aimsigh Conchúir Ó Loingsigh dhá chúl i bhfoisceacht cúpla nóiméad dá chéile chun Béal Átha an Ghaorthaidh a chur chun tosaigh arís. Scóráil Cill Dairbhre an cúl deireanach agus gan ach deich nóiméad fágtha sa chluiche, ach bhí dóthain déanta ag buachaillí na Gaeltachta chun an lá a thabhairt leo.

INPHO/Andrew Paton
INPHO/Andrew Paton

Drochsheachtain d’fhoirne sóisear na Breathnaigh

An deireadh seachtaine seo caite, tháinig deireadh le haistear iománaithe chumann Mícheál Breathnach i gCraobh Sóisear A na Gaillimhe nuair a chaill siad sa chluiche leathcheannais in aghaidh Ard Raithin. An Satharn seo, b’iad na peileadóirí a chaill amach, i gcluiche ceannais Chraobh Sóisear A an Chontae in aghaidh an Chreagáin/Mhaigh Locha.

Chuir an aimsir deireadh le roinnt mhaith cluichí sa chontae ar an Satharn ach imríodh an cluiche seo i Staid an Phiarsaigh in ainneoin na drochaimsire. Bhain na Breathnaigh leas an aimsir ag tús an chluiche, iad ag dul trí phointe chun cinn le cabhair na gaoithe ach chuaigh rudaí in olcas ina dhiaidh sin.

Rinne an Creagán/Maigh Locha teacht aniar agus cé go raibh siad ag imirt in aghaidh na gaoithe, bhí siad chun cinn ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4.  Bhí an farasbarr sin méadaithe acu go dtí ceithre phointe leath bealaigh tríd an dara leath agus nuair a d’aimsigh Michael Kelly cúl dóibh, bhí rás an fhoireann Gaeltachta rite. D’aimsigh Kelly cúl eile chun cuma níos fearr fós a chur ar chúrsaí ar chlár na scór agus bua 2-12 in aghaidh 0-7 a bhí acu ar deireadh.

Foireann sóisear na Gaeltachta, a bhuaigh Craobh Chiarraí Thiar
Foireann sóisear na Gaeltachta, a bhuaigh Craobh Chiarraí Thiar

An Ghaeltacht i gceannas i gCiarraí Thiar arís

Coicís tar éis don fhoireann sinsear Craobh Chiarraí Thiar a bhuachan, bhuaigh foireann sóisear na Gaeltachta an chraobh áitiúil an deireadh seachtaine seo. Ba ar Abhainn an Scáil a fuair na sinsir an ceann is fearr orthu agus ba é an cumann céanna a bhí roimh na sóisir.

go raibh siad ag imirt in aghaidh na gaoithe sa chéad leath, chuir an Ghaeltacht sárthús leis an gcluiche. Bhí siad 0-4 in aghaidh 0-0 chun cinn gan ach seacht nóiméad imeartha agus na scóranna uile ag teacht ón lántosach, Óigí Ó Sé. I bhfeabhas a chuaigh cúrsaí deich nóiméad roimh leath ama nuair a scóráil Gearóid Mac an tSaoir an chéad chúl den chluiche chun a fhoireann a chur chun cinn 1-6 in aghaidh 0-2.

Tháinig Abhainn an Scáil ar ais ina dhiaidh sin agus ní raibh de bhearna idir na foirne ach dhá phointe go luath sa dara leath. D’aimsigh PJ Mac an Láimh agus Shane Ó Grifín cúl an duine sa cheathrú uaire deireanach agus cé gur laghdaigh Abhainn an Scáil an bhearna arís le dhá chúl agus an t-am beagnach caite, b’iad fir na Gaeltachta a bhí ag ceiliúradh arís.

Fág freagra ar 'Foirne peile na Gaeltachta agus Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag ceiliúradh arís'