Foirne Mhúscraí le chéile i bPríomhghrád Idirmheánach Peile 2020

Casfaidh dhá fhoireann as Múscraí, Naomh Abán agus Cill na Martra, ar a chéile i nGrúpa 2 sa Phríomhghrád Idirmheánach Peile agus imreoidh Béal Átha an Ghaorthaidh i nGrúpa 1 de Chraobh Shinsir Peile ‘A’ an chontae

Foirne Mhúscraí le chéile i bPríomhghrád Idirmheánach Peile 2020

Comhrac Gaeltachta a bheidh ann i bPríomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí an bhliain seo chugainn mar tá Naomh Abán agus Cill na Martra tarraingthe le chéile sa ghrúpa céanna.

Rinneadh an tarraingt do chraobhacha peile agus iomána Chorcaí 2020 aréir agus tarraingíodh foirne Mhúscraí in aghaidh a chéile i nGrúpa 2.

Tá athstruchtúrú mór déanta ar chraobhacha peile agus iomána an chontae don bhliain seo chugainn. Imreofar babhtaí na ngrúpaí i ngach craobh agus beidh dhá ghrád sinsir ann feasta sa pheil agus san iomáint, an Príomhghrád Sinsir agus an Chraobh Shinsir ‘A’.

Fágann sé sin gurb é an Príomhghrád Idirmheánach Peile ina mbeidh Naomh Abán agus Cill na Martra ag glacadh páirt ann an tríú grád is airde i gCorcaigh.

Chuaigh Cill na Martra chomh fada le babhta ceathrú ceannais na craoibhe i mbliana, bliain tar éis dóibh an Chraobh Idirmheánach a bhuachan in 2017. Chlis ar Naomh Abán sa dara babhta den Phríomhghrád Idirmheánach Peile in 2018.

Is iad Uinsinn Naofa agus Cnoc na Graí na foirne eile atá i nGrúpa 2.                          

Sa Chraobh Shinsir ‘A’ a bheidh foireann eile Mhúscraí, Béal Átha an Ghaorthaidh ag glacadh páirt an bhliain seo chugainn.

Mar a tharla i gcás Chill na Martra, chaill Béal Átha an Ghaorthaidh i gcluiche ceathrú ceannais sa Phríomhghrád Idirmheánach Peile ach tá ardú céime tugtha dóibhsean go dtí an sa Chraobh Shinsir A’, a bhuíochas dá dtaispeántais craoibhe le ceithre bliana anuas.

Tá Béal Átha an Ghaorthaidh i nGrúpa 1 sa chraobh sin. Tá Ó Donnabháin Rossa, San Nioclás, agus Micheál Naofa istigh sa ghrúpa céanna le Béal Átha an Ghaorthaidh.

Tabharfar ardú céime d’fhoireann amháin agus díbreofar foireann amháin i ngach craobh.

Craobh Shinsir Peile ‘A’ Chorcaí 2020

Grúpa 1: Béal Átha an Ghaorthaidh, Ó Donnabháin Rossa, San Nioclás, Micheál Naofa.

Grúpa 2: Coiscéim, Mala, Éire Óg, Gorma Bheanntraí.

Grúpa 3: Na Dubhchonnaigh, Fánaithe na Claide, Droichead na Bandan.

Príomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí 2020

Grúpa 1: Áth Trasna, Na Piarsaigh, Baile Chaisleáin Bhéarra,  Áth Fhada.

Grúpa 2: Naomh Abán, Cill na Martra, Uinsinn Naofa, Cnoch na Graí.

Grúpa 3: Maigh Chromtha, Ceann Toirc, Raonaithe Nemo, Raonaithe Gaibriéil

Fág freagra ar 'Foirne Mhúscraí le chéile i bPríomhghrád Idirmheánach Peile 2020'