Cuirfidh foirne idirbheartaíochta Fhianna Fáil agus Fhine Gael tús inniu le cainteanna faoi chomhrialtas nua a chur le chéile.
Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh stocaireacht déanta acu ar an dá pháirtí agus ar pholaiteoirí eile lena chinntiú go dtabharfar aird ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sna cainteanna.
Tuairiscítear go bhfuil easaontas cheana féin idir an dá pháirtí faoi bhunú ranna rialtais nua. Tuairiscítear go bhfuil Micheál Martin ag iarraidh cúrsaí inimirce a chur faoi roinn nua agus go bhfuil Simon Harris ag caint faoi roinn nua infreastruchtúir a bhunú.
Chomh maith leis sin, gheall Fianna Fáil ina bhforógra toghcháin go n-athbhunódh siad an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ach iad a bheith i rialtas.
Ar na hábhair go mba mhaith le lucht feachtais teanga go gcuirfí iad ar an gclár plé sna cainteanna faoi bhunú rialtais, tá cúrsaí maoinithe, forbairt an ghaeloideachais, cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus aire sinsearach don Ghaeltacht.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc go raibh “seans an-mhaith” go mbeadh príomhchúram laethúil na Gaeltachta ar aire sinsearach den chéad uair le 14 bliain dá gcloífeadh Fianna Fáil lena ngealltanas faoi chúram na Gaeltachta a chur isteach le gnóthaí pobail agus tuaithe.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag súil “ar a laghad” go gcloífidh Fianna Fáil agus Fine Gael leis an méid a gheall siad roimh an toghchán.
“Tá ceist ann faoi thodhchaí na Gaeltachta mura ndéantar rud éigin faoi chúrsaí tithíochta agus táimid ag súil go ndéanfar beart ansin,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
“Tá ceist ann freisin faoi thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais – tá éigeandáil ó thaobh na teanga ansin – agus sin fadhb eile a bhfuil gealltanais déanta acu fúithi. Chomh maith leis sin caithfear cothrom na Féinne a thabhairt ar deireadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó thaobh maoinithe de.”
Bhí cruinniú inné ag ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris chun tús a chur leis an bplé faoi chomhrialtas a chur le chéile agus clár rialtais a aontú.
Dúradh gur cruinniú “dearfach” agus “tairbheach” a bhí ann agus go rabhadar beirt ar aon intinn faoi rialtas “seasmhach” a chur le chéile ar bhonn cóimheasa.
Fág freagra ar 'Foirne idirbheartaíochta FF agus FG ag dul chun cainte -– lucht feachtais ag súil go dtabharfar aird ar an teanga'