Foirne Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i nGaillimh agus cluichí tábhachtacha i gCorcaigh agus sna Déise

Cluichí leathcheannais, cluichí ceathrú ceannais agus cluichí dícháilithe atá i ndán d’fhoirne na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Foirne Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i nGaillimh agus cluichí tábhachtacha i gCorcaigh agus sna Déise

Gaillimh 

Dé Sathairn, an 30 Deireadh Fómhair 

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 

An Cheathrú Rua v Bearna – Ros Muc, 3.30pm 

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 

Oileáin Árann v Naomh Anna, Leitir Móir – Staid an Phiarsaigh, 2pm 

Dé Domhnaigh, an 31 Deireadh Fómhair 

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 

An Spidéal v Seamróga Chortúin – Bóthar na Trá, 1.30pm 

Maigh Cuilinn v An Creagán/Maigh Locha – Staid an Phiarsaigh, 2.15pm

Cluichí leathcheannais atá roimh fhoirne peile na Gaeltachta i nGaillimh an deireadh seachtaine seo, cé gur cluichí sna babhtaí dícháilithe atá i gceist le cúpla ceann acu. 

Beidh dhá choimhlint lán-Ghaeltachta ann tráthnóna sna Craobhacha Sinsir agus Idirmheánach. Tabharfaidh An Cheathrú agus Bearna aghaidh ar a chéile thiar i Ros Muc sna babhtaí dícháilithe den Chraobh Shinsir. Feachtas crua a bhí ag fir na Ceathrún Rua go dtí seo ach is minic leosan an beart a dhéanamh nuair is gá agus beidh súil acu go dtarlóidh sin arís. Ba dhíomách an bhliain a bhí ag Bearna freisin go dtí seo, go háirithe tar éis dóibh babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe a bhaint amach anuraidh, ach beifear ag súil go bhfeicfear a gcumas inniu.  

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh Oileáin Árann agus Naomh Anna, Leitir Móir lán dóchais agus iad ag fáil réidh do chluiche leathcheannais. Foireann a bhfuil a lán taithí aici í foireann Oileáin Árann agus roinnt blianta anois caite ag na hoileánaigh ag iarraidh an Chraobh Shinsir a bhaint amach. Ina n-aghaidh, tá foireann Naomh Anna atá ag brath go mór ar imreoirí óga chun an beart a dhéanamh dóibh ach tá roinnt seanfhondúirí fós acu freisin agus an cumann ag iarraidh an príomhghrád a bhaint amach arís tar éis dóibh a bheith díbeartha cúpla bliain ó shin. 

Is ag iarraidh an Chraobh Idirmheánach a sheachaint a bheidh peileadóirí an Spidéil nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Sheamróga Chortúin Dé Domhnaigh. Tá cuid mhaith d’imreoirí na foirne gafa le cúrsaí peile agus iomána le roinnt seachtainí anuas agus cuma thuirseach ar an bhfoireann, go háirithe sa chluiche deireanach a bhí acu in aghaidh Naomh Micheál, ach thabharfadh bua in aghaidh Sheomróga Chortúin spreagadh ar leith dóibh. Mar aon leis an gCeathrú Rua agus Bearna, beidh deis amháin eile ag an Spidéal dícháiliú a sheachaint má chailleann siad Dé Domhnaigh. 

Fad is atá an cluiche sin idir an Spidéal agus Seamróga Chortúin á imirt i mBóthar na Trá, cuirfear tús leis an gcluiche leathcheannais idir Mhaigh Cuilinn agus An Creagán/Maigh Locha i Staid an Phiarsaigh. Is iad na foirne seo a chas ar a chéile i gcluiche ceannais na bliana seo caite agus an lá tugtha leo ag Maigh Cuilinn chun Corn Mhic an tSionnaigh a bhuachan den chéad uair. Bhí ar fhir na Gaeltachta teacht aniar a dhéanamh in aghaidh Réalta Thuama chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach ach beidh súil acu go seasfaidh an dúshlán sin dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar cheann de na foirne is láidre sa chontae. 

Corcaigh 

Foireann Naomh Abán ag Comórtas Peile na Gaeltachta in 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dé Sathairn, an 30 Deireadh Fómhair 

Príomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí 

Naomh Abán v Áth Trasna – Sráid an Mhuilinn, 2pm 

Craobh Shinsir Peile A Chorcaí 

Béal Átha an Ghaorthaidh v Fánaithe na Cláide – Na hUamhanna, 4pm

Tá Cill na Martra cáilithe cheana féin do bhabhtaí leathcheannais an Phríomh-Chraobh Idirmheánach Peile i gCorcaigh agus beidh ceann d’fhoirne eile Mhúscraí, Naomh Abán, ag iarraidh áit a bhaint amach taobh leo agus an bua a bheith acu inniu. Bhí an deis ag fir Bhaile Bhuirne dul díreach tríd chuig cluiche leathcheannais ach fuair Ceann Toirc an ceann is fearr orthu sa bhabhta deireanach den ghrúpa. Tá coimhlint chrua rompu anois in aghaidh Áth Trasna agus meastar nach mór a bheidh idir na foirne. 

Tráthnóna freisin a chasfaidh Béal Átha an Ghaorthaidh agus Fánaithe na Cláide ar a chéile i gcluiche leathcheannais i gCraobh Shinsir Peile A Chorcaí. Is iad fir na Gaeltachta rogha na coitiantachta don chluiche tar éis dóibh taispeántais mhaithe a thabhairt i mbabhtaí an ghrúpa. Bhuaigh Béal Átha an Ghaorthaidh péire de na trí chluiche a d’imir siad agus níor chailleadar an ceann eile ach le pointe amháin. É sin ráite, d’éirigh chomh maith céanna le Fánaithe na Cláide, cé go raibh bua éasca ag Mala orthu sa dara babhta. 

Ciarraí 

Paul Geaney. Pic: INPHO/James Crombie

Dé Domhnaigh, an 31 Deireadh Fómhair 

Craobh Shinsir Peile Chiarraí 

Ciarraí Thiar v Na Crócaigh – Páirc Aibhistín de Staic, 3pm 

Daingean Uí Chúis v Ciarraí Láir – Páirc Aibhistín de Staic, 5pm

Cuirfidh foirne Chorca Dhuibhne tús lena bhfeachtais i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo agus Ciarraí Thiar agus an Daingean ag imirt i dTrá Lí Dé Domhnaigh.  

Cuirfidh Ciarraí Thiar tús le cúrsaí agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh. Níl fir Chill Airne chomh láidir agus a bhí blianta eile ach dúshlán ar leith a bheidh ann do Chiarraí Thiar, go háirithe agus roinnt imreoirí in easnamh orthu. Tá Ruaidhrí Ó Beaglaoich na Gaeltachta agus Killian Falvey, Abhainn an Scáil gortaithe agus tá Tomás Ó Sé thar sáile ag rince agus is mór an chailliúint iad an triúr.  

Níl cluiche éasca i ndán don Daingean ach an oiread agus iad ag imirt in aghaidh Chiarraí Láir, dream a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na bliana seo caite. Tá foireann an Daingin chomh láidir is a bhí le roinnt blianta anuas agus muintir Geaney agus na Súilleabhánaigh i lár an aonaigh dóibh. Tá 73 bliain ann ó bhuaigh an Daingean Craobh Shinsir Chiarraí ach céim mhór chun cinn a bheadh ann dá n-éireodh leo an beart a dhéanamh Dé Domhnaigh. Má chliseann orthu, beidh siad bliain eile ag fanacht. 

Port Láirge 

Donie Breathnach (An Rinn). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dé Domhnaigh, an 31 Deireadh Fómhair 

Craobh Shinsir Peile Phort Láirge 

An Rinn v Cumann an tSlánaitheora – Coill Mhic Thomáisín, 12pm

Ag dul chun páirce sna babhtaí dícháilithe de Chraobh Shinsir Peile na nDéise a bheidh An Rinn Dé Domhnaigh. Chaill fir na Gaeltachta an dá chluiche a bhí acu i nGrúpa A na craoibhe in aghaidh an tSráidbhaile agus Bhaile na Cúirte faoi seach. Bhí dornán imreoirí tábhachtacha ar iarraidh ar an Rinn sna cluichí sin, áfach, agus cé nach mbeifear uile ar ais ar fáil an deireadh seachtaine seo, is mór an cúnamh a bheadh ann dá mbeadh duine nó beirt breise ar fáil Dé Domhnaigh. Buaileadh Cumann an tSlánaitheora go dona sa dá chluiche a bhí acu i nGrúpa B, rud a thabharfaidh dóchas don Rinn, ach beidh seans eile acu an dícháiliú a sheachaint fiú má chailleann siad an deireadh seachtaine seo. 

Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i nGaillimh agus cluichí tábhachtacha i gCorcaigh agus sna Déise'