Agus iad ar ais ag imirt i gCraobh Shinsir na Gaillimhe den chéad uair ó thús na mílaoise, tá a fhios ag peileadóirí an Spidéil anois cé a bheidh ina gcoinne sa chomórtas i mbliana.
Rinneadh an tarraingt don chraobh aréir agus beidh Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, Baile an Mhuilinn, Naomh Micheál, Cill Fhir Iarainn agus Bearna i nGrúpa A leis an Spidéal.
Imreoidh fir Chois Fharraige i gcoinne Naomh Micheál sa chéad bhabhta. Tabharfaidh an cumann Gaeltachta eile sa ghrúpa, Bearna, aghaidh ar Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach. Imreofar an chéad bhabhta de na cluichí idir an 24 agus an 26 Bealtaine.
Tá Naomh Anna, Leitir Móir curtha i nGrúpa B in éineacht le Cora Finne, a bheidh ag iarraidh an chraobh a bhuachan den seachtú bliain as a chéile. Is iad Anach Cuain, Baile Chláir na Gaillimhe, Naomh Séamus agus Réalta Thuama na foirne eile sa ghrúpa agus cuirfidh Naomh Anna tús leis an ngrúpa le cluiche i gcoinne Naomh Séamus.
Is i nGrúpa C atá An Cheathrú Rua agus imreoidh siad in aghaidh Chathair Loistreáin sa chéad bhabhta. Tá Maigh Cuilinn sa ngrúpa céanna agus casfaidh siadsan ar a gcomharsana béal dorais Cill Aithnín sa chéad chluiche. Is iad Muine Mheá/An Mhainistir agus An Creagán/Maigh Locha na foirne eile atá i nGrúpa C.
Sa Chraobh Idirmheánach, beidh súil ag Micheál Breathnach ardú céime a bhaint amach tar éis dóibh dul chomh fada leis an gcluiche ceannais anuraidh. Tá fir Indreabháin curtha i nGrúpa A agus imreoidh siad i gcoinne Chill Choirín/Cluain Bheirn sa chéad bhabhta agus beidh Uachtar Ard agus An Clochán rompu ina dhiaidh sin.
Tá Carna/Caiseal i nGrúpa B agus tá Cealtrach, a thit ón ngrád sinsir anuraidh, Áth Cinn agus Baile Liam leo. Imreoidh Carna/Caiseal in aghaidh Bhaile Liam sa chéad bhabhta.
Casfaidh Oileáin Árann ar Sheamróga Chortúin, foireann eile a thit ón gcraobh shinsir anuraidh, sa chéad chluiche i nGrúpa D. Is iad An Dún Mór agus Mionlach na foirne eile atá sa ghrúpa leo.
Dhá fhoireann a bheidh ag dul suas ón ngrád idirmheánach go dtí grád na sinsear i mbliana.
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2019
Grúpa A
Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach
Bearna
Naomh Micheál
An Spidéal
Baile an Mhuilinn
Cill Fhir Iarainn
Grúpa B
Cora Finne
Réalta Thuama
Anach Cuain
Baile Chláir na Gaillimhe
Naomh Anna, Leitir Móir
Naomh Séamus
Grúpa C
An Creagán/Maigh Locha
Muine Mheá/An Mhainistir
Maigh Cuilinn
Cill Aithnín
An Cheathrú Rua
Cathair Loistreáin
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe 2019
Grúpa A
Micheál Breathnach
Cill Choirín/Cluain Bheirn
Naomh Feichín, An Clochán
Uachtar Ard
Grúpa B
Cealtrach
Áth Cinn
Carna/Caiseal
Baile Liam
Grúpa C
Cill Chonla
Órán Mór/Meáraí
Naomh Gabriel
Cora Finne
Grúpa D
Seamróga Chortúin
Oileáin Árann
Mionlach
An Dún Mór Mhic Éil
Fág freagra ar 'Foirne Chonamara ag fáil faoi réir do chluichí móra agus an tarraingt déanta sa Ghaillimh'