Foirne an PRO 12 faoi chois ag na Sasanaigh san Eoraip, ach cén fáth?

Caitheann ár gcolúnaí súil ghéar ar theip fhoirne an Pro 12 i gComórtas Choirn na gCuradh agus ar na cúiseanna gur tharla sin...

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Tháinig deireadh leis an imirt sna grúpaí i gCorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite agus is teachtaireacht dhuairc, ghruama atá le foghlaim acu siúd a leanann clubanna rugbaí an PRO 12 nuair a dhéanann siad scrúdú ar an gcaoi ar éirigh le foirne as siúd i gcomparáid le clubanna an Premiership i Sasana agus an Top 14 sa bhFrainc.

Oiread agus foireann amháin as an Pro 12 níor cháiligh do na babhtaí ceathrú ceannais;  ag bun an tábla a chríochnaigh an dá fhoireann a bhí i nGrúpa 3 an chomórtais (Glasgow Warriors agus Scarlets); ba amhlaidh cás i nGrúpa 4 (Cúige Mumhan agus Treviso) agus ar bhun Grúpa 5 a chríochnaigh Cúige Laighean. Go deimhin níor bhailigh siadsan, Treviso agus Scarlets eatarthu ach ocht bpointe sraithe – níos mó ná sin astu féin ag gach cumann eile a bhí sa gcomórtas ach amháin Oyonnax (7) agus Toulouse (5), ar thit an tóin go hiomlán astu.

D’fhoirne na hÉireann is iad Cúige Uladh amháin a bhfuil aon rud le maíomh acu. Bhíodarsan i bhfoisceacht pointe sraithe amháin d’áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais, bhuaigh siad ceithre huaire ar fhoirne as Sasana agus as an bhFrainc agus is iad Saracens a bhuaigh orthu sa dá chluiche a chailleadar – an fhoireann ab fhearr sna réamhbhabhtaí gan aimhreas agus an t-aon fhoireann nár chaill aon chluiche. Easpa pointí bónais a chriog na hUltaigh. Ní raibh acu ar fad ach péire acu.

Is beag sólás atá le baint ag Cúige Laighean ná ag Cúige Mumhan as a gcuid imeartha. Ba léir céard a bhí i ndán d’fhoireann Leo Cullen agus gan imeartha acu ach dhá chluiche – greadadh 33-6 a fuair siad ó Wasps sa mbaile agus cliseadh 19-16 in aghaidh Bath sa Reck. Bhí a sop séidte faoin am ar thuilleadar an t-aon bhua a fuair siad – in aghaidh na foirne chéanna san RDS agus is fíorúdar imní dóibh an greadadh 51-10 a fuair siad ó Wasps an tseachtain seo caite.

Ba ar Treviso a fuair Cúige Mumhan an bua i bpéire de na trí chluiche a bhuaigh siadsan (ar Stade Francais a bhuaigh siad sa gceann eile), ach is mór atá eatarthu anois agus an t-am a mbíodh creatha fuachta ar mhórfhoirne na hEorpa agus iad ag rith amach ar Pháirc Thuathmhumhain.

Is mór i gceist na staitisticí agus na figiúirí ag lucht spóirt na linne seo. Ar lucht an PRO 12 a bheidh na creatha fuachta anois agus iad ag déanamh staidéir ar Chorn na gCuradh 2015-16.

34 uair a d’imir foirne as an Pro 12 in aghaidh fhoirne an Premiership nó an Top 14 ansiúd. Níor bhuaigh siad ach deich gcinn acu sin. Cúige Uladh agus Ospreys a thiomsaigh seacht gcinn acu sin eatarthu, níor bhuaigh Treviso ná Scarlets oiread agus ceann amháin agus bhí Cúige Mumhan, Cúige Laighean agus Glaschú taobh le bua an taobh.

Faoin am a raibh na réamhbhabhtaí i gCorn na gCuradh críochnaithe tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite bhí 291 pointe sraithe bailithe eatarthu ag na foirne a bhí páirteach, 71 ag seacht bhfoireann an PRO 12 agus 220 ag na trí fhoireann déag as an Premiership/Top 14. Téigh i mbun na suimeanna agus is ionann sin agus meán 10 bpointe d’fhoirne na dtíortha Ceilteacha agus beagnach meán 17 pointe do na Gaill/Francaigh.

Bhí réamhrá an scéil seo fógraithe go maith ar ndóigh anuraidh agus an bhliain roimhe nuair a bhí an díospóireacht ar bun faoi athruithe a chur ar leagan amach Chomórtais Choirn na gCuradh. Is beag rogha a bhí ag eagrais na tíre seo, na hAlban, na Breataine Bige agus na hIodáile ach glacadh leo nuair a luigh úinéirí na gclubanna i Sasana agus sa bhFrainc isteach ar an obair agus nuair a bhagair siad cásanna cúirte agus baghcat muna bhfaigheadh siad cead a gcinn.

Níl na hathruithe ag cuidiú mar sin le cás fhoirne PRO 12, ach le fírinne ní hiad is mó is cúis lena dtaispeántais mheata. Cúrsaí airgeadais an bhunfhadhb. Céard eile? Tá na stáisiúin nua theilifíse a bhíonn ag plé le spórt tar éis suimeanna ollmhóra airgid a thabhairt don Top 14 agus don Premiership as a gcuid cluichí a chraoladh, agus dá réir sin, tá buiséid i bhfad níos mó ag clubanna na gcomórtas sin agus iad ag earcú imreoirí. Tuairim €12 milliún an séasúr atá i gceist leis an PRO 12. I gcomparáid leis sin, shínigh IN Sports na Fraince conradh €70 milliún sa mbliain leis an Top 14 agus BT Sport sa mBreatain conradh €40 sa mbliain leis an Premiership. Tá sparáin a gclubanna siúd méadaithe as cuimse freisin i gcásanna go leor de bharr iad a bheith faoi úinéireacht milliúnaithe agus billiúnaithe.

Foireann rugbaí Chonnacht amháin mar sin a choinneoidh bratach na hÉireann ar foluain i gcomórtais na hEorpa san athbhliain – éacht ann féin nuair a chuireann tú san áireamh go bhfaigheann foirne eile na tíre a thrí oiread airgid ón IRFU.

Na seachtainí amach romhainn agus Craobh na Sé Náisiún a inseoidh cén tionchar a bheidh aige seo ar fad ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann. Bhí aon nduine dhéag den bhuíon imreoirí atá curtha le chéile ag Joe Schmidt don chomórtas sin ar an bpáirc ag Cúige Laighean nuair a thug Wasps an greadadh 51-10 sin dóibh cosamar seachtaine ó shin.

I 1997-98 an uair dheireanach nár bhain aon fhoireann Éireannach babhtaí deireadh Choirn na hEorpa amach. An uair údaí níor bhuaigh Éire oiread agus cluiche amháin sa gCraobh, rud nach bhfuil tarlaithe ó shin.

Faoi Fhéile Pádraig seo ag teacht, beidh a fhios againn an mbeidh cúrsa na staire tagtha timpeall arís. Le cúnamh Dé, ní bheidh.

Fág freagra ar 'Foirne an PRO 12 faoi chois ag na Sasanaigh san Eoraip, ach cén fáth?'