Foirne Gaeltachta ag prapáil do chluichí ceathrú ceannais

Tá Naomh Conaill, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martra i measc na bhfoirne a chinntigh áit i mbabhtaí ceathrú ceannais a gcraobhacha ag an deireadh seachtaine

Foirne Gaeltachta ag prapáil do chluichí ceathrú ceannais

Dún na nGall

Tá a fhios againn anois na foirne a bheidh ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais na Chraobh Shinsir Dhún na nGall agus an ceathrú babhta cluichí grúpa imeartha.

Chríochnaigh seaimpíní 2021, Naomh Adhamhnáin, ag barr an ghrúpa agus beifear ag imirt in aghaidh fhir Dhún Fionnachaidh, Naomh Micheál, sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá Naomh Conaill, a chaill cluiche ceannais na bliana seo caite, tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais i mbliana tar éis dóibh Gaoth Dobhair a shárú Dé Domhnaigh, 1-14 in aghaidh 1-9. Imreoidh Naomh Conaill in aghaidh Ghleann tSúilí sa chéad bhabhta eile. Ní dhearna sé mórán dochar do Ghaoth Dobhair gur chaill siad, áfach, mar bhí áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin. Is le hAodh Ruadh as Béal Átha Seanaidh a bheidh Gaoth Dobhair.

Bhí Cill Charthaigh tríd go dtí an chéad bhabhta eile freisin roimh a gcluiche in aghaidh Réalt na Mara. Mar sin féin, bhuaigh fir Bhaile an Droichid a gceathrú cluiche as a chéile Dé Domhnaigh nuair a sháraigh siad an fhoireann as Bun Dobhráin, 2-15 in aghaidh 3-11. Imreoidh Cill Charthaigh in aghaidh na gCealla Beaga sa chéad bhabhta eile tar éis dóibhsean an ceann is fearr a fháil ar Chloich Cheann Fhaola, 3-12 in aghaidh 0-12.

Tá Cloich Cheann Fhaola slán ó na babhtaí dícháilithe, áfach, agus iad ag críochnú sa 12ú háit a bhuíochas den chomhscór a bhí acu sa chéad bhabhta in aghaidh na gCeithre Máistrí. Chríochnaigh Ard an Rátha, Naomh Náille, Réalt na Mara agus Baile na nGallóglach gan pointe ar bith acu. Beidh Ard an Rátha le Naomh Náille agus Réalt na Mara le Baile na nGallóglach sna babhtaí dícháilithe.

Corcaigh

Tá seaimpíní Chomórtas Peile na Gaeltachta, Béal Átha an Ghaorthaidh, tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais sa Chraobh Shinsir A i gCorcaigh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhroichead na Bandan ag an deireadh seachtaine. Bhí cic saor in am cúitimh ó Ben Seartan ag teastáil uathu chun an cluiche a bhuachan. 1-13 in aghaidh 1-12. Ní gan saothar a chuir fir Mhúscraí Droichead na Bandan de dhroim seoil mar sin cé go raibh siad cúig phointe chun tosaigh gan ach ceathrú uaire fágtha. Tháinig siad slán faoi dheireadh agus cluiche ceathrú ceannais in aghaidh Chnoc na Graí atá rompu.

Dúshláin éagsúla atá roimh na foirne as Múscraí atá sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach. Bhain Cill na Martra áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh Naomh Uinsionn a chloí, 2-12 in aghaidh 1-5. Scóráil Micheál Ó Deasúna an dá chúl do Chill na Marta agus 2-5 ar fad a fuair an tosach. Tá Áth Fhada anois ag fanacht orthu sna babhtaí ceathrú ceannais. Imreoidh buaiteoirí an chluiche sin in aghaidh Cheann Toirc sna babhtaí leathcheannais.

Is ag dul an treo eile atá fir Bhaile Bhuirne, Naomh Abán, áfach. Buaileadh Naomh Abán go trom sa dá chluiche roimhe seo agus bhí droch-chuma ar chúrsaí ag leath ama ag an deireadh seachtaine, nuair a bhí Séipéal na Carraige 1-8 in aghaidh 0-2 chun tosaigh. Tháinig Naomh Abán ar ais beagáinín sa dara leath ach chaill siad an cluiche mar sin féin, 1-11 in aghaidh 0-7. Is in aghaidh Naomh Uinsionn anois a bheidh siad i gcluiche dícháilithe.

Gaillimh

Tá iománaithe Mhaigh Cuilinn ag dul ó neart go neart i nGrúpa 1 den Chraobh Shinsir B i nGaillimh agus a dtríú cluiche as a chéile buaite acu ag an deireadh seachtaine. Cé gur anuraidh a d’éirigh leo ardú céime a fháil ón ngrád idirmheánach, beidh Maigh Cuilinn anois sa tóir ar áit sa phríomhghrád tar éis dóibh Tíne-An Mhainistir-Dún Doighre a bhualadh ag an deireadh seachtaine, 1-20 in aghaidh 2-14.

Tá An Spidéal ag streachailt sa ghrád idirmheánach, áfach, agus a dtríú cluiche as a chéile caillte ag fir Chois Fharraige tar éis do Bhaile an Doirín iad a shárú, 2-18 in aghaidh 1-13.

Beidh An Spidéal anois leis an gCaisleán Gearr i gcluiche ceannais dícháilithe.

Maigh Eo

Cuireadh tús le craobhacha peile Mhaigh Eo faoi dheireadh an deireadh seachtaine seo caite agus bhí bua tábhachtach ag Béal an Mhuirthead sa chéad bhabhta den Chraobh Shinsir. Ní raibh fear Mhaigh Eo Ryan O’Donoghue in ann imirt sa chluiche do Bhéal an Mhuirthead, a bhain cluiche ceannais na bliana seo caite amach, agus ba é Ronan Murray laoch na foirne agus 3-3 faighte aige chun a chinntiú go bhfaighfí an ceann is fearr ar Bhalla le haon phointe amháin, 3-8 in aghaidh 2-10.

Sa Chraobh Idirmheánach, níor chuir Cill tSeádhna tús maith lena bhfeachtas agus iad ag iarraidh filleadh ar an gCraobh Shinsir ónar dícháilíodh anuraidh iad. Bhí fir iarthuaisceart Mhaigh Eo in aghaidh Bhuiríos Umhaill a bhuaigh an cluiche, 2-13 in aghaidh 1-8.

An Mhí

Chríochaigh curaidh 2021 Bhulf Tón ar bharr Ghrúpa A i gCraobh Shinsir Peile na Mí agus bua cuimsitheach acu ar Bhaile an tSeanascail, 4-9 in aghaidh 0-8. Scóráil Thomas O’Reilly 1-5 do Bhulf Tón sa chluiche a bhuaigh a gceathrú chluiche as a chéile.

Caolán Ward, Saran Ó Fionnagáin agus Adam O’Neill a d’aimsigh na cúil eile do Bhulf Tón atá tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta ag prapáil do chluichí ceathrú ceannais'