An tAire Stáit (An Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin): Ba mhaith liom a rá ar dtús báire go raibh an tAire Stáit le freagracht as an nGaeltacht agus acmhainní nádúrtha, an Teachta Joe Mc Hugh, in ainm a bheith anseo chun an díospóireacht seo a thógáil ach gheall sé le Conradh na Gaeilge go raibh sé chun an lá ar fad a chaitheamh ag labhairt as Gaeilge toisc gurb é seo lá na Gaeilge agus mar gheall air sin, táimse anseo ina áit. Ba mhaith liom leanacht ar aghaidh ach ba mhaith liom a rá go mb’fhéidir go mba cheart dúinn comhghairdeachas a dhéanamh leis an Aire Stáit faoin dúshlán sin a thógáil chomh dáiríre sin nach raibh sé sásta an óráid seo a léamh amach, fiú, i mBéarla sa Seanad.” (Seanad Éireann, Dé Máirt, 12 Samhain, 2014)
Sa deireadh thiar thall, tá foirmle aimsithe ag an rialtas leis an nGaeilge a neartú go mór sa tír seo agus leis an roilleachas cainte a bhíonn ar bun ag Airí agus ag Airí Stáit sa Dáil agus sa Seanad a laghdú.
Uair ar bith a mbeidh Aire faoi bhrú feasta, agus a n-iarrfar air a theacht isteach sa Dáil nó sa Seanad lena chás a chosaint, ní gá dó ach an cleas a rinne Joe Mc Hugh sa Seanad Dé Máirt seo caite a tharraingt chuige féin.
Déarfaidh sé go raibh sé ag caint le Conradh na Gaeilge an oíche roimh ré agus go ndearna sé socrú sollúnta leo Gaeilge ar fad a labhairt ar feadh an lae dár gcionn.
Dá bhrí sin, beidh air fanacht glan ar Thithe an Oireachtais agus duine eicínt eile a chur isteach ina áit.
Má deirtear leis go bhféadfadh sé Gaeilge an Chonartha a labhairt sa Seanad freisin, ní bheidh air ach a rá go bhfuil sé ag iarraidh a bheith “inclusive” agus nár cheart Gaeilge a bhrú ar na hionadaithe eile nach bhfuil acu ach Béarla.
Tar éis an tsaoil, nach bhfuil na hóglaigh a d’éirigh amach in aghaidh Impireacht Shasana á gcur ar comhchéim anois leis na hÉireannaigh a throid ar son na hImpireachta céanna sa gCéad Chogadh Mór. Cruthú é sin go bhfuil muid “inclusive” go hoifigiúil.
Agus ar ndóigh, níl duine ar bith níos “inclusive” ná Aire na Gaeltachta í féin, Heather Humphreys.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Tá an seoinnínteacht go smíor san Rialtas seo, ag chur éirí amach na Cásca ar chomhchéim le cogaí na hImpíreachta agus ag sodar i ndiaidh na nUaisle le pictiúirí den Bhanríon agus na tagairtí do na comhlachtaí ilnáisiúnta Meiricánacha nách níochann a gcuid cánacha agus nách gceadaíonn aon bhaill dá noibrithe bheith ina bhall de cheardchumann.
John Prendergast
Truflais… ní chuireann sé ionadh orm gur ghlacadh leis an argóint lag san istigh i nDáil dall. Bhí sé de cheart ag McHugh teacht isteach agus an óráid a thabhairt as Gaeilge, gan ghéilleadh don Bhéarla. Is í sin an chúis go bhfuil sé ina Aire Stáit – chun ionadaíocht a dhéanamh ar na hábhair atá idir láimhe aige. Conas gur féidir leis post mar sin a chur i gcrích muna bhfuil sé sástsa freastal ar a ionad oibre?
Is teanga cumarsáide í an Ghaeilge. Fiú muna bhfuil Béarla ag gach polaiteoir, ba chóir go mbeidh an tseirbhís aistriúchán maith go leor chun gach éinne a chur ar an eolas ag an am chéanna.
Tír gan chiall, tír trína chéile.