Foireann Údarás na Gaeltachta le méadú den chéad uair le breis is deich mbliana 

93 duine a bheidh fostaithe san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga ach a mbeidh na folúntais líonta

Foireann Údarás na Gaeltachta le méadú den chéad uair le breis is deich mbliana 

Tá méadú le teacht ar fhoireann bhuan Údarás na Gaeltachta den chéad uair le breis is deich mbliana anuas agus sé phost nua fógartha san eagraíocht. 

Tá na sé phost buan fógartha i réimsí an airgeadais agus an riaracháin. Poist ag leibhéal Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus Oifigigh Feidhmiúcháin iad seo. 93 duine a bheidh fostaithe san eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga ach a mbeidh na folúntais seo líonta.

Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, gur deis atá anseo “roinnt den ghearradh siar a rinneadh sna blianta siar a chur ina cheart agus níos mó tograí a chur i gcrích thar ceann phobal na Gaeltachta”.

Tá folúntais fógartha d’Oifigeach Soláthair Phoiblí agus Íocaíochta, do Chuntasóir Cúnta, d’Oifigeach Íocaíochtaí Deontas, d’Oifigeach Seirbhísí Corparáideacha, do Bhainisteoir Tograí agus Sláinte agus Sábháilteachta agus do Shuirbhéir Cainníochta.

Ceithre bhall foirne sa bhreis a bheidh ar fhoireann bhuan Údarás na Gaeltachta de bharr an fheachtais earcaíochta seo. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, gur “scéal iontach” a bhí san fhógra seo don eagraíocht agus do mhuintir na Gaeltachta

“Cabhróidh an méadú seo ar an líon foirne linn ár straitéis nua, atá le seoladh go gairid, a fheidhmiú,” arsa Ó hÉanaigh.

Dúirt Ó hÉanaigh go gcuideoidh na hacmhainní breise seo leis an Údarás “an taoide a chasadh agus díriú ar na dúshláin atá ann seirbhísí cuí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta”. 

Fág freagra ar 'Foireann Údarás na Gaeltachta le méadú den chéad uair le breis is deich mbliana '

  • Donncha

    An mbeidh scrúdú Gaeilge mar chuid den phróiseas earcaíochta?

  • Brid

    An mbeidh Gaeilge líofa ag na daoine a fhaigheann na poist seo?