Foireann Údarás na Gaeltachta i measc na bhfoirne is sine ar an meán san earnáil phoiblí

Tá foireann Údarás na Gaeltachta 50 bliain d’aois ar an meán, de réir figiúirí nua. Is cúis imní le tamall an mheánaois ag foireann Údarás na Gaeltachta toisc go gcaitear sciar réasúnta mór d’airgead na heagraíochta a chur ar leataobh chun pinsin a íoc

udaras_051-1024x681

Tá meánaois na foirne atá ag Údarás na Gaeltachta ar an meánaois is airde i measc na gcomhlachtaí uile atá faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá foireann an Údaráis i measc na foirne ‘is sine’ san earnáil phoiblí.

50 bliain d’aois is ea meánaois na foirne atá fostaithe ag Údarás na Gaeltachta agus í ar comhchéim le meánaois na foirne atá ag Uiscebhealaí Éireann. 43 is ea meánaois Fhoras na Gaeilge agus 47 is ea meánaois na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta féin.

Tá 14 comhlacht stáit déag faoi scáth na Roinne agus is í an mheánaois d’fhostaithe na gcomhlachtaí sin ná 48 bliain. Tá foireann an 12 chomhlacht eile a thagann faoi scáth na Roinne níos óige, ar an meán, ná foireann an Údaráis.

D’eascair an t-eolas seo as sraith ceisteanna a chuir an Teachta Dála Seán Fleming (FF) ar na hAirí Rialtais ar fad faoi mheánaois na foirne ina Ranna féin agus sna comhlachtaí atá faoi scáth na Rann sin.

Níor chuir gach Roinn rialtais an t-eolas a d’iarr an Teachta Fleming díobh ar fáil ach bunaithe ar an eolas a cuireadh ar fáil, ní raibh ach trí chomhlacht eile stáit sa tír a bhfuil meánaois na foirne ann níos airde ná foireann an Údaráis.

Tá foireann Faisnéise do Shaoránaigh, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta 51, 51 agus 50 bliain d’aois ar an meán, faoi seach.

Is cúis imní le tamall anuas an mheánaois atá ag foireann Údarás na Gaeltachta toisc go gciallaíonn sé go gcaitear sciar réasúnta mór d’airgead na heagraíochta a chur ar leataobh chun pinsin a íoc.

I 2014 cheadaigh Roinn na Gaeltachta €8.8m d’Údarás na Gaeltachta chun a bhille pá agus pinsin a íoc, ach fós bhí ar an eagraíocht féin €1.1m a íoc chun a chostaisí sa réimse seo a ghlanadh.

San aighneacht réamhbhuiséid a chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi bhráid an Rialtais anuraidh tugadh le fios go raibh an tÚdarás i ngreim an dá bhruach de dheasca fadhbanna maoinithe agus costaisí arda pá agus pinsin.

Dúradh san aighneacht go raibh an tÚdarás fágtha i “perilous position” ag na ciorruithe atá déanta air le blianta beaga anuas.

Maíodh gur in olcas a rachaidh an scéal don Údarás sna blianta amach romhainn mar gur i méid a rachaidh a bhille pá agus pinsin.

“Given the age profile of Údarás staff and the general thrust of Government policy towards staff numbers and reductions the volume of pensions and lump-sums to be covered from within this provision will increase considerably in the coming years,” a dúradh in aighneacht réamhbhuiséid na Roinne Gaeltachta anuraidh.

Fág freagra ar 'Foireann Údarás na Gaeltachta i measc na bhfoirne is sine ar an meán san earnáil phoiblí'