Foireann tumadóireachta réidh le dul ag obair ar chábla leictreachais Oileáin Árann

Measann an BSL go dtógfaidh sé suas le coicís an obair dheisiúcháin a chur i gcrích ar chábla fabhtach fothoinn

Foireann tumadóireachta réidh le dul ag obair ar chábla leictreachais Oileáin Árann

Bhí súil ag an mBord Soláthair Leictreachais inné le trealamh deisiúcháin a chur in áit  chun caoi a chur ar chábla fabhtach fothoinn idir Árainn agus Inis Meáin, a d’fhág na hoileáin gan aon chumhacht an mhí seo caite.

Mar chuid den obair dheisiúcháin socrófar báirse os cionn láthair an fhabht ar an gcábla, tuairim is dhá chiliméadar amach ó chósta Árann.

Tá an fhoireann tumadóireachta, a bhfuil oiliúint speisialta orthu le dul i ngleic le fadhbanna fothoinn ar an láthair anois agus iad réidh le tús a chur leis an obair. Measann an BSL go dtógfaidh sé suas le coicís an obair dheisiúcháin a chur i gcrích.

Chaith oibrithe de chuid Ghréasáin BSL roinnt seachtainí i mbun na réamhoibre ar an láthair lena chinntiú go mbeadh sé sábháilte tabhairt faoin obair.

Is ar ghrinneall na mara a dhéanfar an obair sin. Tá an cábla clúdaithe faoi láthair ag cúpla ceintiméadar gainimh.

Is iondúil go dtarraingítear cábla fabhtach aníos ó ghrinneall na mara lena dheisiú ach sa chás seo beidh na tumadóirí ag obair faoin bhfarraige.

Maítear gur lú i bhfad an costas agus an t-am a bhíonn i gceist le deisiú cábla fothoinn leis an gcur chuige nua seo a d’úsáid an BSL uair amháin cheana le cábla i Sruth na Maoile a dheisiú.

Tharla an fabht ar an gcábla fothoinn in Árainn ar an 5 Lúnasa. Bhí na trí hoileán gan chumhacht ar feadh tamaill ach d’éirigh leis an BSl an chumhacht a thabhairt ar ais go hÁrainn go luath an lá sin. Bhí Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht ar feadh roinnt laethanta.

Fág freagra ar 'Foireann tumadóireachta réidh le dul ag obair ar chábla leictreachais Oileáin Árann'