Foireann nua ag an DUP, ach an é an seanscéal céanna a bheidh acu?

Níor léir go fóill go raibh údar ar bith eile leis an coup sa DUP ach faicsean amháin a chniogadh agus ceann eile a chur ina áit

Foireann nua ag an DUP, ach an é an seanscéal céanna a bheidh acu?

Níorbh é a bhí i gceist ach ba mhór an spórt í an ghalamaisíocht a bhain le fógairt na foirne a fuair beannacht Edwin Poots, ceannaire an DUP. Síos agus suas an staighre mór in Stormont leis ceithre huaire i gcaitheamh leathuaire chun a rá leis na meáin cérbh iad na daoine a bhí roghnaithe aige le haghaidh postanna ar choistí agus le bheith ina nAirí sa bhFeidhmeannas nuair a dhearbhófar iad.

Cóiréagrafaíocht mar iarracht chun dea-phoiblíocht a tharraingt tar éis seachtainí de cháineadh agus drochscéalta ach bhí an cleas fíor-aisteach agus b’údar mór fonóide é.

An mbeidh Poots agus a dheisceabail níos ádhúla as seo amach? Is cinnte go mbeidh smut den ádh riachtanach chun cuma na maitheasa a chur ar a gceannairc.

Níor léir go fóill go raibh údar ar bith eile leis an coup ach faicsean amháin a chniogadh agus ceann eile a chur ina áit, campa Arlene a bhriseadh agus ardú céime a thabhairt do champa bunchreidmheach Edwin Poots.

Má tá a mhalairt fíor níor mhór é a insint dúinn amárach agus polasaithe an réimis nua a shoiléiriú. Bhí an DUP i gcoinne an Phrótacail iarBhreatimeachta, tiomanta don Ríocht Aontaithe agus ag ceistiú srianta na paindéime Covid-19 roimh an éirí amach. Níl tada ráite faoi chúrsa difriúil go fóill, easnamh suntasach a fhágann blas an éagumais ar an togra.

De réir rialacha Stormont, beidh deireadh le téarma Michelle O’Neill mar LeasChéad-Aire nuair a éireoidh Arlene Foster as an gcéad-aireacht amárach. Beidh seachtain ag an DUP agus Sinn Féin ansin chun an bealach chun cinn a aontú sula gcaithfear Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a ainmniú go hoifigiúil.

Ní gá o dtógfadh sé seachtain nó b’fhéidir go dtógfadh sé achar níos faide – géarchéim eile. Ní léir agus an t-alt seo á scríobh cén staid ag a bhfuil an mhargáil idir an dá pháirtí cé go raibh comhráite idir Mary Lou McDonald agus Edwin Poots, gach dream ag rá gur theastaigh seasmhacht uathu agus nach raibh an phaindéim ceansaithe fós.

Tá seisiún le haghaidh ráitis speisialta beartaithe san Tionól amárach agus rún ag Edwin Poots labhairt ansin. Beidh deis aige ainmneacha a chuid airí a chur faoi bhráid an Tionóil. Is iad sin: Paul Givan – Céad-Aire, Paul Frew-Eacnamaíocht, Michelle McIlveen-Oideachas agus Gary Middleton – aire sóisearach: tá Poots chun fanacht san Roinn Talmhaíochta. Beidh deis aige sa Tionól freisin cloí leis na deasghnátha agus Arlene Foster a mholadh; chífimid an ndéanfaidh sé sin. Ní dhearna sé iarracht ar bith go dtí seo lámh an athmhuintearais a shíneadh chuici ná chuig daoine eile atá míshásta lena cheannaireacht.

Déanfaidh Arlene Foster ráiteas pearsanta san Tionól in Stormont amárach, í ag fágáil slán lena ról mar Chéad-Aire. Cuirfear suim mhór ina cuid cainte. An inseoidh sí a plean don chéad chéim eile? An nochtfaidh sí fearg faoin mbealach brúidiúil a cuireadh dá bonn í mar cheannaire an DUP agus mar Chéad-Aire? An scaoilfidh sí a racht go caolchúiseach nó go hoscailte? An leagfaidh sí a méar ar an gceist atá ag gach éinne – cén difríocht a bheidh idir polasaithe agus cur chuige campa Poots agus leagan amach na foirne s’aicise atá ruaigthe? Beidh saoirse cainte aici feasta nach raibh aici riamh mar Chéad-Aire is í ag faire thar a gualainn ar an gcúigiú colún ina raibh Edwin Poots agus Ian Paisley, i measc daoine eile.

Tá a fhios ag an saol go ndearna sí botúin mar Chéad-Aire agus roimhe sin nuair a bhunaigh sí an RHI, an phraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite. Mar cheannaire an DUP bhí sí caithréimeach i dtoghchán Tionóil amháin agus in olltoghchán Westminster in 2017 ach is faoina stiúir a chaill aontachtaithe an móramh in Stormont agus a chuir an páirtí a thionchar in Westminster amú i dtaca leis an mBreatimeacht.

An gcruthóidh a beirt chomharbaí níos fearr? Is beag dá chosúlacht ar cheannaire an pháirtí, Edwin Poots go dtí seo; mí na nimhe agus ní mí na meala a bhí aige, ionadaithe imithe as an bpáirtí agus a thuilleadh ag déanamh a machnaimh. Is é Paul Givan, má éiríonn leis an dearbhú a fháil (ó Shinn Féin) don Chéad-Aireacht, an comharba eile. Ní dea-theist air an taghd gangaide faoi ndear cealú an deontais Líofa in 2016 le linn na leathbhliana a bhí sé ina Aire Pobail; sin a bhfuil de thaithí aireachta aige, agus gan é ach 39 bliain d’aois.

Cad atá ar eolas faoina chumas don bpríomhphost comhroinnte, ról a éileoidh comhoibriú go seasta le Michelle O’Neill Sinn Féin mar LeasChéad-Aire? An mbeidh Givan in inmhe feidhmiú ar mhaithe le gach aicme den phobal, go neamhsheicteach neamhchlaonta? Agus an mbeidh an neamhspleáchas aige chun gníomhú as a stuaim féin ó bheidh Edwin Poots mar bhall níos sóisearaí den Chomhaireacht ach smacht aige air mar cheannaire an pháirtí? Cor nua ar fad sa bhFeidhmeannas is ea an stádas bunoscionn sin, nuaíocht a chothaíonn go leor míshuaimhnis i bpáirtithe eile.

Ceithre seachtaine ó toghadh Edwin Poots, ar éigean, mar cheannaire nua an DUP níl fáth nó fís cloiste uaidh.

Níl de dhifear feicthe againn ach athrú na bpearsan.

Fág freagra ar 'Foireann nua ag an DUP, ach an é an seanscéal céanna a bheidh acu?'