Foireann na hÉireann ainmnithe agus dhá athrú déanta ag Joe Schmidt

Tá Donncha Ryan tagtha isteach sa dara líne in áit Iain Henderson agus imreoidh Cian Healy in áit Jack McGrath sa líne thosaigh do chluiche an tSathairn sa Róimh

Foireann na hÉireann ainmnithe agus dhá athrú déanta ag Joe Schmidt

Ultan Dillane agus Donncha Ryan. INPHO/Dan Sheridan

Tá dhá athrú déanta ag Joe Schmidt ar fhoireann rugbaí na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an Iodáil sa Róimh Dé Sathairn.

Tá Donncha Ryan tagtha isteach sa dara líne in áit Iain Henderson agus imreoidh Cian Healy in áit Jack McGrath sa líne thosaigh.

Cé gur chaill foireann na hÉireann in aghaidh na hAlban an tseachtain seo caite, ní rabhthas ag súil go ndéanfadh Schmidt an oiread sin athruithe agus sin mar a tharla.

Chaill Ryan amach ar chluiche an deireadh seachtaine seo caite mar go raibh gortú rúitín ag cur as dó ach tá sé tagtha chuige féin ó shin agus ghlac sé páirt i dtraenáil na seachtaine seo. Beidh Schmidt ag súil go n-éireoidh le fear Chúige Mumhan síneadh amach na hÉireann a neartú ó tharla go ndearna siad praiseach de cheann nó dhó a bhí tábhachtach in aghaidh na nAlbanach.

Ní bheidh Iain Henderson i measc na n-ionadaithe do chluiche an tSathairn ach an oiread agus an tUltach gortaithe.

Caillfidh Jonathan Sexton, a bhí in easnamh an tseachtain seo caite, an cluiche seo freisin agus gortú colpa fós ag cur as dó.

Tá lucht bainistíochta na hÉireann dóchasach go mbeidh sé réidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhFrainc sa chéad bhabhta eile faoi cheann coicíse. Is amhlaidh an scéal le Peter O’Mahony.

Tá a áit ar an mbinse caillte freisin ag Tommy Bowe agus Craig Gilroy tagtha isteach i measc na n-ionadaithe.

Níl aon athruithe eile déanta ar an bhfoireann a chaill sa chéad bhabhta agus deis á tabhairt do go leor leorghníomh a dhéanamh.

Foireann na hÉireann:

R Kearney

K Earls

G Ringrose

R Henshaw

S Zebo

P Jackson

C Murray

C Healy

R Best

T Furlong

D Ryan

D Toner

CJ Stander

S O’Brien

J Heaslip

Ionadaithe:

N Scannell

J McGrath

J Ryan

U Dillane

J van der Flier

K Marmion

I Keatley

C Gilroy

Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ainmnithe agus dhá athrú déanta ag Joe Schmidt'