Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Schmidt don chluiche mór i bPáras

Imreoidh James Ryan a chéad chluiche d’Éirinn i gCraobh na Sé Náisiún, ach níl áit ar an mbinse féin ag Jordan Larmour

Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Schmidt don chluiche mór i bPáras

Tá foireann rugbaí na hÉireann a rachaidh chun páirce i bPáras an deireadh seachtaine seo ina gcéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún 2018 ainmnithe ag Joe Schmidt.

Imreoidh James Ryan ó Chúige Laighean sa chomórtas den chéad uair agus é roghnaithe ag Schmidt sa dara líne in aice le Iain Henderson. 

Níl Ryan ach bliain agus fiche d’aois ach is léir go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar lucht bainistíochta na hÉireann agus é ag imirt i gcluichí an fhómhair anuraidh agus le Cúige Laighean an séasúr seo. Tá sé roghnaithe in áit Devin Toner.

Tá an-chuid cainte déanta faoi Jordan Larmour le cúpla mí anuas agus an lánchúlaí óg ag imirt ar fheabhas do na Laighnigh, ach níl áit faighte i measc na n-ionadaithe féin aige. Rob Kearney a bheidh i ngeansaí 15 agus Joey Carbery agus Fergus McFadden a bheidh ar an mbinse.

Is iad Keith Earls agus Jacob Stockdale, fear eile a thapaigh a deis i gcluichí an fhómhair, a bheidh ar na cliatháin in aghaidh na Fraince.

Imreoidh Robbie Henshaw agus Bundee Aki taobh lena chéile lár páirce arís agus Johnny Sexton agus Conor Murray atá roghnaithe ag uimhir 10 agus 9.

Agus Seán O’Brien gortaithe, tosóidh Josh van der Flier ina áit sa líne chúil, taobh le Peter O’Mahony agus CJ Stander.

Níl aon athrú tagtha ar an líne thosaigh a d’imir i gcluiche deireanach na hÉireann nuair a bhí an bua acu in aghaidh na hAirgintíne, agus Cian Healy, Rory Best agus Tadhg Furlong roghnaithe arís ag Schmidt.

Foireann na hÉireann v An Fhrainc

15. Rob Kearney

14. Keith Earls

13. Robbie Henshaw

12. Bundee Aki

11. Jacob Stockdale

10. Johnny Sexton

9. Conor Murray

1. Cian Healy

2. Rory Best (captan)

3. Tadhg Furlong

4. James Ryan

5. Iain Henderson

6. Peter O’Mahony

7. Josh van der Flier

8. CJ Stander

Ionadaithe:

16. Sean Cronin

17. Jack McGrath

18. John Ryan

19. Devin Toner

20. Dan Leavy

21. Luke McGrath

22. Joey Carbery

23. Fergus McFadden

Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Schmidt don chluiche mór i bPáras'