Tá seachtar d’fhoireann Átha Cliath, a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann den cheathrú bliain as a chéile i mbliana, ainmnithe ar fhoireann na nAll-Star 2018– Jonny Cooper, James McCarthy, Brian Fenton, Brian Howard, Paul Mannion agus Ciarán Kilkenny.
Tá Áth Cliath anois sa dara háit maidir le líon na nAll-Stars atá acu agus 123 díobh buaite ag imreoirí an chontae sin, i gcomparáid le 141 ag Ciarraí.
Triúr as Muineachán, a bhain áit amach i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann i mbliana den chéad uair le breis is tríocha bliain, atá ar fhoireann na bliana seo – an cúl báire Rory Beggan, an leathchúlaí Karl O’Connell agus an tosaí Conor McManus, arb é seo a thríú gradam All-Star.
Beirt ó Thír Eoghain, a chaill cluiche ceannais na hÉireann, atá roghnaithe – Colm Cavanagh, atá roghnaithe, mar lánchúlaí agus Padraig Hampsey.
Ba é seo an chéad uair a raibh cead ag roghnóirí na foirne daoine a ainmniú ar áit eile ar an bhfoireann seachas an áit go bhfuair siad ainmniúchán lena haghaidh, rud a fhágann gur i measc na gcosantóirí atá an fear lár páirce Colm Cavanagh roghnaithe agus gur lár páirce atá Brian Howard seachas i measc na dtosaithe.
Duine amháin atá ag Ciarraí ar fhoireann na bliana seo, an réalta óg David Clifford, agus duine amháin freisin atá ag an nGaillimh, Ian Burke.
Fógrófar foireann All-Star na hiománaíochta ag ócáid i mBaile Átha Cliath istoíche amárach agus fógrófar beo ag an ócáid chéanna buaiteoirí na ngradam imreoir na bliana agus imreoir óg na bliana.
Foireann All-Star Peile PwC 2018
1.Rory Beggan (Muineachán)
2. Jonny Cooper (Áth Cliath)
3. Colm Cavanagh (Tír Eoghain).
4. Padraig Hampsey (Tír Eoghain)
5. Karl O’Connell (Muineachán)
6. James McCarthy (Áth Cliath)
7. Jack McCaffrey (Áth Cliath).
8. Brian Fenton (Áth Cliath)
9. Brian Howard (Áth Cliath)
10. Paul Mannion (Áth Cliath).
11. Ciaran Kilkenny (Áth Cliath).
12. Ryan McHugh (Dún na nGall).
13. David Clifford (Ciarraí)
14. Conor McManus (Muineachán)
15. Ian Burke (Gaillimh)
Fág freagra ar 'Foireann All-Stars Peile 2018 fógartha agus seachtar ag curaidh na hÉireann'