Foireann All-Stars Iomána 2019 fógartha agus seachtar ag curaidh na hÉireann

Gheobhaidh seachtar ó Thiobraid Árann, triúr ó Chill Chainnigh, agus imreoirí eile ó Luimneach, Loch Garman agus Corcaigh gradaim All-Stars PwC i mbliana

Foireann All-Stars Iomána 2019 fógartha agus seachtar ag curaidh na hÉireann

Noel McGrath, TJ Reid, Pádraic Maher, Patrick Horgan agus Séamus Callanan. Pictiúir: INPHO

Tá gradaim All-Stars PwC fógartha agus áit bainte amach ag seachtar ó Thiobraid Árann ar shárfhoireann 2019. Thug Tiobraid Árann leo Corn Mhic Cárthaigh mí Lúnasa nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh sa chluiche ceannais.

Tá a shéú gradam buaite ag leathchúlaí na foirne, Pádraic Maher. Níl an gaisce sin déanta ach ag beirt eile as Tiobraid Árann, Nicky English agus Eoin Kelly.

Tá deartháir Phádraic Maher, Ronan, roghnaithe ar fhoireann na bliana taobh leis. Seo é an dara gradam aige.

Tá éacht nach ndearnadh cheana déanta chomh maith ag cúl báire Thiobraid Árann, Brian Hogan. Bhuaigh athair Hogan, Ken, gradam All-Star agus é ag imirt sa chúl do Thiobraid Árann in 1987 agus is í seo an chéad uair go bhfuil gradaim iomána buaite ag athair agus ag mac don ionad céanna ar an bpáirc.

Is iad Cathal Barrett, Brendan Maher, Noel McGrath agus Séamus Callanan an ceathrar eile ar fhoireann Thiobraid Árann a bhfuil gradaim buaite acu i mbliana.

Roghnaíodh triúr ó fhoireann Chill Chainnigh a chaill cluiche ceannais na hÉireann, Pádraig Walsh, TJ Reid agus Colin Fennelly.

Thug Seán Finn as Luimneach agus Patrick Horgan as Corcaigh gradaim leo anuraidh agus tá siad roghnaithe ar shárfhoireann na bliana arís in 2019.

Tá comhghleacaí Sheáin Finn, Aaron Gillane, roghnaithe i measc na dtosaithe agus aitheantas tugtha do naoscaire Luimnigh, curaidh Chúige Mumhan.

Tá aitheantas tugtha chomh maith do bheirt a bhí ar fhoireann Loch Garman a bhuaigh Craobh Laighean, Diarmuid O’Keefe agus Lee Chin.

Tá Séamus Callanan, TJ Reid agus Patrick Horgan uile san iomaíocht do ghradam ‘Iománaí na Bliana’. Fógrófar buaiteoir an ghradaim sin agus ‘Iománaí Óg na Bliana’ ag an ócáid bhronnta oíche amárach.

Fógrófar gradaim na peile an oíche chéanna.


Foireann All-Stars Iomána PwC 2019

1.Brian Hogan (Tiobraid Árann)

2.Seán Finn (Luimneach)

3.Ronan Maher (Tiobraid Árann)

4.Cathal Barrett (Tiobraid Árann)

5.Brendan Maher (Tiobraid Árann)

6.Pádraig Walsh (Cill Chainnigh)

7.Pádraic Maher (Tiobraid Árann)

8.Noel McGrath (Tiobraid Árann)

9.Diarmuid O’Keeffe (Loch Garman)

10.Lee Chin (Loch Garman)

11.TJ Reid (Cill Chainnigh)

12.Colin Fennelly (Cill Chainnigh)

13.Aaron Gillane (Luimneach)

14.Séamus Callanan (Tiobraid Árann)

15.Patrick Horgan (Corcaigh)

Fág freagra ar 'Foireann All-Stars Iomána 2019 fógartha agus seachtar ag curaidh na hÉireann'