‘Foilsíodh plean nua an Rialtais ag am míthráthúil’

Deir airí rialtais go bhfuil gach seans ann go gcuirfear Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3 den phlean Living With Covid-19 roimh dheireadh na seachtaine

‘Foilsíodh plean nua an Rialtais ag am míthráthúil’

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, inniu gur foilsíodh plean nua an Rialtais don Covid-19 “ag am míthráthúil”.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, Dr Ronan Glynn, tráthnóna gur “díol trua” é gur foilsíodh an plean nua tráth a bhfuil “an bealach” a bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul ag athrú.

Tá cáineadh á dhéanamh ar an Rialtas ó foilsíodh an plean nua inné agus é curtha ina leith nach raibh Baile Átha Cliath anseo nó ansiúd sa chóras nua, é ag Leibhéal 2 amhail an chuid eile den tír ach srianta breise le cur i bhfeidhm ann.

Dúirt an Dr Glynn go raibh an chomhairle a bhí á cur ar mhuintir Bhaile Átha Cliath soiléir.

“Nílimid ag iarraidh ort a bheith ag meascadh le níos mó ná líon tí amháin eile. Go bunúsach, ní hé seo an t-am chun beáranna fliucha a oscailt i mBaile Átha Cliath agus chomh maith leis sin, más féidir, agus seo an nuance  …táimid ag iarraidh ar dhaoine gan taisteal lasmuigh do Bhaile Átha Cliath as seo go ceann cúpla seachtain más féidir,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Dúirt an Dr Glynn go rabhthas ag iarraidh go mbeadh cur chuige stuama caolchúiseach ann ó thaobh na mbeartas sláinte phoiblí agus go mbíonn “mearbhall” ar dhaoine dá bharr.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath go bhfuil “gach seans” ann go gcuirfear Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal 3 den phlean Living With Covid-19 roimh dheireadh na seachtaine.

Dá mbogfaí Baile Átha Cliath go dtí Leibhéal a Trí bheadh srianta taistil i gceist agus bheadh cosc iomlán ar theaghlaigh bualadh le chéile agus ar gach cineál ócáidí sóisialta agus teaghlaigh. Bheadh cosc ar chluichí agus imeachtaí spóirt seachas ag an leibhéal is airde.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe níos túisce inniu go raibh seans láidir ann go bhfógrófaí srianta níos déine do Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Dúirt Donohoe go raibh imní mhór ar an Rialtas faoin tslí a bhfuil an galar ag scaipeadh san ardchathair, go háirithe i measc na dteaghlach.

D’impigh sé ar dhaoine i mBaile Átha Cliath fanacht ann agus ar dhaoine lasmuigh den chathair gan dul ann.

Dúirt Donohoe go raibh seans láidir ann go bhfógrófaí tuilleadh srianta do Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Tá cruinniú amárach ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, mar a ndéanfar plé ar chás Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil an galar ag scaipeadh i bhfad níos tréine ná sa chuid eile den tír.

D’fhoilsigh an Rialtas inniu na srianta breise a fógraíodh inné.

Deirtear nár chóir go mbeadh níos mó ná seisear ó dhá theaghlach ag aon teacht le chéile  i mBaile Átha Cliath, bíodh sin taobh amuigh nó taobh istigh. Ba cheart do mhuintir Bhaile Átha Cliath srian a chur le turasanna lasmuigh den chontae agus má fhágann siad an contae níor cheart dóibh bualadh ach le teaghlach amháin eile.

Ní bheidh cead oscailte an tseachtain seo chugainn ag na tithe tábhairne san ardchathair nach bhfuil bia ar fáil iontu. Níl cead ach ag 100 duine freastal ar ócáidí spóirt agus eile  i mBaile Átha Cliath is cuma cé chomh mór is atá an t-ionad. Ba chóir d’institiúidí ardoideachais agus tríú leibhéal Bhaile Átha Cliath cuimhneamh ar bheartais chosanta bhreise a thabhairt isteach.

Dhein polaiteoirí ón bhfreasúra cáineadh sa Dáil inniu ar an “doiléire” a bhain le seoladh an phlean nua chun dul i ngleic leis an Covid-19 agus le teachtaireachtaí an Rialtais i dtaobh Bhaile Átha Cliath go háirithe.

Nuair a seoladh an plean inné, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly – a raibh toradh diúltach ar an tástáil a cuireadh air don ghalar inné – nach raibh aon cheist faoi ach go raibh cead ag daoine san ardchathair taisteal lasmuigh di.

Ach dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar ina dhiaidh sin go rabhthas ag moladh go láidir do dhaoine gan déanamh amhlaidh mura mbeadh sé riachtanach.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Alan Kelly gur “drochlá amach is amach don Rialtas a bhí sa lá innéach go gcaithfí dearmad a dhéanamh air sin agus “soiléireacht” a thabhairt don phobal.

Fág freagra ar '‘Foilsíodh plean nua an Rialtais ag am míthráthúil’'